‘Tá an chaid ag Jack O’Shea…’ a bhíodh ann, ach bhí a laochra féin ag foireann óg seo na Gaeltachta’

Agus an Ghaeltacht ag prapáil do chluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann labhair Tuairisc.ie le duine d’fhathaigh stair an chlub, Liam Ó Rócháin

‘Tá an chaid ag Jack O’Shea…’ a bhíodh ann, ach bhí a laochra féin ag foireann óg seo na Gaeltachta’

Imreoirí na Gaeltachta ag ceiliúradh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín.

Agus An Ghaeltacht ag súil le háit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann arís, tá sé deacair gan cuimhneamh ar an bhfoireann a shroich Páirc an Chrócaigh ar lá mór na gclubanna in 2004.

B’in ceithre bliana déag ó shin, áfach, agus nuair a rachaidh fir Chorca Dhuibhne chun páirce i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann an Domhnach beag seo i gcoinne An Mhaí as Tír Eoghain, is é Marc Ó Sé an t-aon imreoir a bheidh acu a d’imir sa chluiche a chaill siad in aghaidh na Cealtraí Lá Fhéile Pádraig in 2004.

É sin ráite, tá baint mhór ag imreoirí na foirne sin leis an nGaeltacht i gcónaí agus ceathrar acu ar fhoireann bainistíochta an lae inniu. Tá Ó Sé féin agus Conall Ó Cruadhlaoich ina gcomhbhainisteoirí anois ar an bhfoireann óg a bhfuil gaisce déanta i mbliana acu, agus tá beirt eile ó ré órga sin i dtús na mílaoise, Dara Ó Cinnéide agus Tomás Ó Muircheartaigh, ina roghnóirí.

Fear a luaitear go minic le múnlú imreoirí na glúine órga sin is ea Liam Ó Rócháin. Fiafraigh de dhuine ar bith de laochra na ré sin cérbh iad na daoine is mó a d’fhág a lorg orthu mar imreoirí agus bí cinnte go luafar Ó Rócháin, a mbainisteoir faoi aois.

Agus ceathrar dá chuid printíseach anois ar an stiúir sa seomra feistis agus ar an bpáirc traenála, deir Ó Rócháin go bhfuil tionchar nach beag acu féin ar an nglúin is déanaí imreoirí óga cumasacha atá ag an gclub.

Dar le Liam Ó Rócháin, tá nasc láidir eile ann idir an fhoireann sin a bhí i mbarr a réime ag tús na mílaoise agus an ceann a raibh an oiread sin ratha orthu in 2017.

“Is toradh díreach é seo ar an spleodar caide, más é sin an focal, a bhí sa Ghaeltacht ó shroicheamar Craobh an Chontae den chéad uair in 2000 go dtí Lá Fhéile Pádraig 2004,” a deir sé.

Chaith Ó Rócháin na blianta ag traenáil foirne faoi aois an chumainn agus é luaite go minic ag na deartháireacha Uí Shé agus ag Dara Ó Cinnéide agus a leithéidí mar dhuine de na daoine is tábhachtaí i stair chumann caide na Gaeltachta.

Liam Ó Rócháin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ní fhéadfaí, a deir Ó Rócháin, gan a bheith tógtha leis “an sprid agus an spleodar a bhí ann ó thaobh na caide” sa Ghaeltacht nuair a bhí an cumann ag buachan craobhacha an Chontae ag tús na mílaoise.

Idir na coirn a thug an cumann leo agus na cinn a bhuaigh fir na Gaeltachta le Ciarraí, ba mhinic laochra dá gcuid féin a bheith ar cuairt ag daltaí óga na dúiche ag an am agus, dar le Ó Rócháin, bhí an-tionchar aige sin ar an nglúin peileadóirí atá ar thairseach chluiche ceannais na hÉireann iad féin anois.

“Bhíodh na himreoirí ag teacht chun na bunscoile agus an-spreagadh ab ea sin [don ghlúin seo] nuair a bhíodar óg. Ag deireadh na n-ochtóidí, déarfaimis, is ar laochra de chuid an chontae a bheadh leaideanna óga ag déanamh aithrise. Ach nuair a bhíodar seo óg, is ar laochra na Gaeltachta a bhídíst ag déanamh aithrise. Leaid óg amuigh sa ghort, bhíodh sé ag rá, ‘Tá an chaid ag Jack O’Shea…’, ach fir na Gaeltachta na laochra a bhí acu seo.”

Ní hamháin go raibh ábhar spreagtha ag imreoirí an lae inniu nuair a bhí siad óg, ach measann Ó Rócháin gur mhór an chabhair dóibh na laethanta uile a chaith siad féin i gcomhluadar a chéile ar scoil, rud nach dtarlaíodh i gcónaí san am a caitheadh.

“An fhoireann dheireanach, ní dóigh liom go gcuireadar aithne ar a chéile go dtí go rabhadar beagáinín níos sine. Roimhe sin arís, ag dul siar go dtí na hochtóidí, bhídís ag dul isteach chuig scoil an Daingin ós na paróistí difriúla, Dún Chaoin, Baile an Fheirtéaraigh, an Fheothanach.

“Nuair a bhídís i Scoil na mBráithre [a bhí ann roimh an bpobalscoil sa Daingean], ní bheadh a fhios ag fear na Feothanaí gurbh í an Ghaolainn teanga an tí ag fear Bhaile an Fheirtéaraigh, ní bheadh aithne acu ar chéile.

Chabhraigh Bord na nÓg anso sa Ghaeltacht go mór leis sin, ó thaobh cúrsaí teanga ar dtús agus ansin ó thaobh na peile de. Tá sé i bhfad níos fearr an uair seo ó thaobh aithne a bheith acu ar a chéile agus taithí a bheith acu ar a chéile.”

Buntáiste eile atá ag an nglúin seo, dar le Ó Rócháin, ná an caighdeán cóitseála atá ar fáil dóibh.

“Scata acu, bhí siad ar fhoirne forbartha an chontae, rud nach raibh ag an bhfoireann dheireanach. Tá caighdeán traenála an-ard fachtha acu sin. Tá an chaid imithe an-phroifisiúnta anois. Bhíodh an dream eile ag lascadh na caide timpeall an ghoirt agus an stíl, deirimis, ‘dhúchasach’ múinte dóibh. Anois tá an rud i bhfad níos eagraithe.

“Bhí an-chuid cóitseálaithe acu seo faoi aois. Mé féin a bhí ann leis an dream deireanach, Faoi-12, Faoi-14, Faoi-16. Leis an dream seo, bhí Pól Ó Cuinn agus, go háirithe, Tomás Ó Conchúir, beannacht Dé air, agus Tommy Beag [Ó Muircheartaigh], atá cíocrach chun caide, acu.”

Ag trácht ar chluiche an Domhnaigh, deir Ó Rócháin go bhfuil sé thar a bheith deacair tuar a dhéanamh.

“Sin é an rud deas faoi na cluichí seo, níl puinn aithne ag na foirne ar a chéile. Chloisfeá rud amháin ó dhuine amháin agus rud eile ó dhuine éigin eile. Fiú an lá eile, dúirt fear amháin liom gur foireann mhór láidir, tiufáltha iad An Maigh. Ansin, deir fear eile go bhfuil siad mór agus láidir, ach go n-imríonn siad peil ana-dheas, go n-imríonn siad caid.

“An dóchas is mó atá agamsa ná an taithí atá faighte againn ag Comórtais Peile na Gaeltachta. Go bhfuilimid imithe taobh amuigh don gcontae chuig an gcomórtais le cúpla bliain anuas agus gur chabhair an-mhór é sin.”

Fág freagra ar '‘Tá an chaid ag Jack O’Shea…’ a bhíodh ann, ach bhí a laochra féin ag foireann óg seo na Gaeltachta’'