Tá an Bheainín ag dul chuig an siopa léi féin den chéad uair

Céim mhór eile ar bhóthar an neamhspleáchais a bheith curtha go dtí an siopa leat féin chun bainne agus builín a fháil

Tá an Bheainín ag dul chuig an siopa léi féin den chéad uair

‘Tá’s agat anois céard atá ag teastáil, nach bhfuil a fhios?’ a d’fhiafraigh mé den Bheainín agus í ar a bealach amach an doras go dtí an siopa. ‘Mura mbeinn in ann cuimhneamh ar bhainne agus ar bhuilín bheinn go dona,’ a d’fhreagair sí.

‘Is an bhfuil mála agat?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Tá,’ a deir sí, is thug bosóg dá póca áit a raibh an mála i dtaisce aici.

‘Tá an cárta agat?’ a d’fhiafraigh mé.

Bhreathnaigh sí trí na fabhraí orm. ‘An bhféadfaidh mé imeacht?’ a dúirt sí.

‘Féadfaidh,’ a dúirt mé. ‘Maith an cailín, ná labhair le haon strainséirí, ok, imigh leat.’

D’imigh sí amach an doras agus dhún ina diaidh é. Chuala mé fuaimeanna an chluiche físeáin a bhí an bheirt eile ag imirt sa seomra suite ag ardú is ag ísliú. Ní raibh aon aird acu ar an ócáid mhór thábhachtach a bhí faoi lán seoil sa halla. A céad turas go dtí an siopa ina haonar ag an mBeainín. Céim eile ar bhóthar an neamhspleáchais.

Thosaigh mé ag faire ar an gclog. Dhá nóiméad imithe.

Cén fhad a thógann sé a ghabháil go dtí an siopa agus a theacht ar ais, a chuimhnigh mé. Cúig nóiméad. Ní hea, tá sé sin rósciobtha. Deich nóiméad? Céard faoi má thosaíonn sí ag caint le duine éigin? Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cén uair ba cheart di a bheith ar ais?

Trí nóiméad imithe.

Buntáiste mór atá ag an té atá in ann a ghabháil ag an siopa leo féin ná gur féidir leo rud nó dhó a fháil sa mbreis ar an tsiopadóireacht mar ‘tháille’ ar a gcuid seirbhísí siopadóireachta. Abair dá gceannófá dhá lítear bainne, builín agus leathdhosaen uibheacha, d’fhéadfá pacáiste guma coganta a cheannacht os a chionn sin agus is suarach an té a thabharfadh amach duit.

Tá rialacha ag baint leis an mblúirín a cheannóidh tú (mar tháille seirbhíse) ar do thuras go dtí an siopa i d’aonar. An chéad riail ná go gcaithfidh tú a ligean ort féin nár cheannaigh tú tada.

An dara riail ná go gcaithfidh tú a bheith réasúnta sa mhéid a cheannóidh tú. Ní chuirfear suim i mbarra seacláide beag, leithéidí an Chomp nó an Freddo, ach má cheannaíonn tú pacáiste mór brioscaí seacláide tá tú imithe rófhada.

An tríú riail ná é a ithe ar do bhealach abhaile nó bíodh sé i bhfolach go maith agat. Má fheiceann aon duine, go háirithe aon duine de do dheirfiúracha nó deartháireacha rud éigin deas agat beidh siad ag iarraidh ort é a roinnt leo féin. Laghdóidh sé do bhrabach go mór má bhíonn ort greamanna a thabhairt uait do dhaoine eile de do dheoin nó d’ainneoin, bhuel, d’ainneoin. Beidh tú i do chircín beag rua ag roinnt le daoine a chaith an t-am ar fad ag imirt cluichí físe nuair a bhí tusa amuigh ag saothrú.

Sé nóiméad déag.

Chuala lámh an dorais á hoscailt faoi dheireadh. Rith mé anonn go dtí doirteal na cistine is thosaigh ag rinseáil soithí, ar nós cuma liom.

‘Tá mé ar ais Mamaí,’ a d’fhógair sí isteach ón halla.

 

Fág freagra ar 'Tá an Bheainín ag dul chuig an siopa léi féin den chéad uair'

  • Éilís Ní Anluain

    Gleoite amach is amach

  • Mártan Ó Ciardha

    Paiteanta