Tá an scéal tubaisteach go leor gan ligint do ghanntanas airgid an áit a scriosadh ar fad

Tá cúrsaí eacnamaíochta níos measa anois ná mar a bhí le linn na géarchéime eacnamaíochta deireanaí

Tá an scéal tubaisteach go leor gan ligint do ghanntanas airgid an áit a scriosadh ar fad

Bhí cúis mhaith ag an Taoiseach Micheál Martin tathant ar Phríomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, maoiniú breise a sholáthar do Stormont chun go gcuirfí a thuilleadh srianta i bhfeidhm le Covid-19 a cheansú. Ó tá an víreas forleathan sna ceantair cois teorann thuaidh agus theas tá práinn le beartais chomheagraithe ina aghaidh, a fhad agus is féidir, sa Phoblacht agus sa Tuaisceart. Is cosúil go bhfuil an dara maidhm den aicíd ag treisiú agus tá an brú chun buntáiste a bhaint as ár stádas mar oileán ag treisiú freisin. Bhí a fhios go maith ag an Taoiseach gur constaic í an bhail atá ar eacnamaíocht Thuaisceart Éireann fiú dá mbeadh aontas polaitiúil ann faoin gcur chuige.

Tá an Feidhmeannas ar a dhícheall ag iarraidh tacaíocht a mhealladh nó a shracadh as Whitehall mar go bhfuil fianaise dhosheachanta acu go dtitfidh an tóin as an eacnamaíocht má chuirtear na diansrianta atá riachtanach i bhfeidhm gan sciath chosanta. Tá sé ráite ag aire i ndiaidh aire nach bhfuil Stormont in acmhainn oibrithe a chur ar íocaíochtaí Covid-19 as a sparán féin. Má táthar chun gnólachtaí a dhruidim ach iad a choinneáil inmharthana agus slí bheatha na n-oibrithe a chosaint ní mór do rialtas na Breataine an t-airgead a sholáthar mar a rinneadh cheana.

Chaith Roinn Eacnamaíochta Stormont aon trian de bhilliún punt, £333,333,000, mar dheontais do ghnólachtaí nó mar dhíolúine ó rátaí gnó, a dúirt an tAire Diane Dodds. Ina theannta sin, dúirt sí go bhfuair timpeall 330,000 oibrí fóirdheontais pá faoi scéimeanna a bhunaigh an Seansailéir Rishi Sunak –deontais nach mbeadh d’acmhainn ag Stormont iad a íoc.

Cheadaigh an tAire Airgeadais, Conor Murphy, deontais do lucht gnó i nDoire agus ar an tSrath Bán. Cé gur cuireadh fáilte roimh an gcinneadh sin, dúirt lucht gnó nach raibh sna híocaíochtaí ach oiread na fríde agus nach gcoinneoidís an dé ina bhformhór.

Tá imní mhór abhus faoina bhfuil i ndán don eacnamaíocht ag deireadh na míosa seo. Déanfaidh Seansailéir an Státchiste athruithe tromchúiseacha ar na híocaíochtaí éigeandála agus measann an Feidhmeannas gur beag tairbhe a bheidh le baint ag muintir an Tuaiscirt as a scéimeanna nua. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin gcruatan a bheadh i ndán don tuaisceart d’uireasa maoinithe ó Whitehall tráth a bhfuil an víreas ag scaipeadh go rábach agus cúlú ollmhór tagtha ar an eacnamaíocht ó thús na paindéime.

D’fhoilsigh NISRA, áisíneacht taighde agus staidrimh Thuaisceart Éireann, a tuairisc ar an eacnamaíocht cúpla lá ó shin. Ní dea-scéal a bhí inti. Thit an táirgeacht beagnach 14% sa ráithe go deireadh an Mheithimh, an titim ba mhó ariamh, níos measa fiú ná an cúlú domhanda 2008-2013. 13.6% de chúlú a tharla i ráithe ach b’ionann sin agus titim 17.8% i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2019.

Ba é tionscal na tógála ba mheasa a buaileadh le titim 30%, thit an táirgeacht thionsclaíoch 14.9% agus an táirgeacht seirbhísí 17.7%.

Bhí cúlú 18% i ráithe amháin san earnáil phríobháideach ina hiomlán agus 23.3% a bhí i gceist don bhliain, buille an-trom fiú nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil geilleagar an Tuaiscirt ar leathmhaing agus é ag brath i bhfad an iomarca ar an earnáil phoiblí. Ba mhór idir é agus na tuarascálacha ón ESRI agus ón mBanc Ceannais ó dheas a léirigh gur tharrtháil easpórtálacha na dtionscal teicneolaíochta agus cógaisíochta eacnamaíocht na Poblachta.

Bhíothas á áireamh roimh an ráig reatha den phaindéim Covid-19 go mbeadh suas le 100,000 post i mbaol idir seo agus an Nollaig nuair a thiocfadh deireadh le híocaíochtaí an Státchiste oíche Shamhna. Cheana féin, tá fógraí iomarcaíochta tugtha d’oibrithe ar nós oibrithe The Duke of York, an teach tábhairne cáiliúil i lár Bhéal Feirste. Maítear in Stormont go bhféadfadh i bhfad níos mó oibrithe a bheith i mbaol dífhostaíochta mura dtugann rialtas na Breataine maoiniú breise dóibh go pras.

Tá costas daonna as cuimse de bharr na paindéime, na mílte ag caoineadh na gcéadta a fuair bás agus na mílte freisin a bhfuil iarmhairt na haicíde ag goilliúnt go mór orthu. Sin gan trácht ar an suaitheadh agus galar dubhach a chothaigh dianghlasáil, imní faoi theacht isteach agus an tráma uafásach d’oibrithe sláinte gan a dhul i bhfad le mo liodán.

Is léir gur údar imní in Whitehall is ea go mbeadh éilimh ag teacht freisin ó Albain, ó thuaisceart Shasana agus ón mBreatain Bheag ( agus tar éis an tsaoil tá vótaí le mealladh ag Tóraithe sna limistéir sin) dá gceadófaí maoiniú breise do Thuaisceart Éireann. Go deimhin níl cúis ar bith nach bhfaigheadh na réigiúin sin tacaíocht. Mura bhfuil gach áit i dteideal cabhrach níl sé thar chumas ‘lucht seifte’ in Uimhreacha 10 agus 11 Sráid Downing eisceacht a dhéanamh chun beatha daoine i dTuaisceart Éireann a shlánú. Tá an víreas ag réabadh tríd an bpobal ar luas lasrach agus caithfear gníomhú; ach céard is fiú gníomh a d’fhágfadh daoine dearóil, éagumasach?

Tá an scéal tubaisteach go leor gan ligint

do ghanntanas airgid an áit a scriosadh ar fad.

Fág freagra ar 'Tá an scéal tubaisteach go leor gan ligint do ghanntanas airgid an áit a scriosadh ar fad'