Tá an Eilf ar an tSeilf curtha isteach sa chófra agam, an bhfuil sé sin gránna?

Airím go bhfuil mo spiorad taobh amuigh de mo chorp ag breathnú anuas ar mo shaol. Céard sa diabhal a tharla?

Tá an Eilf ar an tSeilf curtha isteach sa chófra agam, an bhfuil sé sin gránna?

Níl a fhios agam cén chaoi ar tharla sé ach tá chuile shórt réitithe agam don Nollaig cheana féin. Tá na bronntanais ceannaithe agus cumhdaithe, tá na stocaí crochta, tá an bia ordaithe is tá na cártaí Nollag sa bpost (nach mór). Airím go bhfuil mo spiorad taobh amuigh de mo chorp ag breathnú anuas ar mo shaol. Céard sa diabhal a tharla?

Seans go raibh an Eilf ar an tSeilf ag cabhrú liom i rith na hoíche mar a rinne na sióga don ghréasaí bróg tráth. Tá an Eilf curtha i bhfolach agam sa gcófra te faoi láthair agus mé ag súil go ndéanfar dearmad air. An bhfuil sé sin gránna?

Anois ó tá fhios agam go bhfuil ‘Eilfí’ ag tabhairt cúnaimh dom sna hoícheanta b’fhéidir go scaoilfinn amach arís é. Ceapaim go leagfaidh mé amach in aice leis an gcófra mór i gcoirnéal na cistine é go bhfeicfidh mé an éireoidh leis san áit ar theip orm féin.

Airím go mbíonn muid uilig ag rith ráis go deireadh na bliana agus tagann muid go ceann scríbe agus stopann chuile shórt. Tá muid in ainm is sásamh a bhaint as an suaimhneas. Níl aon chleachtadh againn air.

Ní túisce cleachtadh againn ar an suaimhneas ná go dtosaíonn chuile shórt arís.

Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé anois leis an am a chaitheamh, airím beagán díomhaoin leis an fhírinne a rá. Tá an tolg is an teilí is an pórt te is na celebrations ag fógairt orm. ‘Gabh i leith anseo, gabh i leith, lig do scíth, bí ag sclamhadh.’

Théis raic na bliana seo caite agus comhrá leis an dochtúir ina raibh an focal colaistéaról luaite, mhionnaigh mé nach dtosóinn ar na milseáin roimh sheachtain na Nollag i mbliana.

Is níl cead isteach sa teach ag aon phióg mhionra ná buidéal Baileys go hoíche Nollag le faitíos go gcaillfinn an cloigeann ar fad mar a tharla anuraidh.

Meas tú an é seo atá i gceist nuair a deirtear ‘Nollaig faoi shíocháin duit?’ Go mbeidh Nollaig agat atá suaimhneach agus réidh?

Níor thuig mé riamh cheana é. Cheap mé gur b’fhéidir gur ‘Nollaig faoi shuíochán duit’ a bhí i gceist leis an ráiteas, go raibh daoine ag guí duit go bhfaighfeá cathaoir dheas le dul i bhfolach fúithi i gcaitheamh an tséasúir.

Nollaig ar shuíochán agus Baileys go gealach. Nollaig ar shuíochán compordach duit!

Ní cóir go mbeadh ar aon duine gnáthobair an tí a dhéanamh aimsir na Nollag. Tá mé á rá le fada an lá. Ach dheamhan leigheas air.

Is dóigh go bhfuil neart rudaí le déanamh mura mbeinn ag stracadh idir an leadrán agus an leisce agus mé ar leathstailc ar bhonn prionsabail.

D’fhéadfainn dul tríd na boscaí leabhar atá ar fud an tí agam gan aon spás ann dóibh.

Gheall mé go ndéanfainn é sula mbeadh an bhliain caite. Is í an fhadhb atá anois agam ná go bhfuil an bhliain beagnach thart agus tá na leabhair fós ann. Dhéanfainn é, ach amháin nach bhfuil aon fhonn beo orm é a dhéanamh.

Bhí sé chomh maith agam é a fhágáil anois, cá bhfios nach ndéanfadh an Eilf rud éigin faoi má fhágaim sách fada é.

 

Fág freagra ar 'Tá an Eilf ar an tSeilf curtha isteach sa chófra agam, an bhfuil sé sin gránna?'

  • Seán ÓM

    Ceart agat.

    Ag fáire ar na gasúir do Dhádai na Nollag le feiceáil an bhfuil síad dána nó deas?

    Ansin déanann síad a gcuid seafóide agus diabhalaiochta féin fud fad an tí i rith na hoíche?

    Eilf ar an Seilf:
    Spíora
    Brathadóir
    Fimíneach.

    Cuir glas ar an gcófra te sin!

  • sionnach

    Fág ann é agus abair leo go bhfuil an spideog ag coinneáil súil orthu. Chuile uair a fheiceann tú spideog ansin. ‘Tá sé ag coinneáil súil’