Tá an Drámadóir Beag ar camchuairt arís…

Ní raibh mórán ar eolas againn faoin dráma roimh ré mar gur dhiúltaigh an Drámadóir Beag aon chuid den scéal a sceitheadh

Tá an Drámadóir Beag ar camchuairt arís…

‘Euro an duine, atá ar an dráma,’ arsa an Drámadóir Beag linn is í ag fógairt gur ghearr go mbeadh an léiriú ag tosú.

Ar cuairt don deireadh seachtaine a bhí sí agus an chéad léiriú domhanda de dhráma nua-scríofa ar an ardán aici. D’imigh sí léi arís agus fuadar fúithi, ar ais suas staighre ag an seomra leapan, gabh mo leithscéal, ar chúl an stáitse. 

Bhí an mhaidin caite againn sa gcistineach ag éisteacht leis an gcriú teicniúil agus iad thuas ag réiteach. Is ann a bhí na bainisteoirí stáitse, na haisteoirí, na dearthóirí agus iad i mbun cleachtaithe, agus, más comhartha ar bith a bhí sa ngleo agus ‘beaingeáil’, bhí siad i mbun tógáil seit freisin. 

Is dóigh go raibh sé leathbhliain ó bhí an Drámadóir Beag ar cuairt orainn go deireadh. Léiriú nuálach den seanscéal Cinnín Óir agus na Trí Bhéar a chuir sí ar stáitse an uair sin.

Caoga cent an duine a bhí ar thicéid go dtí an dráma sin; tá an ráta boilscithe ard go maith i dtionscal na drámaíochta, is léir. Ach, sílim gur léiriú níos uaillmhianaí a bhí romhainn an uair seo. 

‘An bhfuil sibh ag teacht?’ a d’fhiafraigh an Babaí/Maor Amharclainne dínn agus deifir air. ‘Tá muid ar an mbealach anois,’ a dúirt mé. Is níor chorraigh aon duine againn. 

‘Is dóigh go bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon chead agaibh tae a thabhairt isteach libh?’ a dúirt sé. 

‘Ó,’ a deir mé, is mé beagnach ag tachtadh ag iarraidh an bolgam deireanach den tae a chaitheamh siar.

‘Tá brón orm, ach ní bheidh aon chead isteach agaibh má bhíonn sibh deireanach,’ a dúirt sé, is d’imigh leis.

‘Seo linn,’ a dúirt mé agus thug muid aghaidh ar an amharclann. 

Ní raibh mórán ar eolas againn faoin dráma roimh ré mar gur dhiúltaigh an Drámadóir Beag aon chuid den scéal a sceitheadh. Is ní raibh aon mhaith a bheith ag caint leis an gcuid eile den fhoireann léirithe ach an oiread. Bhí an-smacht aici ar an bhfoireann, is léir. 

Ach bhí nod éicint faighte againn i rith na seachtaine gur bhain an dráma le téama na Samhna. Ní raibh sé d’am ag an Drámadóir Beag a cuid obair bhaile litrithe a dhéanamh an tseachtain sin mar go raibh sí tógtha leis an bpróiseas scríbhneoireachta. 

Focail a thosaigh le ‘sq’ a bhí ar an liosta litrithe ag an múinteoir don obair bhaile. ‘Ok,’ arsa a Mamaí léi, ‘litrigh Squirrel, maith an cailín.’ 

Níor bhreathnaigh sí aníos ón leathanach. ‘Squirrel, tosaíonn sé le ‘S’, céard é an chéad litir eile?’ 

Ach bhí an Drámadóir Beag róghnóthach. ‘Ok, ná bac le Squirrel, céard faoi Squid?’ a d’fhiafraigh a Mamaí ansin di. 

Bhreathnaigh an Drámadóir Beag aníos ón script. ‘Céard?’ a dúirt sí agus mearbhall uirthi. 

Squid,’ arsa Mamaí. ‘Sssss, Qqqqqq, tá a fhios agat an ceann seo. Maith a’ cailín, caithfidh tú iad seo a fhoghlaim don scoil.’ 

‘Mamaí, níl aon cheann de na focail sin ag teastáil uaim le haghaidh mo dhráma,’ a mhínigh an Drámadóir Beag di go cabhrach. 

‘An bhfuil ‘vaimpír’ in aon áit agat ar an liosta sin, seans ar bith?’ 

Fág freagra ar 'Tá an Drámadóir Beag ar camchuairt arís…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Is breá liom bheith ag léamh faoina mbíonn ar bun ag teaghlach 7 clann ar leith Bhríde! An-ghrinn ar fad – mo cheol iad uilig, go deimhin! :-)