Tá an domhan trí thine, ach as ucht Dé ná caithigí anraith le Van Gogh nó Vermeer!

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Ní aontaíonn ár gcolúnaí le tuairim na coitiantachta nár cheart mórshaothair ealaíne a tharraingt isteach i gceist na haeráide

Tá an domhan trí thine, ach as ucht Dé ná caithigí anraith le Van Gogh nó Vermeer!

Íomhá: Tuairisc

An ceadmhach ‘Tá an teach trí thine!’ a scairteadh nuair atá an teach trí thine?

Sin í, is cosúil, ceist ár linne.

Le mí nó dhó anuas, ní théann seachtain ar bith thart nach ndoirteann gníomhaí aeráide anraith nó a leithéid ar phéinteáil chlúiteach éigin.

I lár mhí Dheireadh Fómhair, caitheadh anraith trátaí le Lusanna Gréine Van Gogh sa Ghailearaí Náisiúnta i Londain. Seachtain nó dhó ina dhiaidh sin, ghreamaigh gníomhaí aeráide a chloigeann féin den phéinteáil cháiliúil ag Vermeer, Cailín an Fháinne Cluaise Péarla, sa Háig.

An tseachtain seo a chuaigh thart, rinne gníomhaithe aeráide in Osló iarracht iad féin a ghreamú den phéinteáil chlúiteach An Scread le Edvard Munch, ach cuireadh stop leo sular éirigh leo.

Ní ar phéinteálacha amháin atá gníomhaithe aeráide ag díriú. Ag tús na míosa seo, chuir gníomhaithe de chuid na gluaiseachta Extinction Rebellion isteach ar léiriú d’Éagnairc Verdi i gceoláras Amsterdam. Ní bualadh bos a bhí ag an lucht éisteachta do na gníomhaithe ach a mhalairt; dhíbir siad na gníomhaithe go foréigneach. Tá tú á léamh sin i gceart: lucht éisteachta na ceolchoirme seachas lucht slándála an cheolárais a dhíbir na gníomhaithe.

Ní dhéantar dochar do na péinteálacha a gcaitear anraith orthu, toisc go mbíonn siad taobh thiar de chlúdach gloine. Ní dhearnadh dochar do cheoltóir ná d’uirlis ar bith i gceoláras Amsterdam. Ach níos minice ná a mhalairt – sin é a fheictear don Saoithín Aeráide, pé scéal é – bíonn na húdaráis, na meáin agus an pobal i gcoitinne an-ghéar ar na gníomhaithe.

Ná tarraingítear mórshaothair ealaíne isteach i gceist na haeráide – sin é, shílfeá, tuairim na coitiantachta.

‘An aeráid, is ea … Cinnte, tá sé saghas te do lár mhí na Samhna … Ach ná téigí in aice leis An Scread/Cailín an Fháinne Cluaise Péarla/Na Lusanna Gréine, agus as ucht Dé oraibh ná cuirigí as d’Éagnairc Verdi!’

Ceapann an Saoithín Aeráide go bhfuil an meon sin fíor-aisteach.

Samhlaigh go mbeadh an ceoláras féin trí thine. Sa chás sin, an é nach mbeadh cead ag duine sa lucht féachana éirí dá chathaoir agus aird a tharraingt ar an dóiteán, díreach toisc go bhfuil Éagnairc Verdi ar siúl?

Is é an domhan ár dteach. Tá ár dteach trí thine.

Maithigí don Saoithín Aeráide anois go bhfuil a chuid meafar á meascadh aige – ach an amhlaidh dáiríre go gcaithfimid ligean orainn nach bhfuil tada ar siúl, mar a rinne ceolfhoireann an Titanic, fad is atá an bád ag dul go tóin poill?

An ceadmhach ‘Tá an teach trí thine!’ a scairteadh nuair atá an teach trí thine?

Ní hamháin gur ceadmhach – is mithid.

Fág freagra ar 'Tá an domhan trí thine, ach as ucht Dé ná caithigí anraith le Van Gogh nó Vermeer!'

  • Breathnóir1

    Aontaím. Agus tugaim faoi deara, maidir leis na daoine sin a cháineann gníomhartha na n-agóidithe seo, nach mbíonn aon mholadh acu de ghnáth maidir le hagóid a dhéanamh ar bhealach níos ´éifeachtaí´.
    Géarchéim ollmhór atá ann, ach sílim gur iomaí duine nach dtuigeann sin i gceart go fóill.