Tá an DUP 50 bliain ar an bhfód agus é ar thóir a shlánaithe

Tá na DUP ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe amárach, ach tá seans ann go bhféadfadh Sinn Féin a dhul chun tosaigh ar an bpáirtí aontachtach

Tá an DUP 50 bliain ar an bhfód agus é ar thóir a shlánaithe

Seachtain mhór is ea í seo don DUP agus a gceannaire nua, Jeffrey Donaldson. Beidh an páirtí leathchéad bliain ar an bhfód amárach. Ní nach ionadh tá ceiliúradh á reáchtáil, dinnéar agus rince i mBéal Feirste oíche amárach ach ní fhéadfadh an ball is dearfaí a shéanadh gur tráth athbhreithnithe seachas gairdeachais é.

Trí mhí ó dearbhaíodh Jeffrey Donaldson ina cheannaire ar an bpáirtí, an tríú ceannaire i gcaitheamh dhá mhí, tá fadhbanna práinneacha le fuascailt aige. Tá a fhios aige nach bhfuil am ar bith le spáráil aige, toghchán ag druidim linn agus géarchéim sa pháirtí.

Ar an 30 Meán Fómhair 1971 bhunaigh ceannaire na hEaglaise Saor-Phreispitéirí, an tUrramach Ian Paisley, an Páirtí Aontachtach Daonlathach nó an DUP. D’eascair sé as feachtas agóide Paisley in aghaidh ‘liobrálú’ an pháirtí aontachtaigh agus na hEaglaise Preispitéirí le blianta roimhe sin, é ag maíomh go raibh an Protastúnachas agus ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe araon á gcreimeadh. Eagraíocht agóide imeallach ab ea an páirtí ar feadh i bhfad, é go mór faoi anáil na soiscéalach; an pholaitíocht agus an eaglais fite fuaite lena chéile.

D’éirigh le Paisley agus a dheisceabail an bonn a bhaint de gach ceannaire aontachtach a bhog, beag nó mór, i dtreo na cothromaíochta le náisiúnaithe ó Terence O’Neill go dtí David Trimble. In 2003 áfach, bhí an DUP buacach i dtoghchán an Tionóil, é ar an bpáirtí ba mhó ar fad. Faoi 2007 bhí port na hagóidíochta athraithe agus margadh déanta go roinnfeadh sé cumhacht le Sinn Féin.

Sé an DUP an páirtí is mó in Stormont ó shin agus is aige atá an líon is mó feisirí Parlaiminte ón réigiún seo in Westminster ach tá an stádas sin faoi bhrú. Tá tacaíocht caillte acu i ngeall ar a ndúil i mBreatimeacht crua agus ar an láimh eile tá vótóirí imithe mar gheall ar an bPrótacal agus toisc nach raibh siad in ann reachtaíocht shóisialta a ritheadh in Westminster a chosc.

Ní hamháin nach bhfuil móramh ag na haontachtaithe in Stormont ach tá seans go bhféadfadh Sinn Féin a dhul chun tosaigh ar an DUP sa chéad toghchán eile.

Cé go bhfuil an Chéad agus an LeasChéad-Aire in Stormont ar comhchéim, is mór ag an DUP teideal an Chéad-Aire. Cor ‘talamhchreathach’ dóibh a bheadh ann Sinn Féin a bheith i dteideal na Chéad-Aireachta. Dúirt Jeffrey Donaldson go gcothódh sé sin ‘fadhb’ d’aontachtaithe. Deir Jim Allister, ceannaire an TUV gur cheart d’aontachtach ar bith, gur fiú aontachtach a ghlaoch air, diúltú don LeasChéad-Aireacht chun a chinntiú nach bhfaigheadh Sinn Féin an Chéad-Aireacht.

Ní léir an bhfuil Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, ag déanamh a mhachnaimh i ndáiríre faoi chomhairle Allister. Diúltú as éadan don daonlathas a bheadh ann agus is cinnte gur marbhfháisc ar Stormont a bheadh ann.

Teaictic seachas straitéis is ea a bheith á thabhairt le fios gur chontúirt uafásach a bheadh ann Sinn Féin a bheith sa Chéad-Aireacht. Teaictic í a bhfuil meirg uirthi. Fuair an teachtaireacht sin éisteacht uaireanta ach bhí a héifeacht ag dul i léig le tamall. Tá a fhios ag vótóirí gur comhphostanna iad an Chéad-Aireacht agus an LeasChéad-Aireacht. Rómhinic a léiríodh go raibh duine den bheirt in ann laincis a chur ar obair mar nach féidir a dhath a chur faoi bhráid an Fheidhmeannais mura n-aontaíonn an bheirt faoi.

Aontas aontachtach atá á éileamh ag Jeffrey Donaldson chun caithréim Shinn Féin a sheachaint – sé sin chun bua an DUP a chinntiú. Níl rún ar bith ag Doug Beattie, UUP, barántais a thabhairt, a deir sé. Molfaidh sé do vótóirí aistriú chuig iarrthóirí fiúntacha ach maíonn seisean go bhfuil an chóir leis; dá bhrí sin is ar athnuachan an UUP atá sé ag díriú.

Bíonn an ráta aistrithe idir aontachtaithe ard de ghnáth agus iontas a bheadh ann dá mbeadh athrú mór air sin ach d’fhéadfadh vótaí uimhir a haon a bheith roinnte níos cothroime ná mar a bhí le fada.

Go praiticiúil, áirítear gur beag an baol go dtitfeadh tacaíocht an DUP go dtí an 13% a léiríodh i bpobalbhreith na míosa seo caite. D’uireasa iarrthóirí aitheanta bheadh sé an-deacair ag Jim Allister agus an TUV 8 nó 9 suíochán a bhaint den DUP. Ina theannta sin tá feachtasaíocht Donaldson in aghaidh an Phrótacail dírithe ar na vótóirí sin. Is maith leo gur chuir sé cos i dtaca in aghaidh na teorann i Muir Éireann, gur thug sé droim láimhe do chruinnithe thuaidh/theas agus gur bhagair sé go n-aistarraingeodh sé a airí as Stormont.

Bhí roinnt san DUP ag súil go ndéanfadh Boris Johnson agus David Frost gar dóibh agus go bhfógródh siad go raibh airteagail 16 den Phrótacal á chur i bhfeidhm acu – clásail éalaithe as an bPrótacal. Ní socrú buan é sin ach is cinnte go bhféadfadh an DUP gaisce a dhéanamh as mar bhua.

Céimeanna don ghearrthréimhse is ea iad sin. ‘Tacaigh linne nó Sinn Féin a gheobhaidh sibh.’ ‘Ar aontachtaithe nach gcuideoidh linne a bheidh an locht má bhíonn an lá le Sinn Féin.’ ‘Tá svae againn leis an rialtas in Westminster a dhéanann rud orainn faoin bPrótacal.’

D’fhreagródh siad sin ceisteanna áirithe sa ghearrthéarma– lá an toghcháin, bheadh súil acu – ach ní fhreagródh siad ceist ar bith eile.

Cé is moite den Bhreatimeacht agus buanú Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe, céard eile a seasann an DUP dó anois? Tá teipthe orthu a srianta sóisialta a chur ar dhaoine ó ritheadh reachtaíocht in Westminster dá mbuíochas.

An sárófar an tabú deiridh in Westminster an mhí seo chugainn – an reachtaíocht teanga atá geallta ag an Státrúnaí Brandon Lewis? Cé na tosaíochtaí eile a bheidh ag an DUP don dara leathchéad bliain? D’aon bhliain amháin? An mbeidh Jeffrey Donaldson in ann an DUP a shlánú le fís nua?

Fág freagra ar 'Tá an DUP 50 bliain ar an bhfód agus é ar thóir a shlánaithe'

  • Des O Murchu

    Ta mo Ulster ag dul in olcas! Braon fuisce Bushmills mor asap!