‘Tá ag éirí linn ár gceangal le pobal na Gaeilge a neartú’ – TG4

Tá freagra tugtha ag TG4 ar áitiú Chathail Goan, an chéad cheannasaí a bhí ar an stáisiún, go bhfuil míshásamh ann faoin méid Béarla a bhíonn i gcuid de na cláir a dtugtar cláir Ghaeilge orthu

‘Tá ag éirí linn ár gceangal le pobal na Gaeilge a neartú’ – TG4

Deir TG4 gur léir go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) “iontach sásta” maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag TG4 maidir le “ceangail le pobal labhartha na Gaeilge a neartú”.

Dúirt urlabhraí ó TG4 an méid sin mar fhreagra ar chaint a thug an chéad cheannaire a bhí ag an stáisiún aréir.

Agus Léacht Uí Chadhain na bliana seo á tabhairt aréir aige, dúirt Cathal Goan go mbíonn barraíocht airde ag TG4 ar fhigiúirí féachana agus go bhfuil na maidí á ligean le sruth ag an gcraoltóir ó thaobh cúrsaí teanga de.

I ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie dúradh gur ann do chóras “thar a bheith cuimsitheach measúnaithe forbartha i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, le dul chun cinn TG4 a thomhas”.

Dúradh gur léir ó na tuairiscí seo go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann iontach sásta leis an dul chun cinn atá TG4 a dhéanamh i dtaobh a spriocanna, a sprioc i leith phobal labhartha na Gaeilge san áireamh.

Dúradh gur léirigh an maoiniú breise a fógraíodh don stáisiún sa Bhuiséad le dhá bhliain anuas “go bhfuil an Rialtas ag cur muinín sa bhforbairt atá á déanamh ag TG4 chomh maith”.

“Ina theannta sin, tá córas aiseolais leanúnach i measc phobal labhartha na Gaeilge, ‘Fios Físe’ forbartha ag TG4, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus i gcomhpháirt le Raidió na Gaeltachta,” a dúradh.

Dúradh go mbíonn TG4 i gcónaí ag iarraidh cur leis an lucht féachana agus “cláir tharraingteacha” a chraoladh a “bhuanóidh an lucht féachana reatha agus a mheallfaidh lucht féachana nua chuig TG4”.

“Mar chuid de chlársceideal ilgnéitheach, trasardáin, cuireann TG4 raon leathan clár ar fáil don lucht féachana, chun freastal ar an gcroí lucht féachana agus an lucht féachana náisiúnta ar gach bealach gur féidir linn. Beidh muid ag cur leis an sceideal sin mar thoradh ar an maoiniú breise atá fógartha do 2022.”

 

Dúradh gur léirigh an méid a bhain TG4 amach anuraidh go bhfuil ag éirí leo. Dúradh go raibh TG4 ar an séú cainéal lucht féachana is mó sa tír agus gur tháinig méadú 3% ar sciar an stáisiúin den lucht féachana ag an bpríomh-am craolta anuraidh (1.92%). Maíodh gur tháinig méadú 158% ar líon na sruthanna ar Sheinnteoir TG4 in 2020 agus go mbaineann 44% de mhúinteoirí bunscoile úsáid as Cúla4 nó TG4 sa seomra ranga

“Is léiriú eile iad na fíricí sin, dar linn, go bhfuil ag éirí le straitéis TG4 dul i bhfeidhm mar is ceart. Ach, ní bhíonn muid riamh ag luí siar ar na maidí, go háirithe san earnáil seo atá ag athrú de shíor agus ina bhfuil an iomaíocht géar ann.”

Laghdú an-bheag a tháinig ar lucht féachana TG4 le linn bhliain na paindéime anuraidh, ach bhí sé fós áirithe ar an séú cainéal is mó lucht féachana.

De réir Thuarascáil Bhliantúil TG4 don bhliain 2020, a foilsíodh an tseachtain seo, meánsciar 1.83% den lucht féachana a bhí ag an stáisiún anuraidh i gcomparáid le 1.84% an bhliain roimhe sin, 2019.

Ina léacht, dúirt Cathal Goan go raibh an baol ann go mbeadh TG4 agus meáin Ghaeilge eile thíos leis dá ngéillfí an iomarca do ‘thíorántacht’ na bhfigiúirí.

“Má leantar den chóras reatha agus gach measúnú poiblí bunaithe ar anailís mhantach agus easnamhach an mhargaidh, is i dtéarmaí fiúntais airgeadúil amháin a phléifear le TG4 agus leis na meáin Ghaeilge uilig.”

Dúirt Goan go raibh meas aige ar an obair mhór atá á déanamh ag TG4 i réimsí áirithe ach chaith sé amhras ar an idirdhealú a dhéanann an stáisiún idir an croílucht féachana (pobal na Gaeilge) agus an lucht féachana náisiúnta “a mbíonn spéis acu in ábhar mar seo ach nach mbeadh go hiomlán ar a gcompord i nGaeilge”.

“Más slán an anailís áirithe seo, d’fhéadfaí an iliomad difríochtaí eile a aimsiú sa lucht féachana a chuirfeadh ar chumas TG4 i bhfad níos mó ábhar i dteangacha eile seachas Gaeilge agus Béarla a choimisiúnú,” a dúirt sé

Fág freagra ar '‘Tá ag éirí linn ár gceangal le pobal na Gaeilge a neartú’ – TG4'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Sea, go díreach – figiúirí agus tuilleadh figiúirí!

    Tá trí thacar figiúirí nach dtugtar, ach a thabharfadh léiriú fírinneach ar fheabhas nó ar dhonacht TG4 mar chainéal teilifíse Gaeilge, mar a leanas:

    1) den chaint uilig a chraoltar ar TGE, cén céatadán di (de réir ama) a bhíonn i nGaeilge? i mBéarla? i dteangacha eile?

    2) den amhránaíocht uilig a chraoltar ar TG4, cén céatadán di (de réir ama) a bhíonn i nGaeilge? i mBéarla? i dteangacha eile?

    3) den fhotheidealú ‘greamaithe’ uilig a chuireann TG4 ar an scáileán, cén céatadán de (de réir líon focal) a bhíonn i nGaeilge? i mBéarla? i dteangacha eile?

    B’fhéidir nach gcoinníonn siad na figiúirí sin?