Tá a ndóthain le déanamh ag an Rialtas gan a bheith ag comhaireamh vótaí

D’fhéadfadh go gcuirfear tástáil fós ar Aire Stáit na Gaeltachta ina ról mar Phríomh-Aoire an Rialtais

Tá a ndóthain le déanamh ag an Rialtas gan a bheith ag comhaireamh vótaí

Neasa Hourigan agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan in 2020. Pic: Sam Boal/Rollingnews.ie

Beidh an pholaitíocht thar a bheith spéisiúil as seo go ceann leathbhliana. Tá na huimhreacha teann anois tar éis imeachtaí na seachtaine agus cinneadh Neasa Hourigan agus Patrick Costelloe an Chomhaontais Ghlais tacú le moladh de chuid an fhreasúra tionscnaimh phoiblí a bheith á dtógáil ar thalamh poiblí. Rún gan feidhm ó tharla go raibh cinneadh rialtais déanta cheana féin Dé Máirt dul ar aghaidh leis an ospidéal náisiúnta máithreachais beag beann ar imní pholaiteoirí an fhreasúra. 

Feidhm nó gan feidhm, tá aird tarraingthe ag an rún seo ar an mbrú idir páirtithe an rialtais agus beidh brú ar aoirí na bpáirtithe ar fad a chinntiú go bhfuil a gcuid saighdiúirí singile ag éisteacht lena soiscéal agus an tinreamh sásúil as seo go ceann leathbhliana fad agus a bheidh Hourican agus Costelloe ar fionraí ón bpáirtí parlaiminte. 

Bhí 93 vóta ag Micheál Martin nuair a ceapadh ina Thaoiseach é ar an 27 Meitheamh dhá bhliain ó shin. Bhain 84 de na vótaí sin le páirtithe an rialtais. Tá ceathrar de na vótaí sin caillte ag an rialtas faoin tráth nua. D’éirigh an t-iar-aire Eoghan Murphy as an bpolaitíocht agus chaill an rialtas an fothoghchán a tharla ina dhiaidh sin. Tá Mark McSharry éirithe as páirtí parlaiminte Fhianna Fáil – dhiúltaigh sé a mhuinín a dhearbhú san Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney faoin mbealach ar láimhseáladh an próiseas le Katherine Zappone a cheapadh mar thoscaire speisialta de chuid rialtas na hÉireann ag na Náisiúin Aontaithe. Tá Neasa Hourican agus Patrick Costelloe imithe óna bpáirtí parlaiminte féin go ceann leathbhliana anois. Níl ach móramh vóta amháin dá réir ag an rialtas cé go mbíonn tacaíocht acu ó réimse leathan go maith neamhspleách de ghnáth. 

Ach féach an cheist a bhí achrannach roinnt seachtainí ó shin – cosc ar dhíol móna. Tá an cheist curtha ó dhoras go ceann tamaill ach is deacair a shamhlú nach mbeadh duine nó beirt eile i measc na gcúlbhinseoirí nach mbeidh róshásta glacadh le treoir aoire páirtí seasamh le rún a chuirfeadh an cosc sin i bhfeidhm. Tá súil as seo go ceann roinnt seachtainí freisin le treoracha daingne faoi laghdú astaíochtaí in earnálacha eile amhail an talmhaíocht. Coinneoidh cúlbhinseoirí agus neamhspleáigh araon súil ghéar ar na treoracha sin agus ní díol iontais a bheidh ann má roghnaíonn cuid de na neamhspleáigh go háirithe gan tacú leis an rialtas. Cuirfear tús gan mhoill freisin le próiseas buiséid a d’fhéadfadh a bheith achrannach. 

Tá boilsciú níos airde ná mar a bhí le scór blianta, tá costas fuinnimh ag ardú as cuimse agus tá éilimh ar arduithe pá ag neartú in aghaidh an lae mar gheall ar an gcostas maireachtála. Tá fiacha Covid le n-íoc, lóistín le cur ar fáil do theifigh ón Úcráin agus aghaidh le tabhairt ar ghéarchéim tithíochta. Tá a ndóthain le déanamh ag an rialtas gan a bheith ag comhaireamh vótaí go cúramach roimh gach vóta Dála. 

Nil aon bhaol láithreach ar an rialtas ag an tráth seo. Tá a ndóthain tacaíochta acu ó neamhspleáigh anonn agus anall leis na cosa a thabhairt leo. Ach má thagann ceist achrannach chun cinn go gcaithfear tacaíocht na neamhspleách a mhealladh? Sin an uair go mbeidh an brú ar Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais. As seo go ceann leathbhliana ar aon nós. 

Fág freagra ar 'Tá a ndóthain le déanamh ag an Rialtas gan a bheith ag comhaireamh vótaí'