‘Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi’ –‘Tionscnamh don Ghaeilge’ fógartha ag Uachtarán na hÉireann do 2016

Agus Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge á hoscailt go hoifigiúil aige anocht, dúirt Michael D Higgins ‘nár chóir aon eagla a bheith orainn ár n-aghaidh a thabhairt ar bhealaí nua chun an teanga a chur chun cinn’

20/04/2013. SVP conference. President Michael D Higgins speaks at the St Vincent de Paul's conference at the Convention Centre today to celebrate the bi-centenary of the birth of the SVP founder Frederic Ozanam. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá Uachtarán na hÉireannn, Michael D Higgins ag tabhairt faoi ‘Tionscnamh don Ghaeilge’ “chun aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí teanga i rith na bliana seo 2016”.

D’fhógair an tUachtarán an méid sin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath anocht agus Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge á hoscailt go hoifigiúil aige.

Dúirt sé chomh maith “nár chóir aon eagla a bheith orainn ár n-aghaidh a thabhairt ar bhealaí nua chun an teanga a mhúineadh, a fhoghlaim agus a úsáid, sa chóras oideachais agus lasmuigh de”.

Mheabhraigh sé do lucht na hArd-Fheise “gur straitéis faoi leith a bhí ag baint leis an teanga a dhíbirt ón tír”.

“Is mór an dúshlán é teanga a chur faoi chois, agus is mó an dúshlán fós é teanga a athbheochan,” a dúirt sé.

Ba údar dóchais don Uachtarán, áfách, an “dea-thoil” a bhí ag an bpobal i leith na Gaeilge agus mórtas teanga an aosa óig, go háirithe.

Dúirt sé gur léir dó agus é ag taisteal na tíre go bhfuil féinmhuinín ag daoine óga “as a dteanga dhúchais a úsáid”, bíodh siad sa Ghaeltacht nó i nGaelscoileanna na tíre.

Ba chúis dóchais dó chomh maith “an chruthaitheacht, an smaointeoireacht agus an spraoi trí Ghaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil gach oíche sna cláir éagsúla ar TG4 agus ar na stáisiúin eile raidió agus teilifíse”.

“Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi, agus beidh sí ar bun go mbainfimid an sprioc amach,” a dúirt sé.

Mhaígh an tUachtarán nár chóir lagmhisneach a bheith ar phobal na Gaeilge agus an teanga, dar leis, “ag dul sa treo ceart”.

“Tá lucht na Gaeilge ag tabhairt faoin athbheochan anois lé céad caoga bliain, ach níl san am sin i saolré teanga ach faiteadh na súl, agus níor cheart díomá a bheith orainn de bharr ár n-easpa ratha go dtí seo.”

Dúirt sé gurb é an aidhm a bhí ag lucht bunaithe an Chonartha agus ceannairí an Éirí Amach ná sochaí nua a thabhairt ar an saol.

“An t-idéal a bhí acu ná sochaí Ghaelach a athchruthú a bheadh oiriúnach don phobal Éireannach agus ag a mbeadh ceangal díreach lena n-oidhreacht Ghaelach. Ba é aidhm na físe nua ná áit na bréagshochaí coilíní a líonadh.”

Chun go dtiocfaimis slán ar fad ó chuing an choilínithe chaithfí, a dúirt an tUachtarán, Éire “a athEorpú” chomh maith len í “a dhíghalldú” mar a mhol an Craoibhín.

“Ar an mbealach sin, b’fhéidir go ndruidfimis amach ó scáth na staire agus ó na bacainní éagsúla a chuireann sí romhainn, ní hamháin maidir leis an nGaeilge ach maidir leis na tréithe eile atá coitianta i measc tíortha iarchoilíneacha.”

Dúirt sé gur thug an “dul chun cinn” atá déanta ag pobal na Gaeilge sa Tuaisceart “sásamh faoi leith dó” agus mhol sé “fuinneamh” lucht na teanga ó thuaidh.

Mhol sé chomh maith na hiarrachtaí atá ar bun an teanga a chur chun cinn i measc an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh. “Tá fáilte roimh chách i bpobal na Gaeilge agus is féidir gach saghas “saoirse intinne” a chleachtadh, is cuma cén dúchas atá ag duine,” a dúirt an tUachtarán.

Thug an tUachtarán le fios go raibh rún aige “don bhliain stairiúil seo páirt a ghlacadh san oiread imeachtaí agus is féidir a mbeidh an Ghaeilge agus todhchaí na Gaeilge á bplé iontu”.

Glacfaidh sé páirt, a dúirt sé, in imeachtaí ina ndéanfar plé ar na cúiseanna nár éirigh den chuid is mó “le beartas an Stáit maidir leis an dátheangachas”. Tá súil aige freisin freastal ar imeachtaí ag a bpléifear “an dearcadh dearfach atá ag pobal mór na tíre i leith na teanga agus conas cur ina luí orthu í a úsáid”.

Dúirt sé go mbeadh suim ar leith aige i bplé a dhéanamh “ar an ról atá ag oifigigh shinsearacha sa státchóras ceannaireacht a thaispeáint maidir le húsáid na Gaeilge”.

 

Fág freagra ar '‘Tá an athbheochan ar bun agus tá ag éirí léi’ –‘Tionscnamh don Ghaeilge’ fógartha ag Uachtarán na hÉireann do 2016'

  • Glór Í Eo

    Tá comóradh eile ann i mbliana atá lárnach do scéal na Gaeilge i.e. 650 bliain ó Reachtanna Chill Chainnigh agus na céad dlíthe in aghaidh na teanga chomh fada siar le 1366. B’fhiú bailiú le chéile arís ansin agus Reachtanna, nó pleananna nua a fhógairt chun an teanga a fhorbairt agus í a chur chun cinn. B’fhéidir go mbeadh an t-Uachtarán sásta tacú le hOllscoil Ghaeilge agus Gaeltacht mór thimpeall a thógáil i mBaile Átha Cliath?

  • Pól Ó Braoin

    Is cosúil nach bhfuil gá ann níos mó an Ghaeilge a bheith ag oifigigh an státchórais. Feictear dom nach sa státchóras ná in aon phlé a dhéanfaidh mé leis an státseirbhís a fheicfidh mé meas ar bith á thaispeáint ar mo theanga. Caithfidh mé gabháil amach mé féin agus leanacht ar aghaidh ag déanamh mo dhíchill an Ghaeilge a úsáid pébí áit is féidir, agus cabhrú leis an méid is mó daoine agus is féidir atá ag iarraidh cur lena gcumas sa nGaeilge.

  • padraig

    An-smaoineamh ansin ag Glor I Eo. Tacaim go mor leis. Moladh eile: Aon seans go bhfeadfai an fainne oir/airgid a thabhairt ar ais, suaitheantas an-tarraingeach ab ea e agus rud a chuirfeadh in iul do dhaoine eile go bhfuil an teanga agat.

  • Seán Mag Leannáin

    Ina aitheasc dúirt an tUachtarán go mbeadh suim ar leith aige i bplé a dhéanamh “ar an ról atá ag oifigigh shinsearacha sa státchóras ceannaireacht a thaispeáint maidir le húsáid na Gaeilge”. Tá sé seo spéisiúil i bhfianaise a bhfuil le rá ag an iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin in alt leis a foilsíodh i dTuairisc cúpla lá ó shin.