Tá an mianach agus an mhuinín ag Luimneach an beart a dhéanamh

Cuirfear tús amárach le Craobh Iomána na Mumhan agus Contae an Chláir agus Luimneach á fhéachaint le chéile i nDúrlas Éile. Le Luimneach a bheidh an lá, a deir ár gcolúnaí

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Phase 3, Semple Stadium, Thurles 14/7/2012Limerick vs ClareLimerick's Wayne McNamara celebrates scoring a goalMandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan *** Local Caption ***
Wayne McNamara ag ceiliúradh i gcoinne an Chláir i 2012. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Nuair a bhíos i mo bhainisteoir ar Luimneach, casadh an Clár orainn i 2012 i gcluiche cáilithe agus bhí an-bhua ag Luimneach an oíche Shathairn úd. Deirim an-bhua mar casadh na foirne ar a chéile cúig huaire roimhe sin an bhliain chéanna agus ba ag an gClár a bhí an bua ceithre huaire agus comhscór a bhí sa chluiche eile.

Ach nuair a bhí an lasóg sa bharrach, b’iad imreoirí Luimnigh a sheas an fód.

I 2013 chasadar ar a chéile arís i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus Luimneach mar sheampíní na Mumhan an uair seo. Ar an lá úd bhí an Clár thar barr agus bhí Luimneach ainnis a ndóthain ó thús deireadh. 

Tá chuid mhaith scríte agam le déanaí faoin tábhacht a bhaineann fear buan seasamhach a bheith agat do na pocanna saora. Ar an lá sin i 2013 bhí theip ar an radar ag Declan Hannon agus níor éirigh go minic leis ó phocanna saora sa chéad leath, tráth go raibh se thar a bheith deacair scóranna a fháil ón imirt. Ní hé sin an fáth gur chaill Luimneach an lá sin ach bhí tionchar aige, dár ndóigh, ar an toradh.

Ar an lá céanna, bhí an Clár ar fheabhas ar fad agus bhain ardchaighdeán lena gcuid imeartha. Bhí cur chuige fíochmhar ó thús deireadh acu agus bhíoadar iontach go háirithe ag smachtú an tsliotair agus á úsáid go stuama ina dhiaidh sin.

Anuas air sin, bhí Colin Ryan thar barr lena chuid pocanna saora.

Dar ndóigh, is ag dreapadh céimeanna Ardáin Uí Ógain a bhí an Clár ag deireadh an tséasúir.

Ach anuraidh tholg siad ‘siondróm an dara séasúr’ agus theip orthu aon chluiche craoibhe a bhuachaint. Mar bharr ar an donas, díbríodh iad chuig roinn 1B sa tsraith i mbliana.

Ach le linn an ama sin sin go léir, bhuadar trí chraobh Éireann faoi 21 le cur leis an gceann a bhuadar i 2010. Caithfidh go bhfuil áiséirí i ndán do na himreoirí óga seo.

Maidir le Luimneach, chonaiceamar anuraidh nach bhfuil siad i bhfad as. Thugadar tasipeántas curata oscartha uathu agus an bháisteach ag stealladh nuas orthu sa chluiche leathcheannais anuraidh, cé go raibh na Cait ábhairín róchliste, róchumhachtach agus ró-aibí dóibh sa deireadh.

Cé is moite de Nicky Quaid agus David Breen atá gortaithe, rachaidh formhór den fhoireann chéanna chun páirce amárach do Luimneach. Agus cuimnhigh gur seampíní na Mumhan ab ea iad dhá bhliain ó shin. Bhuadar ar Thiobraid Árann i gCraobh na Mumhan i 2013 agus 2014. Ní fhéadfadh go bhfuil tobar na muiníne a thug na buanna sin dóibh tráite fós. Níl aon dabht ach go bhfuil an mianach iontu.

Bhí feachtas sraithe measartha go leor acu agus bhíodar go dona i gcoinne Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceathrú ceannais. Ach mar a chéile a bhí acu sna cluichí sraithe le dhá bhliain anuas. Ainmhí eile ar fad is ea iad aimsir na craoibhe.

Ní bheidh eagla orthu roimh an gClár ámarach. Ar a shon san, ní bheidh aon fhaitíos ar an gClár rompusan ach oiread. Ní bheidh mórán eatarthu, déarfainn. 

Má éiríonn le Luimneach Tony Kelly a choiméad faoi smacht éigin, tá gach seans acu, go háirithe leis an méid imreoirí atá in easnamh ar an gClár de bharr gortuithe, cúrsaí peile agus cúrsaí smachta. Agus sin ar fad gan trácht ar Colin Galvin a bheith thar sáile .

Mar sin, b’fhéidir go mbeadh an svae le Luimneach an uair seo.

Fág freagra ar 'Tá an mianach agus an mhuinín ag Luimneach an beart a dhéanamh'