Tá an bonn a fuair mo chara Thérèse O’Donoghue ón bPápa tuillte go maith aici

Ar cuairt chuig mo chara mar gheall ar an aitheantas a fuair sí le gairid ón bPápa a bhí ár gcolúnaí le déanaí

Tá an bonn a fuair mo chara Thérèse O’Donoghue ón bPápa tuillte go maith aici

Bhí  oifig an pharóiste cosúil le hoifig léiriúcháin scannán. Daoine ag siúl isteach is amach, daoine ag iarraidh cártaí Aifrinn, an sagart paróiste ag coinneáil cluas lena raidió beag, ball den bhuíon dheonach Eocairisteach ag iarraidh comhairle, madra beag an tsagairt pharóiste – Missy – ag beannú do gach éinne.

Agus istigh ina lár, go ciúin, séimh, múinte, an bainisteoir léiriúcháin í féin, Thérèse O’Donoghue, rúnaí an pharóiste. I ndáiríre, ba cheart ‘Bainisteoir’ a bheith mar theideal uirthi agus í ag reáchtáil ceann de na paróistí is gnóthaí sa tír – Paróiste Bhaile an Bhóthair, i ndeisceart na cathrach.

Ar cuairt chuig mo chara mar gheall ar an aitheantas a fuair sí le gairid ón bPápa – Bene Merenti – a bhí mé an mhaidin cheana. Le 20 bliain anuas tá Thérèse i mbun na hoibre seo sa pharóiste agus is iomaí athrú atá feicthe aici i rith na mblianta sin. Fiosracht faoi sin agus faoi chúrsaí eile a thug mé ar cuairt chuici an mhaidin seo.

Ach go tobann tháinig an t-athrú is deireanaí i saol na tíre sa mhullach orainn ar fad. Bhí duine den bhuíon dheonach Eocairisteach istigh in oifig Thérèse agus ceist aici –

ar chóir di a fear céile, a raibh néaltrú nó ‘dementia’ air a thabhairt chuig an Aifreann ar an Domhnach?

Bhain an sagart paróiste an tAthair Gerry Kane a chluas den raidió beag agus sháigh a chloigeann isteach san oifig – “nár chuala tú comhairle an Ardeaspaig- fanaigí sa mbaile”. Bhí an raidió beag lena chluais arís aige agus é ag fanacht le fógra nua ón Rialtas. Ba ghearr go raibh comhairle an ardeaspaig caite i dtraipisí agus an saol iompaithe bunoscionn.

“Tá bac curtha ar chruinnithe agus ar theacht le chéile,” a deir an sagart. “Beidh orainn gach rud a chur ar ceal.”

“Táim ag gairm cruinniú ‘Cobra’ dár gcuid féin san oifig taobh le Thérèse,” a d’fhógair sé.

Bhreathnaigh mé timpeall orm, ar na daoine ar fad a bhí ag obair don eaglais, na daoine deonacha, na daoine a bhí bailithe isteach san ionad nua paróiste do chupán caife tar éis an aifrinn, na daoine a bhí ag ceannach na gcártaí aifrinn…Ba ghearr go gcuirfí deireadh leis sin ar fad – ach go ceann cén t-achar?

Beidh an sagart in ann an t-aifreann a ‘chraoladh’ ar an idirlíon. Agus is deis iontach é sin don phobal – ach ba léir go mbeidh tionchar sóisialta nach beag ar an bparóiste anois de bharr theacht an víris. Ag Dia féin atá a fhios cén toradh a bheas air sin.

Thug Thérèse síos mé (tar éis an chruinnithe) chuig an Ionad Nua Pobail atá tógtha sa bhfoirgneamh a bhíodh ag Siúracha na Trócaire fadó. Bhí boladh deas caife ag teacht im’ threo.

“Bíonn sé ar nós an ‘Ballroom of Romance’ anseo go hiondúil,” a dúirt sí – “mná ar thaobh amháin agus fir ar an taobh eile.” Bhí aithne phearsanta aici ar gach éinne. “Caithfidh tú a bheith in ann go leor jabanna éagsúla a dhéanamh sa phost seo,” arsa Thérèse. “Ní fhéadfaidh tú a rá – ó, ní ormsa a thiteann an cúram sin.”

Caithfidh sí a bheith réidh do chuile chineál eachtra.

Maidin amháin le gairid, agus aifreann pósta ar siúl, bhí Thérèse ag siúl timpeall coirnéil nuair a thug sí seandréimire faoi deara, leagtha in aghaidh an bhalla agus fear á dhreapadh suas leis féin, gan aon chúnamh. Lig sí béic.

“Tá mé ag iarraidh mo ‘dhrón’ a thógáil anuas – tá sé imithe i bhfostú sa díon áit éicint,” arsa an fear. Chuir sí fainic air an dara huair. “Tar anuas ar an bpointe- níl aon chead agat a leithéid a dhéanamh!” Dúirt duine de mhuintir an pharóiste nár chuala sé a leithéid de bhéic uaithi riamh.

Bhí an-trua ag fear an dróin dó féin. Nach bronntanas bainise don lánúin nuaphósta a bheadh sna pictiúir? Níor ghéill sí. Chonaic sí an chontúirt, chonaic sí an t-éileamh mór árachais, chonaic sí é ag tarlú arís. D’fhan an drón mar a bhí, gur tháinig an fear ar ais, le cead agus crann tógála híreáilte aige lena thabhairt anuas. Bronntanas costasach.

Uair amháin bhí paróiste Bhaile an Bhóthar mór millteach – sular tosaíodh ag forbairt bruachbhailte eile. De réir a chéile laghdaigh sé go dtí an ceantar ina bhfuil sé anois – agus Eaglais Deastógáil na Maighdine Muire, a tógadh in 1813 ina lár.

Ach is féidir an stair a rianú siar go dtí lár an 17ú céad. Bunaíodh an paróiste i 1616  agus tá ainmneacha na sagart agus na sagart cúnta ar fad liostáilte sa leabhar ‘From the Sea to the Mountains’ – leabhar a chuir an sacraistíneach Paul Lyng amach sa mbliain 2016.

Agus cén chaoi a bhfuil cúrsaí ann inniu? Tá cosúlachtaí an rachmais ar an bparóiste seo i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. As an 3,500 teach – tagann thart ar 400-500 clúdach ‘Airgead na Cásca‘ ar ais. Bhíodh sé cinn d’Aifrinn ann gach Domhnach – anois bíonn trí cinn acu. Sagart amháin atá ag obair ann anois.

Agus céard faoi bhainiseacha? ‘Tá laghdú de thart ar dhá thrian orthu sin,’ a deir Thérèse. Ní hé nach bhfuil daoine ag pósadh, ach is fearr leo ‘áiteanna nó séipéil shuimiúla’ a aimsiú – é sin, nó b’fhearr leo an searmanas sibhialta. Agus fearacht go leor paróistí eile sa gcathair, tá deireadh ar fad leis an ‘aistriú coirp’ a bhíodh mar chuid den searmanas adhlactha. Bíonn ‘faire’ sa teach cónaithe anois nó tarlaíonn sé sa teach tórraimh.

An t-athrú is mó b’fhéidir atá feicthe aici ná an bhéim anois ar obair na ngnáthdhaoine – ní gá ach súil a chaitheamh ar na liostaí de dhaoine deonacha a dhéanann obair na gcéadta gach seachtain – bláthanna, glanadh, léamh ag Aifrinn, dáileadh na hEocairiste, obair le páistí, coiste airgeadais, coiste sochraidí, coiste baiste, réiteach don Chomaoineach, réiteach don Chóineartú agus go leor eile.

“Ní post é seo i ndáiríre,” a deir Thérèse. “Tá an post níos leithne ná an ‘cur síos’ a dhéantar air. Seo obair ar son na hEaglaise – seo mo chuidse.”

Tá an bonn a fuair sí ón bPápa tuillte go maith aici.

Fág freagra ar 'Tá an bonn a fuair mo chara Thérèse O’Donoghue ón bPápa tuillte go maith aici'