Tá an crann Nollag fós thuas – an é seo an tabú deireanach?

Cheap ár gcolúnaí go mbeadh a dóthain feicthe aici de mhaisiúcháin Nollag faoin am seo, ach sé an chaoi go bhfuil sí imithe i gcleachtadh orthu

Tá an crann Nollag fós thuas – an é seo an tabú deireanach?

‘An bhfuil an Nollaig thart anois, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom an lá cheana. ‘Tá,’ a deir mé.

‘Ó?’ a dúirt sé agus bhí cuma an iontais air agus é ag breathnú thart ar an seomra suite.

‘Ach an mbeidh crann Nollag againn as seo amach?’ a d’fhiafraigh sé ansin.

Bhreathnaigh mé fhéin thart ar an seomra. Is ansin a thuig mé cén fáth nach raibh sé soiléar go raibh an Nollaig thart. Bhí dearmad déanta agam na maisiúcháin a thógáil anuas.

Ní hamháin go bhfuil an crann Nollag fós thuas, ach tá greim an fhir bháite ag na cártaí Nollag ar ribín os cionn an toilg. Tá bratacha cána candaí crochta anseo is ansiúd ón tsíleáil, gan ciall ná réasún leo.

Féach! An mainséar fós ar an tseilf agus leath na ndeilbhíní ar iarraidh as. Tá barúil agam gur sciobadh deilbhín nó dhó anuraidh i ngan fhios dom.

Níl tásc ná tuairisc ar an Maighdean Mhuire, tá Seosamh ar leathchos, tá na haoirí ar strae is dhá rí ar iarraidh. Ar a laghad, bhí an leanbh Íosa fós sa mbosca nuair a d’oscail muid é.

Cheap mé go mbeadh mo dhóthain feicthe agam de na maisiúcháin faoin am seo, ach is éard atá tarlaithe ná go bhfuil mé imithe i gcleachtadh orthu agus ní fheicim iad níos mó.

Nuair a chuir muid suas an crann Nollag i mbliana, thug muid faoi deara nach raibh muid in ann an doras ar an seomra suite a oscailt i gceart. Ó shin, bíonn muid ag seasamh i leataobh le siúl isteach sa seomra.

“Beidh muid curtha soir aige sin,” a dúirt muid go soineanta.

Níor thuig muid an uair sin, thiar i dtús mhí na Nollag, chomh sciobtha is atá an duine in ann dul i gcleachtadh ar rudaí nua. Go deimhin, d’aireoinn beagán aisteach anois dá mbeinn in ann siúl díreach isteach sa seomra suite.

Cén dáta a gcaithfidh tú na maisiúchán Nollag a thógáil anuas? ‘An gcaithfidh tú?’ atá i gceist agam. Tá a fhios agam go bhfuil sé de nós iad a bhaint anuas ag an Nollaig bheag, ach an mbeidh daoine a cheapadh go bhfuil fadhbanna móra agat is ag déanamh trua do na páistí mura ndéanfaidh tú faoin lá sin é?

Nó an bhfuil an rialacha buana ar chor ar bith na rialacha maidir le thuas agus thíos na maisiúchán?

Níl mé ag caint ar an gcúpla ribe fánach tinsil sin a bhíonn fágtha ag gobadh amach as thumbtack sa tsíleáil i chuile theach ó cheann ceann na bliana – glactar leis sin.

Ach cén  lá den bhliain nua ar cheart do dhaoine a bheith ag déanamh imní (agus an-imní) fút dá siúlfaidis isteach i do theach agus an crann Nollag sa chúinne is na maisiúcháin fós crochta go meidhreach ar fud an tí?

An é seo an tabú deireanach?

Fág freagra ar 'Tá an crann Nollag fós thuas – an é seo an tabú deireanach?'