‘Tá an réamhshúgradh thart. Anois an t-aicsean’ – Roy Keane

Chuaigh Tuairisc.ie chun cainte le leasbhainisteoir na hÉireann faoi chluiche mór na deireadh seachtaine seo i gcoinne na hAlbain. Tá sé ag súil go mór leis agus is breá leis an brú

Roy Keane i Mulach Íde inniu. ©INPHO/Cathal Noonan
Roy Keane i Mullach Íde inniu. ©INPHO/Cathal Noonan

Dar le leasbhainisteoir na hÉireann, Roy Keane, ba “réamhshúgradh’ a bhí i gceist leis an gcluiche i gcoinne Shasana roimh theacht na hAlban go dtí an Stad Aviva tráthnóna Dé Sathairn. Tá Éire ag tabhairt aghaidh ar a gcomharsana béal dorais agus fios acu má chailltear an cluiche gur beag deis a bheas acu cáiliú do Chraobhchomórtas na hEorpa 2016 sa Fhrainc.

Tá foireann Martin O’Neill sa ceathrú háit sa ghrúpa, dhá phointe chun deiridh ar na hAlbanaigh agus an Ghearmáin agus trí phointe taobh thiar den Pholainn atá sa chéad áit. Ach ó tharla gur chaill siad cheana i gcoinne na hAlban i nGlaschú i Samhain 2014, is cluiche é seo a chaithfear a bhuachan.

“Bhí roinnt cluichí dúshláin againn an tseachtain seo caite, an Tuaisceart agus Sasana. Ba chluichí maithe iad dúinn, ach ní raibh ansin ach paiste réamhshúgartha. Tosaíonn an t-aicsean ar an Domhnach,” a dúirt Roy Keane agus é taobh le hionad traenála na hÉireann i Mullach Íde inniu.

“Ar an Sathairn a bheas an fíordhúshlán. Beidh iomaíocht níos géire ann, beidh atmaisféar i bhfad níos fearr ann, (agus) beidh brú ann. Is é an chéad chluiche eile an ceann is tábhachtaí i gcónaí. Táimid ag díriú air sin anois. Is cluiche tábhachtach é. Is cuid den chluiche é an brú sin. Ní fadhb atá ann. Más fadhb duit é, tá tú ag gabháil don chluiche mícheart.”

B’fhéidir nach bhfuil Keane ag mothú an bhrú ach fiú muna bhfuil siad á rá os ard, caithfidh gur ábhar imní do Keane agus O’ Neill é gur ar éigean atá aon chluiche mór buaite ag foireann na hÉireann le déanaí. Cháiligh siad do Chraobhchomórtas na hEorpa go deireanach tar éis cluiche cáilithe i gcoinne na foirne is laige sna babhtaí cáilithe sin – an Eastóin. Roimhe sin, seans gurb é an cluiche i gcoinne na hIsiltíre i 2001 an cluiche mór deireanach a bhuaigh Éire. Fiú agus gan aon fhoireann mór eile buaite ó shin acu, tá an fhoireann réitithe chun dul i mbun catha, dar le Keane.

“Táimid réidh. Tá grúpa imreoirí againn a bhfuil a lán taithí acu; Robbie Keane, John O’Shea, Shay Given. Tá taithí mhilteach ag Glenn Whelan. Tá fios a gcúraim acu. Tá siad timpeall le fada, mar an gcéanna le Martin, mé féin agus an chuid eile den fhoireann bhainistíochta.

“Ní amadáin sinn. Tuigimid an méid atá i ndán dúinn, ach táimid réidh. Is cuid den chluiche an brú agus seo hiad na cluichí a mbímid ag tnúth lena n-imirt.”

Agus cad is gá do Phoblacht na hÉireann a dhéanamh?

“Scóráil. Gan cúl a ligean isteach.”

Chomh héasca leis sin. Dá mbeadh an feachtas cáilithe féin chomh simplí céanna, ní bheadh aon bhaol ach go mbeimis i lár an aonaigh ag Euro 2016.

Fág freagra ar '‘Tá an réamhshúgradh thart. Anois an t-aicsean’ – Roy Keane'