Tá ag neartú ar na glórtha diúltacha faoin gcreat, cinneadh tubaisteach a bheadh ann éisteacht leo

Sciath chosanta do Jeffrey Donaldson a bheidh sa phainéal comhairleach atá ceaptha aige – daoine a roinnfidh an fhreagracht as cibé cinneadh a dhéanfar faoi Chreat Windsor

Tá ag neartú ar na glórtha diúltacha faoin gcreat, cinneadh tubaisteach a bheadh ann éisteacht leo

Bhain ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, geit as daoine nuair a d’fhógair sé go ndéanfadh an páirtí cinneadh faoi dheireadh an Mhárta maidir le Creat Windsor, an leagan leasaithe den phrótacal. Go dtí sin bhí roinnt sa pháirtí ag tuar go dtógfadh sé míonna orthu breithiúnas críochnúil a fhógairt.

Anois tá spriocdháta le haghaidh cinneadh, bíodh sé diúltach nó dearfach, agus ‘próiseas comhairliúcháin’ a thógfaidh cúpla seachtain fógartha. Sciath chosanta do Jeffrey Donaldson a bheidh sa phainéal comhairleach atá ceaptha aige, daoine a roinnfidh an fhreagracht as cibé cinneadh a dhéanfar. Tabharfaidh an cur chuige sin faoiseamh don cheannaire in Washington an tseachtain seo chugainn ó chrua-cheistiú faoi amchlár. Murab ionann agus an Teach Bán a bhfuil suim aige i gcomóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt Jeffrey Donaldson le hiriseoirí nach raibh an dáta sin ar a intinn in aon chor.

Tógfaidh ár measúnú cibé am atá riachtanach dúinn, ar sé.

Go dtí an tseachtain seo ba iad seacht dteist an DUP na téarmaí tagartha do chinneadh faoin bprótacal agus faoin gCreat freisin. Anois beidh tionchar mór ar leagan amach an pháirtí ag painéal ochtair a bhfuil an cúram orthu dearcadh an phobail aontachtaigh a mheas chun cuidiú leis an DUP breithiúnas a dhéanamh i dteannta a chéile.

Luíonn sé le réasún go mbeadh páirtí ag iarraidh a fháil amach cén dearcadh atá ag a lucht leanúna faoi cheist íogair. Ní iontas ar bith é go mbeadh ceannaire ag iarraidh a chinntiú nach sceithfeadh sé vótaí agus nach mbeadh scoilt sa pháirtí. Mar sin féin tháinig an teaictic a roghnaigh Jeffrey Donaldson aniar aduaidh ar dhaoine. Is léir go dteastaíonn uaidh gur go príobháideach a bhaileofar barúlacha an phobail agus nach bhfágfar é féin ina chadhan aonair.

Phioc sé ochtar saoithe a mbeadh teacht acu ar fhaisnéis ar leith ó réimsí iomadúla chun an t-eolas a bhailiú. Rachaidh siad i gcomhairle le haicmí agus grúpaí i measc an phobail aontachtaigh agus cuirfidh siad a dtuairisc ar fáil do Donaldson chomh luath agus is féidir. I measc an ochtair tá beirt arb iarchéad-airí agus iarcheannairí ar an bpáirtí iad, Peter Robinson agus Arlene Foster. Ina dteannta, tá ceathrar ionadaithe eile ón DUP, beirt de na teachtaí Tionóil agus beirt as Westminster, feisire agus tiarna. Is iad an fear gnó Ross Reed, úinéir comhlacht loingis agus iarchoimisinéir ar chalafort Bhéal Feirste, agus an dlíodóir John McBurney, ball den gCoimisiún neamhspleách a thuairiscíonn ar pharaimíleataigh, an bheirt eile.

Ar éigean a bhí na hainmneacha fógartha nuair a cheistigh Jim Allister an TUV agus an dílseoir Jamie Bryson an teaictic seo. Más iad na seacht dteist na critéir chun an creat a mheas níl sé inghlactha, arsa Bryson. Dúirt Jim Allister go mbeadh éinne a ghlacfadh le Creat Windsor ag glacadh le creimeadh go buan ar stádas Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe.

Ní ón taobhlíne amháin a tháinig na teachtaireachtaí diúltacha. D’eisigh an feisire parlaiminte de chuid an DUP, Sammy Wilson, tvuít ag fógairt gurb iad na seacht dteist na critéir.

Ba chosúil go raibh Donaldson ag iarraidh na critéir a leathnú amach nuair a bhunaigh sé an painéal ach is cinnte go mbeidh eite sa pháirtí ag cur cos i dtaca. Mhaígh Donaldson nach raibh neamhshuim á déanamh de na seacht dteist.

Bheadh sé furasta ag an té gur mhian leis é casadh dearfach a chur ar théarmaí an chreata maidir le cuid de na seacht dteist. Níorbh fhéidir iad uilig a shásamh. Is é an teist is deacra airteagal a sé d’Acht an Aontais a chomhlíonadh. Rialaigh an Chúirt Uachtarach gur chuir conradh an Bhreatimeachta agus an prótacal as feidhm é go dleathach.

Éilíonn teist eile vóta nó reifreann faoi aon lagú ar stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe (ní hionann agus an reifreann faoin teorainn a cheadaítear faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a deir siad).

Baineann na teisteanna eile le teorainn i Muir Éireann, atreorú trádála agus seiceáil ar earraí idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann a sheachaint, maille le hionchur a bheith ag muintir an Tuaiscirt sa phlé faoi dhlíthe a rialódh iad.

Beidh soiléiriú á fhail ó rialtas na Breataine maidir leis an gcreat fad is atá an DUP i mbun machnaimh. Ní nach ionadh beidh páirtithe eile freisin ag iarraidh soiléire ón rialtas, go háirithe má cheaptar go mbeidh socruithe eile á gcur as a riocht chun an DUP a mhealladh ar ais go Stormont. Ní ribín réidh é.

Cé go gceaptar go bhfuil tacaíocht mhaith ag an gcreat, tá na glórtha diúltacha ag neartú agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh painéal an ochtair in ann Jeffrey Donaldson agus an DUP a chosaint ó chinneadh a bheadh tubaisteach dóibhsean agus don phobal.

Fág freagra ar 'Tá ag neartú ar na glórtha diúltacha faoin gcreat, cinneadh tubaisteach a bheadh ann éisteacht leo'