‘Buachaillí a bhí ionainn – ach buachaillí deasa.’
Is mar sin a thosaíonn Titaantjes, gearrscéal de chuid an údair ón Ísiltír Nescio – scéal atá léite ag gach duine a d’fhreastail ar an meánscoil sa tír sin.
Céad líne aisteach – agus lón machnaimh inti.
Cén fáth ar gá a lua go sonrach gur buachaillí deasa a bhí i gceist?
An é gur thuig Nescio nuair a scríobh sé an scéal sin thiar sa bhliain 1911 – breis agus céad bliain sula raibh caint ar #MeToo agus ar an bhfearúlacht nimhneach agus a leithéid – nach bhfuil mórchuid buachaillí go deas?
‘Buachaillí a bhí ionainn – an inscne achrannach sa litríocht’. Sin é an teideal atá ar chnuasach aistí a foilsíodh san Ísiltír anuraidh agus ina ndéanann scór údar ón tír sin, idir mhná agus fhir, iarracht an cheist sin agus ceisteanna eile a bhaineann leis an bhfearúlacht sa litríocht a fhreagairt (Jongens waren we – de problematische sekse in de literatuur, Eag. Jan Postma, Das Mag, 2020.)
Ach an phostúlacht intleachtúil a bhí le brath ar chuid den scríbhneoireacht a fhágáil as an áireamh, bhain mé sult as na haistí ann. Caitear súil ar charachtair fhir chlúiteacha agus mhíchlúiteacha i litríocht an domhain: ó bhuachaillí deasa Nescio go David Lurie in Disgrace le J.M. Coetzee, ó fhir Fight Club Chuck Palahniuk go Herzog Saul Bellow, ó David agus Giovanni in Giovanni’s Room le James Baldwin go scríbhneoireacht dhírbheathaisnéiseach Karl Ove Knausgård.
Cuirtear mórcheist fhíorshuimiúil leis: agus an fhearúlacht (nó an phatrarcacht, más fearr leat) go mór faoi ionsaí na laethanta seo, nach gníomh réabhlóideach – cróga, fiú amháin – é athléamh, athmhachnamh agus, cinnte, comóradh a dhéanamh ar na carachtair fhicseanúla fhireanna sin ar fad ar fhás muid aníos leo? Is ea – ná carachtair fhireanna chéanna sin nár fhág a ndóthain spáis, dar le scríbhneoirí ban áirithe, do charachtair fhicseanúla ban?
Gníomh réabhlóideach agus cróga go deimhin – óir ní mór don fhear pinn a bhreathnódh siar ar stair liteartha na fearúlachta agus a déarfadh ‘buachaillí a bhí ionainn’ an cheist seo a chur air féin: ‘céard a bheidh ionainn feasta?’
‘Fir!’ an freagra a rithfeadh liomsa. Má bhíonn cuma na leisciúlachta ar an bhfreagra sin, a mhalairt atá fíor, óir tá ceist eile i bhfolach ann: ‘céard is fear ann inniu?’
Sin í an cheist a bhímse ag iarraidh a fhreagairt i mo chuid scríbhneoireachta féin cuid mhór den am, agus cá bhfios nach mbíonn cuid mhór comhghleacaithe fear agus go deimhin ban ar an ealaín chéanna.
Tá an fhearúlacht i dtrioblóid, agus bhí sé thar am. Ach ná cuirimis amú géarchéim mhaith.
Caoimhín
Aontaím leat. Ba chóir dúinn súil a chaitheamh ar “fhearúlacht” agus céard is brí leis.
Seosaimhín Ni Bheaglaoich
An a stealladh mhagadh fúinn atá’n tú a Alex a chroí, nó ab é ‘Lá na Mudán’ agat é?
Bhreá liomsa a thuilleadh a chloisint/ a léamh uait ar staid thruabhéileach na gcréatúirí so atá chomh mòr fé chois ag corraí crua an tsaoil.