Bhí pointe maith an lá cheana ag Donald.
Donald Tusk atá i gceist agam anois, príomhaire na Polainne.
‘Tá 500 milliún Eorpach ag iarraidh ar 300 milliún Meiriceánach iad a chosaint ar 140 milliún Rúiseach,’ a dúirt sé agus é ar a bhealach chuig mórchruinniú faoi shábháilteacht na hEorpa i Londain Dé Domhnaigh. ‘Nach bhfuil cuma ait air sin?’
Is cinnte go bhfuil cuma ait air sin, agus ar bhealach, níl aon difear idir an pointe a rinne Donald Tusk agus an pointe atá á dhéanamh ag an Donald eile sin, Trump, le fada an lá: tá an Eoraip ag brath i bhfad rómhór ar na Stáit Aontaithe nuair atá cúrsaí cosanta i gceist.
Tá difear ollmhór, áfach, idir an chaoi a mbreathnaíonn Donald na Stát agus Donald na Polainne ar an neamhréir aisteach sin idir daonra na hEorpa agus meon na nEorpach maidir le cúrsaí slándála.
Laige agus leisce a fheiceann Donald Trump agus níl sé leis féin: sin é go díreach a fheiceann Vladimir Putin agus sin é an fáth go raibh sé de mhisneach aige siúd ionradh iomlán a dhéanamh ar an Úcráin trí bliana ó shin.
Ón dara cogadh domhanda i leith, tá iarthar na hEorpa, agus ó thit balla Bheirlín, tá muintir na hEorpa ar fad, ag brath go mór ar shaighdiúirí Meiriceánacha le hiad a chosaint. Agus bímis soiléir faoi: Meiriceánaigh de dhath cuid mhór de na saighdiúirí sin, fir agus mná óga a tháinig ar an saol i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar imill Philadelphia agus Baltimore, Detroit agus Cleveland, Omaha agus LA, agus nach raibh mórán de dheiseanna saoil acu riamh ach dul isteach san arm.
Idir an dá linn bhí sé de shaoráid ag muintir na hEorpa fáil réidh leis an gcoinscríobh, gearradh siar ar an gcaiteachas slándála, an t-airgead sin a chaitheamh ar línte tram agus rudaí deasa eile, agus tabhairt amach faoi Mheiriceá ag déanamh ‘póilíneachta’ ar an domhan.
Ná baintear an bhrí mhícheart as seo. Ní ag cosaint an Trumpaigh atá mé ná ag cosaint na gcogaí a d’fhear Meiriceá san Iaráic, san Afganastáin nó go deimhin i Vítneam.
Ach aithním, mar Eorpach, go raibh muid spleách i bhfad rómhór ar lámha láidre na Meiriceánach.
Leis an gceart a thabhairt dúinn, cé a chuirfeadh locht orainn agus Hollywood á chur ar ár súile dúinn leis na scórtha bliain anuas go bhfuil arm Mheiriceá uilechumhachtach, agus nach bhfuil sárú laochra Mheiriceá ar fáil?
Cá raibh Top Gun na hEorpa agus muid ag fás aníos?
Ach níl sé rómhall.
‘Tá fathach i ndiaidh dúiseacht san Eoraip,’ a deir Donald Tusk.
Fathach 500 milliún duine a aithníonn, sa deireadh thiar thall, go bhfuil athrú as cuimse ar an saol; go raibh muid inár gcodladh fiú agus cogadh ar leac an dorais, go raibh muid leisciúil, dúr agus soineanta.
Tá sé in am ag an fhathach sin cupán caife a shlogadh siar, breathnú sa scáthán agus 200 ‘brú aníos’ a dhéanamh – ní d’fhonn a thoil a chur i gcion ar an gcuid eile den domhan, mar a rinne cheana, in aimsir an choilíneachais, ach chun saoirse agus luachanna na hEorpa a chosaint.
JP
Tá an chuma air go mbeidh an t-áimeon airgid á chaitheamh ag gach tír san Eoraip ar airm sna blianta amach romhainn agus iad ag tiargáil chun cogaíochta.
Scanradh Dé ceart a bheadh ansin.
Nó cad d’imigh ar an socrú síochána Pan-Eorpach a bhí idir chamáin cúpla bliain ó shin, ina mbeadh an Rúis rannpháirteach agus a raibh Putin féin báidhiúil leis?
An Rúis a thabhairt isteach san AE…agus i NATO?
Tá dualgas ar cheannairí na hEorpa gach dícheall a dhéanamh chun teacht ar entente de chineál éigin sula mbeidh sé ró-dhéanach.
Rud nach ndearna Biden,
ní mór a admháil.
“Is leor, le go mbuafaidh fórsaí an oilc, go seasfadh daoine maithe i leataoibh agus gan dada a dhéanamh.”
Agus ní mise a dúirt.
Graham Moran
Tá an cheart again, a JP, go bhfuil ré scanrúil ag teacht. Nílim ag tnúth leis.
Caithfidh an Eoraip airgead a chaitheamh ar aon nós chun bheith in ann muid féin a chosaint. Eire san áireamh. Ach tá sé níos soiléire nach bhfuil Putin ag iarraidh entente ar éigin a fháil má chiallaíonn sé sin nach féidir leat na tíortha a thógaíl mar is mian leis. Tá muid i mbaol, ach tá na tíortha Bhaltacha, an Fhionlainn, an Phólainn i gcontúirt faoi leith.
Is féidir linn seasamh i leataoibh agus fanacht go dtí go dtagann an Rúis chugainn, nó is féidir linn teacht le cheile agus Eoraip a choimeád saor. Is mise a dúirt.