Tá a lochtanna féin ar Obama, ach an bhféadfá Taoiseach a shamhlú i mbun comhrá mar seo…?

Bhí comhrá neamhghnách le déanaí idir Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama agus an scríbhneoir Marilynne Robinson…

Marilynne Robinson
Marilynne Robinson

Foilsíodh comhrá neamhghnách speisialta le déanaí sa New York Review of Books idir Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama agus an scríbhneoir/scoláire diagachta Marilynne Robinson. Anseo.

Is deacair an rud é cumhacht ait an chomhrá sin a thuiscint. Cineál chiaroscuro atá i gceist anseo, meascán de ráitisí leadránacha agus, ó am go chéile, léargais éirimiúla.

Is mór ag an Uachtarán Obama an téarma leamh a tharraingt chuige féin ar uairibh. Tugann sé ‘folks’ ar na saoránaigh sin go bhfuil olc ina gcroíthe do Mheiriceá acu, agus tugann sé “those who are suspicious of those not like them” ar lucht an cheartchreidimh i Meiriceá féin, iadsan atá naimhdeach dó féin agus a mhaíonn gur cumannach ón gCéinia é.

Ábhar imní é muna mbíonn uachtarán in ann fuath glan a aithint, go háirithe nuair atá an fuath sin dírithe air féin.

Amach ón mbolscaireacht shoineanta ar chuid de thraidisiúin na polaitíochta Meiriceánaí, (“What’s frustrating to me is just that it wouldn’t take that much for us to make the system work for ordinary people again”), cloistear ina chuid cainte chomh maith buanna uaisle neamhghnácha Obama, buanna nach raibh ag formhór na n-uachtarán a tháinig roimhe.

Agus é ag caint le Robinson mar gheall ar a leabhar breá Gilead, leabhar a dhéanann cur síos ar chráifeacht agus chineáltacht ministéire darbh aimn John Ames, déanann Obama cur síos géarchúiseach ar phríomhdhúshlán na polaitíochta ó ré Íosa anall. Cén fáth a dtagann athrú ar ár n-aidhmeanna agus ár n-iompar nuair a chruinnímid le chéile mar chomhphobal, mar pholis?

“And the thing I’ve been struggling with throughout my political career is how do you close the gap. There’s all this goodness and decency and common sense on the ground, and somehow it gets translated into rigid, dogmatic, often mean-spirited politics.”

Obama 2015
Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama

Déanann Robinson tagairt d’fhlaithiúlacht agus do dhaonnacht fhormhór de chosmhuintir Mheiriceá:

“I mean, I really think that you have to go very far up in American culture to get beyond the point where people have good values.”

Agus aontaíonn Obama léi:

“They know they want to take care of somebody who’s sick, and they have a generous impulse. How that gets translated into the latest Medicare budgets [isn’t] always clear.”

B’í seo an cheist bhunúsach chéanna a fhaightear i scríbhinní James Madison, agus David Hume san ochtú haois déag, agus ceist thábhachtach í do Mancur Olson agus John Nash sa lá atá inniu ann.

Maidir leis an mbearna sin idir iompar príobháideach an duine agus an cruth a bhíonn ar chórais pholaitiúla phoiblí, ní léir go n-aithníonn formhór de pholaiteoirí san iarthar go bhfuil a leithéid de bhearna ann, gan trácht ar iarracht a dhéanamh teacht ar fhuascailt na faidhbe.

Más ea, is ceart éirim agus intleacht Obama a mholadh mar gurb  í an intleacht a aithníonn an longue durée. Ach ba chóir dúinn éisteacht leis an stairí David Bromwich freisin. Meiriceánach ón eite chlé é Bromwich, a thug “an t-iománaí ar an gclaí is tábhachtaí ar domhan” ar Obama. (https://www.lrb.co.uk/v36/n13/david-bromwich/the-worlds-most-important-spectator).

Ní léir go bhfuil fonn air troid ar son na gcúiseanna éagsúla ar spéis leis iad, mar ní léir an dtuigeann sé a dhonacht atá na fadhbanna síceolaíochta, más ceadmhach sin a thabhairt orthu, atá ag cur isteach ar an bpoblacht a bhfuil sé ina cheannaire uirthi.

“And the only thing that right now is holding us back is Washington dysfunction,” a deir sé féin.

Fé dheireadh, áfach, an bhféadfaí Taoiseach a shamhlú i gcomhrá suimiúil dáiríre le scríbhneoir suimiúil dáiríre?

Fág freagra ar 'Tá a lochtanna féin ar Obama, ach an bhféadfá Taoiseach a shamhlú i mbun comhrá mar seo…?'

  • Fearn

    “Fé dheireadh, áfach, an bhféadfaí Taoiseach a shamhlú i gcomhrá suimiúil dáiríre le scríbhneoir suimiúil dáiríre?”

    Uachtarán cinnte! Michael D. Nó Mary éigin!

  • sean@hotmail.com

    An freagra ar urmhór na gceisteanna in aon fhocal amháin: brústocairí. Is iad a rialaíonn SAM.