Tá an stát seo in aimhréidh mar gheall ar pholasaithe lofa, ach is cuma linn

Is cosúil gur maith linn a bheith ag clamhsán faoin éagóir a fheiceann muid gach lá, faoina easpa dóchais a ghoilleann orainn, faoi scannal na dtralaithe, ach gan tada a dhéanamh le hathrú a chur i gcrích

Tá an stát seo in aimhréidh mar gheall ar pholasaithe lofa, ach is cuma linn

Ní fada uainn na toghcháin anois – toghcháin áitiúla ó thuaidh is ó dheas, agus toghcháin Eorpacha ó dheas agus, b’fhéidir, ó thuaidh má éiríonn leis na hEoraidhíograiseoirí moill a choinneáil ar an mBreatimeacht.

Ach cén difear a dhéanfaidh na toghcháin seo? An bhfuil rogha ar fáil maidir le polasaí nó straitéis nó an go bhfuil muid damnaithe agus nach bhfuil i ndán dúinn ach an phraiseach chéanna i gcónaí?

Ó dheas, mar shampla, tá muid ag caint le cúig bliana anuas faoi ghéarchéim tithíochta, faoin gcóras sláinte a bheith in aimhréidh agus faoi mhúinteoirí míshásta nach bhfuil an pá céanna á fháil acu go léir as an obair chéanna a dhéanamh.

Le cúig bliana anuas, tá muid ag caint faoin mbiseach atá tagtha ar an eacnamaíocht agus ar an dream mór nach bhfaca aon bhlas den bhiseach eacnamaíochta sin go fóill. (Sea, go fóill!)

Tá na fadhbanna céanna againn inniu is a bhí cúig bliana ó shin. Ach amháin, b’fhéidir go bhfuil an scéal imithe in olcas in ainneoin bhiseach na heacnamaíochta.

Cúrsaí tithíochta, ar dtús. Tá níos mó daoine gan dídean anois ná mar a bhí cúig bliana ó shin. Tá níos mó daoine ná riamh ag fáil tithe ar cíos ná riamh agus gan mórán seasmhachta ná cearta acu. An-chuid den aos óg tuigeann siad nach mbeidh sé ar a gcumas go deo teach dá gcuid féin a cheannach.

Idir a naoi n-oiread agus a thrí oiread déag an meántuarastal a chosnaíonn sé teach a cheannach i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Tá praghsanna tithe imithe in airde 92% ó 2012.

I dtíortha eile, an Ostair mar shampla, faigheann móramh an phobail – daoine ar thuarastal maith ina measc – a gcuid tithe ón stát, ó thithíocht shóisialta.

Anseo in Éirinn déantar a lán cainte faoina leithéid. Tá a fhios againn ar fad go gcaithfidh an stát na tithe a thógáil, a dhíol is a chur amach ar cíos, ach ní dhéantar tada. Níl aon leigheas againn ar an scéal toisc go bhfuil an rialtas meáite ar bheith ag brath ar an earnáil phríobháideach, ar lucht na sainte.

Agus céard faoi chúrsaí múinteoireachta? Le deireanas chuaigh an tAire Joe McHugh ar cuairt thar lear ag iarraidh múinteoirí as Éirinn atá fostaithe anois ar an gcoigríoch a mhealladh abhaile.

Bhí sé spéisiúil tuairimí múinteoirí dá leithéid a léamh san Irish Times. Bhí dhá fhadhb á lua acu arís is arís eile. Bhí doicheall ar dhaoine filleadh mar gheall ar an deacracht a bhainfeadh le teach cónaithe a fháil. Agus tá fearg ar a lán faoin deighilt i gcúrsaí pá a tugadh isteach ag tús na géarchéime is a dhéanann leatrom ar mhúinteoirí óga.

Agus thar aon rud eile, bhí na múinteoirí seo imníoch faoin gcóras atá againn a dhiúltaíonn postanna buana a thabhairt dóibh, deacracht a chinntíonn nach mbeidh an dream seo i dteideal morgáiste a fháil. Tá an iomarca múinteoirí sna seomraí ranga agus gan conarthaí buana ná lán-uaireanta acu. Tá cuid de na múinteoirí seo nach bhfuil ach leath na n-uaireanta oibre nó níos lú acu.

Níl aon rún acu filleadh abhaile chuige sin. Ach tá dul chun cinn na heacnamaíochta ag brath ar oideachas maith a bheith ar dhaoine óga, rud nach féidir a chur ar fáil mura bhfuil múinteoirí ann.

Cúrsaí láinte, ar deireadh. An bhfuil éinne ag éisteacht fós le scéalta an líon mór daoine a bhíonn ar thralaithe sna hospidéil? Cógais a shábhálfadh beatha? Nach bhfuil an iomad scéalta ann faoi ghrúpaí áitiúla ar fud na tíre ag teacht le chéile ag iarraidh airgead a bhailiú le costas cógas éigin a chlúdach?

Seo córas atá in aimhréidh: stát atá in aimhréidh. Ach an bhfuil leid ar bith ann go ndéanfadh an toghchán aon difear, go dtiocfaidh polasaithe nó straitéisí nua i bhfeidhm i ndiaidh na dtoghchán?

Tá an dá mhórpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, ag cur i gcéill dúinn go bhfuil ceann acu sa Rialtas agus ceann eile sa bhfreasúra. Ach tá a fhios  againne go bhfuil an dá dhream sa rialtas dáiríre, agus gurb í tacaíocht Fhianna Fáil a choinníonn Fine Gael i gcumhacht agus a chinntíonn go leantar leis na polasaithe tithíochta, sláinte is múinteoireachta nach bhfuil ag éirí leo.

Níos measa fós, léiríonn na pobalbhreitheanna gurb iad na páirtithe céanna a bheidh ar ais i dtús áite arís tar éis aon toghcháin eile.

Is cosúil gur maith linn a bheith ag clamhsán faoin éagóir a fheiceann muid gach lá, faoina easpa dóchais a ghoilleann orainn, faoi scannal na dtralaithe, ach gan tada a dhéanamh le hathrú a chur i gcrích.

Ó thuaidh níl aon tionól ann, ach nach cuma i bhfianaise mhí-éifeachtacht na Dála ó dheas?

Ag deireadh thiar níl cead clamhsáin ag éinne nach bhfuil sásta labhairt amach i gcoinne na bpolasaithe lofa atá ag teip orainn, nach bhfuil sásta an vóta atá acu a chaitheamh le hathrú a thabhairt isteach.

Nó an e go bhfuil sé níos éasca an milleán a chur ar an mBreatimeacht, ar oidhreacht an chogaidh ó thuaidh, ar theip an neamhspleáchais in Éirinn?

Fág freagra ar 'Tá an stát seo in aimhréidh mar gheall ar pholasaithe lofa, ach is cuma linn'

  • Pól Ó Braoin

    Aon seans ann a Eoin go mbeidh tú féin ag seasamh sa toghchán… tabharfaidh mé vóta duit agus don uasal Peter Casey in éineacht leat. Sách ráite agat ach mo léan cé atá fanta abhus a léafas an t-alt seo?

  • Seán Mac Bhriain

    A Uasail Uí Mhurchú, an bhféadfá le do thoil alt a scríobh lá eicínt a mholfas bealach chun cinn? B’fhéidir gur maith le daoine an síor-cháineadh. B’fhéidir gur maith le daoine eile a bheith ag tóraíocht deacrachtaí. Ach bhí uair ann (agus tá fós i measc iriseoirí a bhíonns ag scríobh i nGaeilge) nach é an ceannlíne cladaí (autocorrect = cleasaí) is cúram dóibh. Tá siad fós ann, iriseoirí Gaeilge nach bhfuil ag brath ar an “tablóideachas” agus a dhéanann taighde. Tá dhá thaobh ar chuile scéal, agus ní fáidh ná fealsamh a theastaíonn lena bhfeiceáil.