Tá ag éirí leo siúd a chreideann ‘mol an óige agus tiocfaidh siad’

Tá fírinne an tseanfhocail a léiriú i gCill Chainnigh, i gCeatharlach agus i Luimneach go háirithe

Tá ag éirí leo siúd a chreideann ‘mol an óige agus tiocfaidh siad’

Imreoirí de chuid Choláiste Chiaráin tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan an mhí seo caite. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá cuid de mhórdhuaiseanna na hiomána bronnta cheana féin i mbliana agus a lorg fágtha ag clubanna, imreoirí agus contaetha ar shaol an spóirt.

Scríobh mé cheana féin i mbliana faoin éacht atá déanta ag mná chumann Roibeard Eiméad Shleacht Néill agus craobh shinsir chamógaíochta chlubanna na tíre buaite acu trí huaire i ndiaidh a chéile. Cad é mar éacht é sin don chlub beag Ultach seo atá suite as féin faoi scáth an Speirín i ndeisceart chontae Dhoire.

San iomáint bhuaigh Baile Héil corn sinsir náisiúnta na gclubanna den seachtú huair. Seo club nach bhfuil ach dhá pháirc imeartha acu agus scoil náisiúnta amháin agus gan aon chlubtheach ná aon soilse ar na páirceanna acu. Léigh mé go raibh 26 bonn sinsir na hÉireann buaite eatarthu ag imreoirí a thosaigh i gcluiche ceannais na gclubanna Lá Fhéile Pádraig i mbliana.

Dar ndóigh níl deich mbonn an bhainisteora Henry Shefflin san áireamh ansin. Agus rud eile atá níos deacra fós a chreidiúint ná gur thosaigh ochtar sa chraobh i mbliana nach raibh ag imirt in aon chor nuair a bhuadar Corn Croke in 2015. Is iontach ar fad an scéal é sin do chlub beag tuaithe.

I gcás fhormhór chlubanna na tíre is iad na teaghlaigh chéanna a bhíonn ina gcroílár ó ghlúin go glúin. Is amhlaidh an scéal i mBaile Héil agus is muintir Fennelly, Reid agus anois Mullen cnámh droma na foirne. Is col ceathracha iad Adrian, Darren, Kevin agus Patrick Mullen le Michael agus Colin Fennelly. Is neachtanna iad Evan Shefflin agus Brian Cody leis an Rí Anraí, Henry Shefflin. Dar ndóigh is deartháireacha iad TJ agus Richie Reid. Agus an rud is mó a chuirfidh imní ar chlubanna eile Chill Chainnigh agus na tíre ná go bhfuil níos mó ná trian den phainéal buacach seo faoi bhliain is fiche d’aois agus nach bhfuil deichniúr eile fiche a ceathair bliain d’aois go fóill.

Tá beirt eile díobhsan a thosaigh sa chluiche sin i bPáirc an Chrócaigh Lá le Pádraig, Dean Mason agus Eoin Cody, a bhfuil boinn na gColáistí acu le Coláiste Chiaráin, scoil a bhuaigh an corn sin cúig uaire in achar sé bliana.

Is léir mar sin nach mbeidh Cill Chainnigh thíos rófhada eile.

Tá scéal iontach iomána le hinsint freisin ag na comharsana i gCeatharlach. Seo contae nach bhfuil ann ach ceithre chlub sinsir agus trí cinn idirmheánacha. Ach an chéad bhliain eile, beidh siad ag imirt in Roinn 1 na sraithe. Is iontach an t-éacht é sin agus tá ardmholadh ag dul do lucht na hiomána sa chontae agus don bhainisteoir Colm Bonner, atá ar an stiúir ansin faoi láthair.

Bunaíodh an ‘Carlow Colts Talent Academy’ cúpla bliain ó shin chun an cumas san iománaíocht agus sa pheil a aithint agus na himreoirí óga sin a fhorbairt sna healaíona ársa seo.

Tá toradh a gcuid saothair le feiscint cheana féin sa dara contae is lú sa tír.

Ach níl aon dabht ach gurb iad Luimneach atá i mbarr láin agus corn na sraithe agus Corn Mhic Cárthaigh acu. Ach oiread le Ceatharlach tá Acadamh Tallainne ag Luimneach agus imreoirí á bhforbairt acu le tamall de bhlianta agus iad eagraithe agus á stiúradh i gceart. Bhí leithéidí Gerry Wallace ó Chorcaigh agus laoch an Chláir, Anthony Daly, mar phríomhchóitseálaithe ansin agus laoch Luimnigh, Joe McKenna i gceannas.

Mar thoradh ar an togra sin agus an dianobair a bhíonn ar siúl ag múinteoirí agus clubanna dílse an chontae, tá buíon iománaithe sa chontae anois atá ag taispeáint gur féidir an beart a dhéanamh agus é a dhéanamh go rialta.

Beidh corn eile le buachan i mbliana agus más aon tuar an fhianaise a cuireadh os ár gcomhair go dtí seo, beidh sé deacair Luimneach a bhualadh.

Fág freagra ar 'Tá ag éirí leo siúd a chreideann ‘mol an óige agus tiocfaidh siad’'