Tá an dóchas riachtanach chun a dhul i ngleic le géarchéim an choróinvíris

Nuair a athróimid na cloig an deireadh seachtaine seo ba dheas teachtaireacht dhearfach a fháil - tiocfaimid thairis, tiocfaidh an samhradh, buailfear tiúin agus casfar na daoine ar a chéile

Tá an dóchas riachtanach chun a dhul i ngleic le géarchéim an choróinvíris

Tá faitíos orainn go léir roimh Covid-19, bheadh sé seafóideach gan a bheith airdeallach, neirbhíseach. Ar an drochuair, áfach, tá scaoll faoi roinnt agus é sin ag cothú fadhbanna sláinte as féin. Tá práinn le cúram a dhéanamh den mheabhairshláinte nuair atá daoine gaibhnithe sa mbaile, gnáthchúrsaí an tsaoil as a riocht agus éiginnteacht i ngach ceard.

Is minic a dhéanann daoine i dTuaisceart Éireann comparáid idir an éigeandáil reatha agus aimsir na dTrioblóidí. Údar imní is ea a oiread sin daoine a mhaíonn nach bhfuair uafáis na dTrioblóidí an ceann is fearr orthu ach nach bhfuil a fhios acu conas is féidir leo géarchéim an choróinvíris a láimhseáil. Ar an nguthán, ar mheáin shóisialta, ar an raidió bíonn daoine ag gol, a thuilleadh feargach nó roinnt ag cur i gcéill nach mbaineann sé leo. Nuair a chuirtear san áireamh an ráta ard neamhoird sa tsochaí seo de bharr strus iarthrámach chomh maith le bochtanas, fadhbanna an ólacháin, drugaí agus féinmharaithe ní foláir nó go bhfuil gá le cúram speisialta i bhfianaise an namhaid nua ag an ngeata.

Is iomaí tír ina bhfuil an galar dubhach agus taomanna scaoill forleathan de bharr na paindéime. Ní gach duine atá in inmhe don aonrú nó don aontíos gan staonadh le duine nó daoine eile. Creidim go raibh an-ráchairt ar an leabhar, ar líne “Coping with Coronavirus” ón síciatraí, an tOllamh Brendan Kelly as Coláiste na Tríonóide. Tá daoine cíocrach le moltaí a fháil a chuideoidh leo déileáil leis an dealú sóisialta.

Ní hionann taithí an phobail ar na Trioblóidí agus a bhfuil ag titim amach anois. Gan dabht, bhí ar dhaoine cur suas le feachtas foréigin uafásach, níl teaghlach nár maraíodh nó gortaíodh duine muinteartha leo nó duine dá lucht aitheantais. Neartaigh comhtháthú sóisialta nó polaitiúil daoine áfach; sheas grúpaí le chéile in aghaidh an namhad. Bhí a fhios acu cérbh é a namhaid – ní raibh ainm ar eolas acu ach ní raibh aon amhras faoi cér leis é – poblachtánach, dílseoir nó gníomhaire stáit. Thairis sin ní raibh daoine gaibhnithe sa teach. B’éigean áiteacha áirithe a sheachaint ag amanna ar leith ach bhí daoine in ann bogadh thart i gcomhluadar ina gcomharsanacht féin, i ndlúthpháirtíocht lena ngrúpaí féin agus iad diongbháilte nach gcloífí iad.

Ní hamhlaidh an cás leis an gcoróinvíreas. Tá an namhaid gach áit ach tá sé dofheicthe agus beireann sé greim ort i ngan fhios. Nuair a fhaigheann sé an ceann is fearr ar othar níl faoiseamh le fáil ag gaolta as na deasghnátha a thugann sólás dúinn go hiondúil. Anseo bhí gaolta le daoine a cailleadh le Covid-19 trína chéile mar nach raibh siad in ann suí cois leapa nó slán a fhágáil le máthair nó deartháir is iad ag saothrú an bháis agus nach mbeidís in ann corp a leagan os cionn cláir, tórramh a bheith acu ná sochraid. Theastaigh ó roinnt go n-ainmneofaí na daoine a bhásaigh, dínit an aitheantais a thabhairt dóibh seachas iad a bheith mar uimhir ar liosta. Roghnaíonn daoine eile a bheith príobháideach agus an ceart sin acu. Is maith a tuigeadh go raibh an crá croí céanna i ndán do na sluaite ón tubaiste ag druidim linn.

Bhí comhráite crua ar siúl i dteaghlaigh freisin, daoine meánaosta agus cuid den óige ag dul i ngleic le cinneadh a seanmhuintire nár cheart úsáid a bhaint as leaba luachmhar dianchúraim dóibhsean. Is iomaí teach inar dúradh gur mó gá a bheadh leis an dianchúram do dhaoine a bhfuil clann óg acu agus blianta fada saoil i ndán dóibh. Tá ciall leis sin agus tá a fhios againn, má thagann an rabharta go gcaithfidh an tseirbhís sláinte an rogha sin a dhéanamh. Ualach trom ar ghaolta é an t-eolas sin, gan trácht ar imní faoi ghanntanas leapacha dianchúraim do gach aoisghrúpa.

Le cúpla lá anuas bhí cumann na bhfeirmeoirí ag tathant ar bhaill a mbuairt a roinnt le cairde nó comhghleacaithe. Ta go leor feirmeoirí ina gcónaí ar an uaigneas ar aon nós ach d’fhéadfadh a lán a bheith in anchaoi anois is iad scoite amach ó dhaoine eile agus imníoch faoina bhfuil i ndán dá ngnóthaí a dúirt an cumann, an UFU. Údar imní é an bhagairt don gheilleagar fré cheile do lucht gnó agus d’oibrithe. Tá an-chuid ceisteanna freisin faoi shábháilteacht na n-oibrithe atá fós ag obair, go leor acu gan soláthar ceart déanta ag fostóirí chun iad a choinneáil dhá mhéadar óna chéile nó gan trealamh agus éide feiliúnach acu don chontúirt.

Deir síceolaithe nach raibh éifeacht mhór le sonrú sa chéad choicís ó bhuail an víreas an tír seo. Ní raibh méadú mór ar líon na ndaoine a bhí ag triall orthu is cosúil ach dúradh go raibh teannas ag géarú le himeacht aimsire. Ó tá iallach ar dhaoine fanacht sa bhaile, éiginnteacht i ngeall ar easpa tástálacha abhus agus brú ollmhór ar oibrithe sláinte fiú sula dtagann an borradh ollmhór ar an ráig den aicíd, is léir go bhfuil géarghá le léas dóchais éigin a thabhairt do dhaoine. Maíonn cáinteoirí nach fiú tráithnín briathra misnigh ach tá sé tábhachtach nach fainic agus duairceas amháin atá le clos.

Tráth dóchais é an uair a thagann am an tsamhraidh isteach. Nuair a athróimid na cloig an deireadh seachtaine seo ba dheas teachtaireacht dhearfach a fháil – tiocfaimid thairis, tiocfaidh an samhradh, buailfear tiúin agus casfar na daoine ar a chéile.

Fág freagra ar 'Tá an dóchas riachtanach chun a dhul i ngleic le géarchéim an choróinvíris'