‘Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis’ –  an dteastaíonn gluaiseacht ‘cearta sibhialta’ nua?

Déanfar plé i mBéal Feirste ar oidhreacht Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta

‘Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis’ –  an dteastaíonn gluaiseacht ‘cearta sibhialta’ nua?

Déanfar plé i mBéal Feirste anocht ar bhunú Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta 50 bliain ó shin agus ar oidhreacht na gluaiseachta sin.

‘Cearta Sibhialta na Gaeltachta  – An Uair Sin agus Anois’ is teideal don ócáid, ag a bpléifidh painéal cainteoirí ceisteanna éagsúla a bhaineann le cearta sibhialta.

Is í Póilín Ní Chiaráin, iriseoir le Tuairisc.ie agus craoltóir le Raidió na Gaeltachta, a bheas ina cathaoirleach ar an phlé.

Dúirt Ní Chiaráin go mbeifear “ag breathnú ar ghluaiseacht Chearta Sibhialtachta na Gaeltachta mar a bhí agus ar céard is féidir a dhéanamh anois”.

“Rud an-bhreá ab ea í gluaiseacht chearta sibhialtachta na Gaeltachta ag an am, ó dheireadh na 1960idí go dtí na seachtóidí. Bhain siad go leor amach – Raidió na Gaeltachta, TG4, ní bheadh sé ann gan iad, Údaras
daonlathach na Gaeltachta, rud nach bhfuil ann anois.

“Ach tá an Ghaeltacht ag fáil bháis. Is dóigh gurb é an rud a bheidh á phlé againn ná céard atá le déanamh anois agus cén sórt gluaiseachta a bheadh éifeachtach anois maidir leis an nGaeltacht a shábháil,” a dúirt Póilín Ní Chiaráin.

Is iad na cainteoirí a bheas páirteach sa phlé; Seosamh Ó Cuaig, colúnaí de chuid Tuairisc.ie a bhí gníomhach i ngluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta i gConamara; Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta; Edel Ní Churraoin, craoltóir le Raidió Fáilte; agus Feargal Mac Ionnrachtaigh, ball den Dream Dearg agus oibrí pobail i nGlór na Móna.

Taispeánfar roimh an bplé An Mar a Chéile Muid?, clár a rinne Seán Ó Cualáin do TG4 faoi oidhreacht ghluaiseacht cearta sibhialta na Gaeltachta i gConamara.

Cuirfear tús le himeachtaí ag a 7pm anocht, Dé Máirt, an 29 Bealtaine, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.

Coiste Chomóradh 50 Bliain Ghluaiseacht Cearta
Sibhialtachta an tuaiscirt a d’eagraigh ócáid na hoíche anocht.

– Is féidir áit a chur in áirithe don díospóireacht anseo

 

Fág freagra ar '‘Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis’ –  an dteastaíonn gluaiseacht ‘cearta sibhialta’ nua?'

  • Mánus

    Is mór an scannal é nach bhfuil óige na Gaeltachta ag sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga in ainneoin í do bheith á labhairt acu sa bhaile ag go leor acu i gceantracha Catagóir A.
    Dírigí ar an óige i gCatagóir A agus ní ar dlíthe teanga. Níl curaclam ceart Gaeilge acu mar shampla.

  • Pól Ó Braoin

    Fiú má bhíonn an Ghaeilge á labhairt sa teach, mara mbreathnaíonn an óige ar an teanga mar rud eicint atá luachmhar agus gur fiú í a shealbhú agus a choinneáil ag imeacht, tarlóidh an rud céanna arís agus arís eile. B’shin an áit nach mbíonn an tacaíocht ar fáil dár dteanga sa stát seo. Is léir an méid sin nuair a bhreathnós muid ar na comharthaí sóirt ar nós laghdú maoinithe, ar nós moill uafásach aon reachtaíocht a tugadh isteach le cosaint a thabhairt do chearta teanga a chur i bhfeidhm, ar nós gan páipéar ceart nuachta ar bith Gaeilge a bheith ar fáil. Liosta fada atá ann, faraor.
    Gluaiseacht ‘cearta sibhialta’ nua a theastaíos agus í a chur le chéile go pras.
    Dúirt an Taoiseach go dtabharfar reachtaíocht isteach agus go gcuirfear i bhfeidhm í roimh dheireadh na bliana, agus an ceart uilig aige cosaint a thabhairt do mhná na tíre seo; ach faraor géar nach bhfuil a leathchuid den tine sin le lasadh faoi chúrsaí ár dteanga dhúchais féin, teanga a bheas le cailleadh i nduibheagán na fuarchúise.

  • Breathnóir

    An ndéanfar taifeadadh den phlé seo lena chraoladh ar RnaG nó Raidió Fáilte, mar shampla? Déarfainn go mbeidh sé an-suimiúil. Go n-éirí leo.

  • Joey Joe Joe Junior Shabado

    D’fhoilsigh an rialtas dréachtliosta de na ‘rioscaí’ is mó atá in Éirinn i láthair na huaire le deireanas agus táthar ag lorg moltaí maidir le rudaí ar ceart dóibh a bheith air.
    B’fhiú scríobh chucu, dar liom agus a rá go mba cheart don ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht a bheith san áireamh, mar níl sí ann faoi láthair. Tá na sonraí ar fad san alt seo ar an journal: http://www.thejournal.ie/government-risk-assessment-4030526-May2018/

  • Gráinne Ní Ghilín

    Beidh cúpla dream ag teacht anocht, a Bhreathnóir, NVTV, Meon Eile agus Raidió Fáilte ina measc. Seans go mbeidh Slugger O’Toole i mbun taifeadta fosta. Lean An Dream Dearg ar Twitter agus ar FB. Cuirfimid na nascanna in airde nuair a bheas siad réidh.

  • Breathnóir

    Ar fheabhas, a Ghráinne, go raibh maith agat!