Fuair an DUP beannacht an phobail aontachtaigh don mbaghcat ar Stormont sa phobalbhreith is deireanaí i dTuaisceart Éireann. Ina theannta sin ba dhearbhú ar cheannaireacht Jeffrey Donaldson é go raibh ráta sástachta leis an DUP méadaithe ó thoghchán na Bealtaine.
Ba iad na torthaí sin na ceannlínte ón gcéad lá de thuairiscí an Belfast Telegraph ar shuirbhé Lucid Talk a rinneadh sa chéad seachtain den mhí seo. Chuir lucht feachtais in éadan an phrótacal iarBhreatimeachta na múrtha fáilte rompu ach nocht a thuilleadh tuairiscí ar an bpobalbhreith laige na teaictice d’uireasa straitéis chuimsitheach.
Más mian leis an DUP go n-athbhunófaí Stormont, agus deir an páirtí gur mian, cé na hathruithe ar an bprótacal a scaoilfeadh an glas? As an 80% in iomláine d’aontachtaithe atá sásta leis an mbaghcat ar na hinstitiúidí tá níos mó ná a leath, 49% a deir nár cheart filleadh ar Stormont mura gcuirfear an prótacal iarBhreatimeachta ar ceal. Deir 31% nár cheart filleadh mura ndéanfar leasuithe suntasacha. Mhaígh aontachtach as seachtar gur cheart a dhul ar ais go Stormont láithreach.
Más sólás do Jeffrey Donaldson é an 80% a mhol an baghcat is dúshlán mór dó é freisin. Bhailigh sé cuid mhór den tacaíocht sin ar ais ó dhaoine a bhí ag bogadh i dtreo an TUV agus seasamh neamhghéilliúil Jim Allister ar an bprótacal, na daoine a dteastaíonn an Breatimeacht is déine ar fad uathu. Ní shásóidh comhghéilleadh faoin bprótacal na daoine sin, móramh den 49% a dúirt gur scrios an phrótacail an t-aon rud a dhéanfadh an gnó.
Is beag seans go sásódh margadh idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe na coinníollacha atá leagtha síos ag an DUP ach caithfidh siad cinneadh a dhéanamh.
Más diúltú nó glacadh le comhréiteach idir Londain agus an Bhruiséil na roghanna a bheidh ag Donaldson céard a dhéanfas sé?
Dá dtabharfadh sé an t-eiteachas dó bheadh deireadh le rialtas díláraithe.
Shásódh sé sin an dream is antoiscí den bhfreasúra don phrótacal. Ach
dhéanfadh sé dochar d’aontachtaithe. Glactar leis gur laige iad aontachtaithe
gach uair a fhilleann siad ar idirbheartaíocht tar éis dóibh droim láimhe a thabhairt le próiseas comhroinnte. Thairis sin, ní hionann daoine a bheith báúil le baghcat mar theaictic a gceapann siad go n-éireoidh leis, a bheag nó a mhór, agus a bheith fágtha gan aon riail áitiúil le linn lag trá eacnamaíochta.
Dá nglacfadh sé leis bheadh sé faoi ionsaí fíochmhar ón TUV agus rithfeadh vótóirí a mheall sé ar ais chuig an DUP anonn chuig Jim Allister arís. Caolseans go dtiocfadh sé slán ón bhfogha dá mbeadh toghchán luath ann. Léas dóchais dó go bhféadfaí an dlí a leasú ionas nach mbeadh gá le toghchán Stormont go ceann cúig bliana ó Bhealtaine seo caite.
Chun go mbeadh rath ar an tseift sin chaithfeadh an DUP a bheith toilteanach a bheith sa LeasChéad-Aireacht agus Michelle O’Neill, Sinn Féin, mar Chéad-Aire.
Le tacaíocht 27% i gcomparáid le 32% Shinn Féin sa phobalbhreith ní raibh
aon údar dóchais ag an DUP go mbeidís i dteideal na chéad-aireachta in ionad Michelle O’Neill dá mbeadh toghchán Tionóil ann go luath.
Nocht an phobalbhreith gur chreid dhá thrian de na vótóirí neamh-aontachtacha (vótóirí Shinn Féin, an SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas) nach mbeadh an DUP toilteanach glacadh leis an leaschéad-aireacht dá mbeadh Sinn Féin sa chéad-aireacht. Is minic an líomhain sin déanta ag Sinn Féin agus iad ag bailiú nirt dá bharr. Deir an DUP gurb é an prótacal amháin atá á gcoinneáil amach as Stormont ach ba iad féin faoi ndear
an t-amhras nach n-aithneoidís toradh daonlathach na vótála. Dhiúltaigh Jeffrey Donaldson agus a chomhghleacaithe a rá roimh thoghchán na Bealtaine go nglacfaidís leis an dara háit dá mbeadh Sinn Féin chun tosaigh orthu.
Go bunúsach, ní fios cén fhís atá ag Jeffrey Donaldson. Ní léir go bhfuil plean aige thairis teaictic an bhaghcat. Mura bhfaighidh sé sásamh, cén straitéis atá aige don ré iarStormont? Dúirt 59% sa phobalbhreith gur theastaigh ról do rialtas na hÉireann uathu, i gcomhar leis an mBreatain, in ionad riail dhíreach ó Whitehall. Theastódh comhúdarás idir an Bhreatain agus Éirinn ó 41% agus dúirt 18% eile gur mhian leo ról a bheith ag rialtas na hÉireann. Bhí 40% I bhfabhar riail dhíreach ó Londain amháin agus tá idir aontachtaithe agus dílseoirí dubh dóite in aghaidh an chomhúdaráis.
Ní haon iontas aontachtaithe a bheith in aghaidh ról do Bhaile Átha Cliath ná náisiúnaithe a bheith ag iarraidh comhúdaráis ach is cinnte gur foláireamh do Jeffrey Donaldson agus a pháirtí é beagnach seisear as gach deichniúr a bheith ag iarraidh ról do rialtas na hÉireann. Bhí duine as cúigear aontachtach i measc an dreama sin agus ochtar as gach deichniúr de vótóirí Alliance agus an Chomhaontais Ghlais. Athrú drámatúil is ea é sin agus fainic atá ann don todhchaí don DUP d’ainneoin a dtacaíocht reatha a bheith suntasach.
Pádraig Ó Súilleabháin
*****************************************************************************************
http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
*****************************************************************************************
Maith thú ‘A Jeffrey Donaldson’
Maith thú ‘A Jeffrey Donaldson’ is ag dul i dtreo Éire Aontaithe atá tú agus :——
Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.
Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbé na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Poblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.
Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.
An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.
Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na Aontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.
Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.
Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
(tuilleadh le teacht amach anseo)
Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
Dónall Mór Mac Billings
Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
An Ghaeltacht/Jailteacht,
Príosún Phort Laoise
Ardán 1
Bloc E
Éire
Focal Scoir :—
(Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )
*****************************************************************************************
http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
*****************************************************************************************