‘Tá an baol ann go mbeidh an plé faoin teanga ag tarlú i mboth mhacalla’ – todhchaí na Gaeilge faoi chaibidil ag féile i mBéal Feirste

Tá gá le níos mó daoine ó chúlraí éagsúla a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus tá an tUrramach Jim Stothers ag súil go n-imeoidh an ‘naimhdeas’ atá ag daoine áirithe don teanga

‘Tá an baol ann go mbeidh an plé faoin teanga ag tarlú i mboth mhacalla’ – todhchaí na Gaeilge faoi chaibidil ag féile i mBéal Feirste

Cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne ag díospóireacht faoi thodhchaí na teanga ag féile i mBéal Feirste.

‘Cá háit anois don Ghaeilge céad bliain i ndiaidh deighilt na tíre?’ an téama a phléigh  an painéal cainte ag féile Imagine Belfast le déanaí. 

Dúradh le linn na díospóireachta go raibh an baol ann go mbeadh an plé faoin nGaeilge ag tarlú “i mboth mhacalla” mura ndéanfaí iarracht níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teanga.

Ar an phainéal cainteoirí bhí Máirtín Ó Muilleoir, iar-mhéara Bhéal Feirste; Katie Ní Chléire, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona; Pól Deeds, Príomhfheidhmeannach An Droichead; agus An tUrramach Jim Stothers ó Oirthear Bhéal Feirste. Ba é Réamonn Ó Ciaráin, Stiúrthóir Oideachais Gael Linn, a rinne cathaoirleacht ar an bplé.

Dúirt lucht eagraithe na hócáide go rabhthas ag iarraidh peirspictíochtaí úra agus éagsúla ar an teanga a fháil.

“Má tá muid le níos mó daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge tá orainn an síneadh láimhe atá ag an Ghaeilge a mhéadú,” a dúirt Ó Ciaráin. “Tá ar an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh oiread is féidir, ag féilte mar Imagine Belfast. Bíonn baol ann i gcónaí go mbeidh an plé faoin teanga ag tarlú i mboth mhacalla mura n-osclaíonn muid an comhrá amach don mhórphobal.”

Thosaigh an An tUrramach Jim Stothers ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí sé fiche bliain d’aois, cé nach raibh an Ghaeilge ná stair na hÉireann fiú á dteagasc in Oirthear Bhéal Feirste agus é ag fás aníos. 

Dúirt sé go raibh níos mó oibre le déanamh má tá níos mó daoine sa mhórphobal chun an teanga a ghlacadh chucu féin, go háirithe iad siúd ó thuaidh nach bhfuil cur amach acu ar an nGaeilge go fóill.

“Tá súil agam go n-athróidh an naimhdeas atá ag roinnt daoine i leith na Gaeilge mar is cinnte nach bhfuil gá leis,” a dúirt an tUrramach Stothers, a bhain Máistreacht Ealaíne sa Diagacht amach ar staidéar a rinne sé ar úsáid stairiúil na Gaeilge ag Preispitéirigh agus iad ag plé le Caitlicigh.

D’aontaigh a raibh i láthair go raibh gá le plé mar seo ag féilte ar nós Imagine Belfast le go mbeadh scéal na Gaeilge á phlé ar ardáin éagsúla ag daoine ó chúlraí difriúla.

“Má tá muid leis an dul chun cinn ar mhaith linn a dhéanamh maidir le teanga dhúchais na tíre seo,” a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, “ní mór dúinn a bheith sásta tuairimí réasúnta ó achan taobh a chloisteáil agus iad a phlé go ciallmhar.” 

Dúirt Ó Ciaráin go raibh sé tábhachtach na tuairimí sin “nach n-aontaíonn muid leo” a chloisteáil agus “plé siosmaideach” a dhéanamh orthu. “Ní hualach do dhuine ar bith í teanga,” a dúirt sé.  

Cé gur aontaíodh gur gá níos mó daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge, measadh freisin go raibh gá le tacaíocht ó na húdaráis chun an teanga a thabhairt slán. 

Luaigh Katie Ní Chléire go raibh dul chun cinn mór le déanamh go fóill ag Ollscoil na Banríona maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge agus maidir le feiceálacht na teanga ar an champas. Mhol sí féith na feachtasaíochta a léiríonn pobal na Gaeilge ó thuaidh.

Dhírigh Máirtín Ó Muilleoir ina chuid cainte ar na buntáistí oideachasúla, eacnamaíochta agus cultúrtha a bhaineann leis an Ghaeilge. Dúirt Ó Muilleoir go raibh dul chun cinn mór déanta maidir le cur chun cinn na Gaeilge thuaidh agus theas ach go bhfuil an teanga i mbaol mar sin féin.

“Níl ach dhá thír san Eoraip ina bhfuil an teanga dhúchais ag fás iontu mar theanga laethúil an phobail ag cainteoirí dúchais, An Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach. Tá infheistiú mór déanta acu ansin sna meáin, san oideachais agus sa reachtaíocht. Tá orainn foghlaim ón dea-chleachtas idirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Bhí Pól Deeds an-dearfach faoin dul chun cinn atá feicthe aige féin maidir le cúrsaí Gaeilge sa phobal, san oideachas agus sna healaíona. Bhí sé den bharúil gur chóir an reachtaíocht atá geallta le fada an lá a thabhairt isteach anois.

“Tugann an reachtaíocht cosaint do phobal na Gaeilge ach tugann sí cosaint dóibh siúd atá in amhras faoin teanga mar cuireann sí in iúl cad tá le déanamh ag institiúidí ar son na teanga, ach fosta cad nach bhfuil iallach orthu a dhéanamh lena ndualgais a chomhlíonadh. Níor chóir eagla a bheith ar dhuine ar bith faoi reachtaíocht teanga,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Tá an baol ann go mbeidh an plé faoin teanga ag tarlú i mboth mhacalla’ – todhchaí na Gaeilge faoi chaibidil ag féile i mBéal Feirste'