Tá ‘ag teip go hiomlán’ ar an gcóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís – an Coimisinéir Teanga

Dúirt an Coimisinéir go bhfuiltear ag baint de luach na teanga nuair a laghdaítear a stádas. Tá cáineadh déanta chomh maith ar an gcur chuige ó thaobh na Gaeilge sa státseirbhís ag an mbeirt airí a thug an córas isteach

Tá ‘ag teip go hiomlán’ ar an gcóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís – an Coimisinéir Teanga

Tá “ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an gcóras nua earcaíochta don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm sa Státseirbhís trí bliana ó shin, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Idir an dá linn, dúirt iar-Aire na Gaeltachta Dinny McGinley agus an tiar-Aire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin go raibh díomá orthu faoin scéal nach bhfuil ach 15 post sainaitheanta ag 15 Roinn Rialtais mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Tá tuairim is 18,775 post ar fad sa Státseirbhís.

Dhá bhliain ó shin thug Howlin agus McGinley córas úrnua isteach in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, tá painéal daoine le cruthú a bhfuil líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaithe nua sa státseirbhís.

“I would regard it as worrying and unacceptable that only 15 positions out of 18,775 are determined to have Irish Language requirements. Citizens have a constitutional right to conduct their business with all State Departments and Agencies in Irish and English.  It beggars belief that so few positions would require Irish language skills,” a dúirt Brendan Howlin,
ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre le Nuacht TG4 aréir.

Thug Howlin le fios anuraidh, agus é ina aire caiteachais phoiblí,  go raibh a roinn féin, an roinn atá freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí an Stáit i leith earcú daoine sa Státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu, i measc na ranna sin atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn deonach amháin.

Ag tagairt dó don mhéid sin, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie aréir go raibh sé “fánach ag Dinny McGinley agus Brendan Howlin a bheith ag fuarchaoineachán drochpholasaí a thugadar isteach”.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go léiríonn na figiúirí nua “go bhfuil ag teip go hiomlán” ar na cuspóirí a bhí luaite leis an gcóras nua earcaíochta don Ghaeilge a tháinig i bhfeidhm sa Státseirbhís sa bhliain 2013

“Fágann a laghad daoine le Gaeilge atá sa tSeirbhís Phoiblí go laghdófar úsáid agus stádas na teanga i gcóras riaracháin phoiblí an Stáit, gan acmhainn aige freastal orthu siúd gur mian leo a ngnó oifigiúil a dhéanamh trí Ghaeilge. Nuair a laghdaítear feidhm, stádas agus deis úsáidte teanga baintear de luach na teanga sin,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Dúirt sé freisin go bhfuil ceisteanna le cur maidir leis an cuspóirí don tSeirbhís Phoiblí atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, “go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuiltear ag fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhain leis an tSeirbhís Leabharlainne Phoiblí”.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua tá ocht Roinn Rialtais ann nach bhfuil oiread agus post amháin sainaitheanta acu a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó: an Roinn Airgeadais; An Roinn Oideachais; an Roinn Tithíochta; an Roinn Caiteachais Phoiblí; An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta; An Roinn Cumarsáide; an Roinn Leanaí; agus an Roinn Cosanta.

Níl an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta san áireamh san anailís.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, níl ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar chinn do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Ciallaíonn sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist sin.

Níos túisce an mhí seo, dúirt an Coimisinéir Teanga, agus é ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais, gur “sop in áit na scuaibe” a bhí i gceist leis an gcóras atá in ainm is a chinntiú go n-earcaítear daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.

Dúirt sé go “dteastaíonn athruithe struchtúrtha ar an Acht “a rachaidh “i ngleic leis na riachtanais phraiticiúla atá ag lucht labhartha na Gaeilge”.

“Mura ndéanfar é sin is faillí a bheas ann mar beidh muid ag leanúint orainn bliain i ndiaidh bliana ag trácht ar na fadhbanna ceannann céanna,” a dúirt sé leis na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair.

Dúirt sé go bhfuil an baol ann má leantar leis an gcur chuige reatha go gcaillfear an deis “athchothromú a dhéanamh” ar an líon cainteoirí Gaeilge sa Státseirb

Fág freagra ar 'Tá ‘ag teip go hiomlán’ ar an gcóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís – an Coimisinéir Teanga'

  • Eoin Ó Brolacháin

    Is fíor do Trevor. Is mór an náire iad na polaiticeoirí atá ag fuarchaoineacháin anois faoin damáise a rinne siad fhéin. Fuaireadar go leor rabhaidh faoin bpolasaí tubaisteach sin ach thugadar an chluas bhodhar dó

  • Seán Mag Leannáin

    “It beggars belief that so few positions would require Irish language skills,” a dúirt Brendan Howlin, an t-iar-Aire a bhí freagrach as na cúrsaí seo go dtí le gairid. “It beggars belief” go mbeadh iontas dá laghad ar Bhrendan Howlin go bhfaighfeadh sé aon fhreagra eile ón státchóras nuair a chuirtear an cheist céard iad na poist a bhfuil an Ghaeilge ina cáilíocht ‘riachtanach’ dóibh. Post an Ard-Rúnaí i Roinn na Gaeltachta féin fógartha inniu tabhair faoi deara nach gá Gaeilge a bheith ag na hiarrthóirí. Sa chás nach mbeadh Gaeilge líofa ag iarrthóir deirtear go gcaithfeadh sé a bheith in ann líofacht a bhaint amach “laistigh de thréimhse ama réasúnach”. “Laistigh de thréimhse ama réasúnach” – dallamullóg eile ansin ar nós iontas an iar-Aire Howlin.
    https://tuairisc.ie/post-an-ard-runai-i-roinn-na-gaeltachta-fogartha/

  • Seán Mag Leannáin

    Cuir i gcás go raibh post mar chuntasóir a fhógairt nó abraímis post mar mháinlia inchinne an ndéarfaí nach bhfuil an cháilíocht chuí ag teastáil láithreach agus go nglacfaí leat má bhíonn tú sásta geallúint a thabhairt go mbeidh sí agat “laistigh de thréimhse ama réasúnach”?!!