Tá an córas sláinte ag titim as a chéile d’ainneoin ghaisce na n-oibrithe.

Tá ceannaireacht pholaitiúil de dhíth chun an tseirbhís sláinte ó thuaidh a tharrtháil

Tá an córas sláinte ag titim as a chéile d’ainneoin ghaisce na n-oibrithe.

Ospidéal Aontroma. Ospidéal Uladh in oirthear Bhéal Feirste. Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire. Ospidéal Craigavon. Ospidéal na Banríona Victoria in iarthar Bhéal Feirste. Agus ospidéal an iardheiscirt in Inis Ceithleann.

Bhí géarchéim nó fadhb ollmhór i ngach ceann de na hospidéil mhóra sin le déanaí. Ina theannta sin tá córas na ndochtúirí teaghlaigh faoi bhrú, roinnt cleachtas druidte agus a thuilleadh i mbaol. Tá cúram sóisialta san abar freisin, easpa cabhrach do dhaoine sa bhaile nó in ionaid chúraim ag cur leis an mbrú ar ospidéil.

Ní hé brú an gheimhridh atá i gceist ach brú seasta atá ag treisiú bliain i ndiaidh bliana. Ní údar iontais d’éinne é seo, fios ag cait an bhaile le fada go raibh athchóiriú ó bhonn ar an gcóras sláinte riachtanach ach faillí déanta san obair ag Stormont.

Liosta le háireamh iad na tuarascálacha a coimisiúnaíodh ó shaineolaithe. Dúirt gach ceann acu go raibh práinn le hatheagar. Sé bliana ó shin d’aontaigh gach páirtí in Stormont go gcuirfí plean deich mbliana i bhfeidhm chun a dhul i ngleic leis na fadhbanna a bhain le liostaí feithimh, neartú na seirbhísí teaghlaigh agus cuíchóiriú ar speisialtachtaí in ionaid faoi leith.

Tamall gearr i ndiaidh an aontais neamhghnách sin thit Stormont agus mhair an folús trí bliana. Nuair a d’fhill na páirtithe ar Stormont beagnach trí bliana ó shin tháinig an phaindéim Covid-19 salach ar obair eile agus ba bheag den athchóiriú riachtanach a bhí déanta faoin am ar shiúil an DUP amach as an gCéad-Aireacht i mí Feabhra seo caite.

Agus feadh an ama bhí an brú ar an tseirbhís sláinte ag méadú. Bhí ganntanas altraí sa chóras roimh an bpaindéim ach níl an fhadhb réitithe. I ndiaidh na paindéime tá foirne traochta ach gan scíth le fáil, daonra agus líon na n-othar méadaithe agus é i bhfad níos deacra folúntais a líonadh. Ní hiontas go bhfuil altraí ag bagairt a dhul ar stailc.

Ní mór a rá gur annamh a fhaigheann éinne locht ar an gcúram a thugtar dóibh ón uair go n-éiríonn leo leaba nó tralaí a fháil in ospidéal nó dochtúir a fheiceáil. D’ainneoin roinnt fiosruithe atá ar siúl faoi láthair maidir le cúram lochtach ó speisialtóirí (a bhféadfadh go raibh ualach oibre róthrom i gceist amanta) moltar an chóir leighis ach fáil a bheith uirthi.

Is í an rochtain an fhadhb. Bhí ar ospidéal Aontroma éigeandáil a fhógairt le gairid mar nach mbeadh sé sábháilte aon othar eile a cheadú isteach san aonad timpiste agus éigeandála. Bhí othair sna hallaí agus in otharcharranna lasmuigh agus gach barda plódaithe. D’achainigh ospidéil eile ar dhaoine a bhí saor ón obair nó éirithe as fiú a theacht i gcabhair orthu. Dúirt urlabhraí ó ospidéal Craigavon go raibh an brú níos measa ná mar a bhí ag buaic na paindéime Covid-19 agus go raibh imní air faoi shábháilteacht othar agus oibrithe.

Thagair sé don mhéadú ar ualach oibre Craigavon ó dúnadh seirbhís in Daisy Hill in Iúr Chinn Trá.

D’fhógair na hospidéil ar fad go raibh deacracht ar leith acu mar go raibh daoine a d’fhéadfaí a scaoileadh amach ach nach raibh pacáiste cúraim ar fáil dóibh, ‘blocáil leapacha’ mar a thugtar air. D’impigh siad ar ghaolta daoine a thabhairt abhaile nó chuig ionad iarchúraim nárbh é an chéad rogha acu é chun an brú a mhaolú.

Scéal eile a bhí i gceist in Inis Ceithleann. Is ansin atá an t-ospidéal is nua i dTuaisceart Éireann, cuma bhreá air ach níor fheidhmigh sé ariamh ag 100% cheal speisialtóirí. Bíonn drogall ar shaineolaithe a dhul ag obair in áit a mbeadh an taithí oibre a gheobhaidís teoranta; b’fhearr leo a bheith in ionad barr feabhais. Fógraíodh go bhfuil teipthe ar an Iontaobhas máinlia a earcú agus dá bhrí sin go gcuirfear stop le hobráidí práinneacha ansin an mhí seo chugainn. Céim shealadach, deirtear, ach ní chreideann muintir an iardheiscirt é sin.

Sa mhullach air sin tá cleachtas dochtúir teaghlaigh i bhFear Manach ar tí éirí as, ceann de naoi gcinn ar fad sa tuaisceart a dhruid le tamall nó a thug fógra scoir. Deir cumann na ndochtúirí go bhfuil 22 cleachtas eile i dtrioblóid. Fágann sin go bhfuil gach eite den chóras leighis i dtrioblóid, dochtúirí teaghlaigh, ospidéil agus iarchúram nó cúram sóisialta.

D’uireasa Stormont is beag a bheidh an státseirbhís in ann a dhéanamh faoin athchóiriú –ar bhonn eagraithe pé scéal é. Mar a chítear tá seirbhísí áirithe in Daisy Hill agus in Inis Ceithleann á gcur ar ceal, seans go bhfuil athchóiriú de shórt ar siúl ag na húdaráis sláinte iad féin. Ach níl sé eagraithe, níl eolas curtha ar fáil don phobal agus níl athdháileadh ar sheirbhísí á dhéanamh a laghdódh an brú in áiteanna eile. Níl sa mbeagán atá déanta ad hoc ach ceirín ar an gcneá.

Tá an córas ag titim as a chéile d’ainneoin ghaisce na n-oibrithe. Beart pleanáilte, eagraithe ar bhonn cuimsitheach atá de dhíth. Is ansin atá an t-easnamh follasach. Tá ceannaireacht ó pholaiteoirí riachtanach chuige sin – buiséad, fís, misneach chun seasamh in aghaidh éilimh an pharóiste ar mhaithe leis an leas coiteann.

Cé a dhéanfas é?

Fág freagra ar 'Tá an córas sláinte ag titim as a chéile d’ainneoin ghaisce na n-oibrithe.'