Ghlac beagnach 200 páiste ó Ghaelscoileanna páirt i mblitz peile i mBaile Átha Cliath le gairid mar chuid d’fheachtas iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua a thógáil i ndeisceart na cathrach.
Tá éileamh á dhéanamh le roinnt blianta anuas ar an Aire Oideachais cead a thabhairt chun Gaelcholáiste nua a thógáil sa cheantar chun freastal ar na daltaí a théann chuig Gaelscoileanna ann.
Tháinig cúig Ghaelscoil, atá lonnaithe sa scoilcheantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6, 8, le chéile Dé hAoine chun comórtas peile a reáchtáil le tús a chur leis an idirghníomhú agus le cairdeas a chruthú idir na daltaí atá ag súil le bheith ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua le chéile amach anseo.
Bhí múinteoirí, tuismitheoirí agus polaiteoirí áitiúla i láthair ag an gcomórtas chomh maith chun tacaíocht a léiriú don fheachtas, atá á reáchtáil i bpáirt le Conradh na Gaeilge.
“D’fhreastail breis is 180 dalta ó rang a 3 agus a 4 ó Bhunscoil Synge, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde agus Scoil Mológa ar an gcomórtas peile inniu inár scoil agus bhí an-rath ar an lá,” a dúirt Colm Ó Nualláin, Príomhoide Ghaelscoil Inse Chór.
“B’iontach an rud é na daltaí a fheiceáil ag cur aithne ar a chéile. Tá sé dochreidte, áfach, nach bhfuil Gaelcholáiste ar fáil faoi láthair do na daltaí seo ina scoilcheantar fhéin nuair a chríochnóidh siad ar an mbunscoil. Tá an córas ag teip orthu ó thaobh deis leanúint leis an líofacht agus leis an eispéireas oideachais trí mheán na Gaeilge atá faighte acu go dtí seo. Ba chóir seo a chur ina cheart anois agus Gaelcholáiste a chur ar bun ina scoilcheantar féin.”
Dúirt, Clare Kavanagh agus Louisa Ní Eideáin, beirt tuismitheoirí a bhfuil páistí acu i mBunscoil Synge, go raibh oideachas trí mheán na Gaeilge roghnaithe acu dá bpáistí agus nach rabhadar ag iarraidh go dtiocfadh stop leis sin nuair a fhágfaidh na páistí an bhunscoil.
“Níl sin cothrom ar ár bpáistí nó ar aon pháiste eile sna cúig scoil atá mar chuid den fheachtas le Gaelcholáiste a bhaint amach inár scoilcheantar,” a dúirt siad agus éileamh déanta acu ar an Aire Oideachais Norma Foley Gaelcholáiste nua a bhunú sa cheantar “gan a thuilleadh moille”.
Cé go bhfuil pobail na nGaelscoileanna i mbun feachtasaíochta le roinnt blianta anuas ar cheist an Ghaelcholáiste nua, is beag sásamh atá faighte acu ón Aire Oideachais ar an gceist.
Dúirt an tAire Foley níos luaithe i mbliana go raibh a roinn den tuairim nach gá Gaelcholáiste nua a thógáil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus gur measadh go mbeadh dóthain spáis sna gaelcholáistí atá ansin cheana féin chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair.
Fág freagra ar '‘Tá an córas ag teip ar na daltaí seo’ – Comórtas peile eagraithe idir Gaelscoileanna atá ag éileamh Gaelcholáiste nua'