Tá an chóisir scoite anois de rigeur don pháiste faoi dheich

Tá slán fágtha anois ag Monkey Business agus Busy Bees is fáilte curtha roimh an bhfaisean nua, an chóisir scoite

Tá an chóisir scoite anois de rigeur don pháiste faoi dheich

Tá athruithe móra ar shaol sóisialta na ndaoine atá deich mbliana d’aois nó faoina bhun. Tá slán fágtha anois ag Monkey Business agus Busy Bees is fáilte curtha roimh an bhfaisean nua, an chóisir scoite.

Sin iad anois atá de rigueur ar chamchuairt na gcóisiri do na faoi-dheich-eanna.

Bí cinnte go bhfuil an tóin tite as earnáil na gcnaipíní sicín, gan trácht ar an slad atá déanta ar dhíolachán glóthóg is cnaipí seacláide. Tá muintir Miwadi ag caoineadh le dhá mhí ó tháinig STAD iomlán ar an gcraic, an ceiliúradh agus an caitheamh siar coirdiail ó cheann ceann na tíre. Caoinim leo. Ach cén leigheas atá air?

Is mé an chéad duine a d’admhódh go mbínn ite ag an imní sna laethanta roimh cheann de na cóisirí lae breithe seo. Dá mba mé bean an tí, atá i gceist agam, ar ndóigh.

An chéad bhliain ar chur muid cóisir ar bun, bhí Beainín na Naíonáin Bheaga ag ceiliúradh a séú breithlá agus shocraigh muid an chóisir a chur ar bun sa teach.

Ní déarfaidh mé go bhfuil an teach beag, ach níl sé mór. Tá spás dúinn féin ann, agus b’fhéidir beirt eile, triúr dá mbeadh brú ort. Bhí a fhios agam é sin, ach níor mhaith liom éinne a fhágáil amach, só thug muid cuireadh do 17 páiste. Seans gur botún a bhí ansin.

Bhí an t-ádh linn go bhfuil scileanna puipéadóireachta ag mo dheirfiúr agus dúirt sí go gcuirfeadh sí féin agus a cara an tsiamsaíocht ar fáil. Ní raibh le déanamh agamsa is ag Fear an Tí ach an bia a thabhairt do na haíonna agus iad a choinneáil gnóthach ar feadh uair an chloig go dtiocfadh na siamsóirí.

Is maith an lá gur feeder mé (beathaitheoir?) nuair a thagann cuairteoirí. Faighim ó mo mháthair é, sílim.

Bliain amháin, cuimhním, leaindeáil gaolta i bhfad amach anall as Albain gan mórán coinne.

D’fhan siad coicís sa teach, is níor thuig muid dhá fhocal amach as a mbéal an t-achar uilig a raibh siad ann. “Beidh greim le n-ithe agaibh,” a deireadh mo mháthair leo uair ar bith a dtagadh tost sa gcomhrá is sheolfaí duine againn amach go dtí an chistineach ag déanamh tae.

Ag an gcéad chóisir sin ag Beainín na Naíonáin Bheaga, shíl mé go dtógfadh sé uair an chloig ar na gasúir an bia a ithe agus faoin am go mbeidís réidh go mbeadh an tsiamsaíocht tagtha. Níor thuig mé cé chomh sciobtha is atá slua páistí in ann lán búit bia a ithe. Ba gheall le saithe lócaistí iad ag tuirlingt ar gharraí cruithneachta. Dá mbeadh lócaistí gleoite, ar ndóigh, atá i gceist agam.

Bhreathnaigh siad anonn ormsa ansin, ‘Céard a dhéanfaidh muid anois?’ a d’fhiafraigh siad díom d’aon ghuth. Ceapaim gurb in an uair gur imigh an mothú asam. Níl a fhios agam cén fhad a raibh mé gan aithne gan urlabhra, ach nuair a tháinig mo mheabhair ar ais chugam, chuimhnigh mé ar an gcáca lae breithe.

Ar an drochuair, bhí dúbailt déanta agam ar an oideas, is níor chuimhnigh mé an cáca a fhágáil sách fada san oigheann. Bhí sé togha ar an taobh amuigh, ach ní raibh sé amhlaidh istigh.

Faraor, ní bhfuair mé é sin amach go dtí go raibh Lá Breithe Sona Duit casta againn, na coinnle séidte amach agus an chéad slisín á ghearradh. B’in an uair a dhoirt putóga an cháca amach ar an mbord.

Thosaigh roinnt de na páistí ag caoineadh.

Beidh camchuairt na gcóisirí an tsaoil nua an-difriúil agus níl muid ach ag iarraidh a ghabháil ina chleachtadh.

Tá chuile dhuine ag iarraidh bualadh lena chéile ach an fhadhb atá againn ná nach bhfuil a fhios againn cén chaoi lena dhéanamh i gceart.

Mar a léirigh an Taoiseach ar an deireadh seachtaine agus é ag déanamh bolg le gréin lena chairde i bPáirc an Fhionnuisce, is deacair greim cheart a fháil ar an étiquette cuartaíochta aimsir seo an scoite fisiciúil. Léine nó gan léine? Sin í an cheist.

Tá na cuirí ag teacht go tréan.

Ní chugamsa, ar ndóigh. Níl aon saol sóisialta agamsa níos mó. Ach tá cóisirí na faoi-deich-eanna faoi lán seoil arís, faoi mhúnla nua. Bhí muid ag cóisirí Zoom, cóisirí ‘Tiomáin thar an teach is béic Lá Breithe Sona amach an fhuinneog’ agus cóisirí ‘siúil thar an teach is caith mála milseán isteach thar an gclaí’.

Ní haon iontas na cóisirí a bheith ar m’intinn agam, mar go mbeidh breithlá mór sa teach againn féin faoi cheann coicíse agus An Babaí ag ceiliúradh a séú breithlá. ‘B’in an bhliain ab fhearr de mo shaol,’ a chuala mé Beainín na Naíonáin Bheaga ag rá leis i gcogar an lá cheana. ‘Tá neart blianta maithe eile amach romhat,’ a gheall mé di.

Níl a fhios agam fós céard a dhéanfaidh muid, ach ní cheapaim go mbeinn in ann ag an gcóisir scoite. Gabhfaidh muid ar ais ar an tseanstíl, sílim.

Cáca lá breithe sa mbaile linn féin.

Is má bhíonn an t-ádh linn, ceann a bheidh bácáilte sa lár freisin.

Fág freagra ar 'Tá an chóisir scoite anois de rigeur don pháiste faoi dheich'