Tá an cuirtín deiridh tite ach leanfaidh na soilse a las Tomás Ó hÍceadha ag glioscarnaigh

100 léiriú is breis a chuir Tomás Ó hÍceadha ar stáitse d’Aisteoirí Bhréanainn agus chothaigh sé sprid nua sna paróistí ar shaothraigh sé ar a son

Tá an cuirtín deiridh tite ach leanfaidh na soilse a las Tomás Ó hÍceadha ag glioscarnaigh

Ar an Déardaoin, 15 Aibreán, adhlacadh Tomás Ó hÍceadha, Sagart, drámadóir, aisteoir, stiúrthóir, údar, físí, i gclós an tséipéil i mBaile an Fheirtéaraigh agus é 96 bliain d’aois. Dob í sin an mhír dheireanach i ndráma fada saoil Thomáis.

Tar éis mhír an adhlactha, bhí na daoine brónach go raibh an dráma saoil sin thart, ligeadar osna, ach ansan bhíodar sásta, fiú áthasach, go bhfacadar nó go rabhadar rannpháirteach, i slí bheag éigin, i gcuid d’iontaisí an tsaoil sin. Mar dráma saoil dob ea é a bhí lán d’iontaisí, lán de gháirí, de chomhluadar, de cheol, de shamhlaíocht, de chruthaitheacht.

Ach cérbh é an laoch, an gaiscíoch, an draoi, darbh ainm dó Tomás Ó hÍceadha, a bhí ábalta daoine a mhealladh isteach i nDomhan sin na nIontas?

Saolaíodh Tomás i lár tíre i mbaile darb ainm Baile an Bhric Óig, i gCo na hIarmhí, i 1924. Címid é, ina bhuachaill óg lena thuismitheoirí, ag dul go dtí gach dráma is geamaireacht (aimsir na Nollag) a thagadh go dtí an baile beag san. Osclaíodh súil na samhlaíochta ann. É i gcónaí suite sa chéad sraith, fuair sé boladh aoibhinn na péinte a d’fhan leis an chuid eile dá shaol. Chuaigh an smideadh, na cultacha, na dathanna, an ceol, i bhfeidhm go mór air.

Ba sa Daingean, ag fanacht le gaolta (ón Daingean dob ea a mháthair, Nóra), a chuaigh Tomás ar an Meánscoil, go Scoil na mBráthar. D’fhan sé ann go dtí an Mheánteist nuair a chuaigh sé go Coláiste Bhréanainn i gCill Airne agus as san go Má Nuad. Sa Daingean, lean sé ag freastal ar na drámaí a thugadh na compántais taistil, na ‘fit-ups’ leo go dtí an Brewery –  áit oiriúnach ar an mbaile.

Ba ann a chonaic sé an Colleen Bawn, Murder in the Red Barn, East Lynn i measc taispeántais dhrámatúla eile ag leithéidí Louis D’Alton. Grúpaí eile, ba bhalbhscannáin a thugaidís leo. Chonaic sé ana-chuid de scannáin Charlie Chaplin. Bhí an buachaill óg meallta. Thosaigh sé ansan ag cabhrú lena athair a bhíodh ag léiriú drámaí é féin. I Má Nuad dó, sa rang leis, bhí an t-aisteoir cáiliúil Ray McAnally. Eatarthu, chuireadar mórán drámaí ar stáitse sa Choláiste sin. Oirníodh mar shagart Tomás i 1943.

Ón uair go raibh a spéis múscailte in ealaín na drámaíochta is an stáitse, thosaigh sé ag cur oiliúna air féin. Dhein sé cúrsa bliana sa drámaíocht i Londain – Central School of Speech and Drama. D’fhreastail sé ar ranganna míme le Nola Rae, an dalta ab fhearr a bhí ag Marcel Marceau. Bhí aithne aige ar Marcel féin. Chuir sé roimhe an mhím a fhoghlaim go beacht uaithi. Chuir sé eolas ar an Commedia dell’arte. Dhein sé mórán cúrsaí eile.

Ach, dob í an phríomhinspioráid ina shaol ná an tsagartóireacht. Dob í sin a phríomhfhreagracht, a phríomhdhualgas, a ghairm.

Ba í an ghairm sin a threoraigh agus a mhúnlaigh an fear agus a shaol.

Shocraigh sé go mbeadh an cumas cruthaitheachta is samhlaíochta a bhí ann féin agus na scileanna aisteoireachta, drámaíochta is ealaíne a bhí aige, á n-úsáid ina shaol sagartóireachta, chun maitheasa agus chun glóire Dé.

Faoi mar a dúirt a chara an tAthair Pat Ahern ag seanmóir na sochraide: ‘dob é doras an stáitse a bhealach isteach i saol daoine iomadúla, idir óg is sean; daoine a labharfadh go ceanúil inniu ar an dea-thionchar a d’imir a phearsantacht agus a shaineolaíocht orthu is an tslí ar athraigh sé chun na maitheasa iad’.

Ó thaobh na drámaíochta de, d’fhág sé a rian ar gach paróiste dá raibh sé i nDeoise Chiarraí. I ngach áit acusan, bhí an cur chuige céanna aige nach mór: na daoine a thabhairt le chéile, ag comhoibriú le chéile, tríd an drámaíocht.

Ar dtús, sna paróistí luatha ina shaol, dheineadh sé drámaí ar nós An Pota Súip le Lady Gregory agus Teacht is Imeacht le Beckett ina mbíodh ladhar bheag chumasach d’aisteoirí agus bhuadh sé Craobhacha na hÉireann go rialta sna Féilte Béarla. Ansan, bhíodh sé de nós aige a iarraidh ar Nóra Ní Shéaghdha ón bhFeothanaigh na drámaí sin a aistriú go Gaelainn agus, leis an bhfoireann chéanna, bhuadh sé Craobhacha Uile-Éireann sna Féilte Drámaíochta Gaelainne.

Tar éis tamaill, chinn sé nach raibh an cur chuige sin – ag úsáid foirne beaga foirfe – ag teacht lena ghairm mar shagart. As san amach, theastaigh uaidh go mbeadh an pobal go léir páirteach i ngach togra stáitse. D’oir an cheolchoirm, ina mbíodh óg is sean agus gach tallann sa pharóiste páirteach, go hiontach don dearcadh nua.

Chothaigh sé sprid nua agus comhoibriú sna paróistí. Le hAisteoirí Bhréanainn dhein sé, chomh maith le ceolchoirmeacha, drámaí fada ina mbíodh foirne móra. Ach, de réir an Ath. Ahern, ‘ba iad na blianta a chaith sé ag déanamh drámaíochta le páistí scoile ar chuid de na laethanta ba shásúla ina shaol’.

Mar sin, tá pobail i bparóistí Chiarraí agus iad seo go raibh sé d’ádh orthu aithne a chur air buíoch dó. Tá Aisteoirí Bhréanainn an-bhuíoch dó as an 100 léiriú is breis atá curtha ar stáitse aige dóibh ó 1978 i leith gan áireamh a dhéanamh ar cheolchoirmeacha.

Cé go bhfuil lóchrann saoil Thomás Ó hÍceadha múchta agus an cuirtín deiridh titithe, táimid dóchasach go leanfaidh na soilse eile a las sé ag glioscarnaigh ar stáitsí an tsaoil seo.

Fág freagra ar 'Tá an cuirtín deiridh tite ach leanfaidh na soilse a las Tomás Ó hÍceadha ag glioscarnaigh'