Tá a gcleamhnas déanta ag Fianna Fáil agus an SDLP, ach cén mhaith é gan spré?

Níl san SDLP anois ach an páirtí nach iad Sinn Féin iad agus ní fhéadfadh Fianna Fáil mórán dochair bhreise a dhéanamh dóibh

Tá a gcleamhnas déanta ag Fianna Fáil agus an SDLP, ach cén mhaith é gan spré?

Bhuel, faoi dheireadh, tá cleamhnas ar na bacáin idir Fianna Fáil agus an SDLP. Tá easaontas áirithe fós ann, ach tá ceannairí an dá pháirtí tagtha ar shocrú faoi rún.

Tá pleananna faoin Tuaisceart á bplé i bhFianna Fáil chomh fada siar le ré Bertie Ahern agus an tuairim ann gur chóir dóibh iad féin a chur chun cinn. Bhí faitíos ar dhaoine sa pháirtí áfach go ndéanfadh beart dá leithéid dochar don SDLP agus go dtreiseodh sé Sinn Féin dá réir, rud nach mbeadh mórán tairbhe ag baint leis d’Fhianna Fáil.

Ach tá an SDLP ar leaba an bháis anois. Níl feisire ar bith ag an bpáirtí in Westminster anois, mar shampla, agus iad an-fhada taobh thiar de Shinn Féin ó thaobh líon na vótaí a fhaigheann siad. Ní hin an t-aon fhadhb atá acu, áfach. Ní léir aon straitéis ná tuiscint a bheith ag an bpáirtí ach an oiread maidir le cé hiad féin nó conas iad féin a chur chun cinn.

I ndáiríre níl san SDLP anois ach an páirtí nach iad Sinn Féin iad.

Sa gcomhthéacs seo, ní fhéadfadh Fianna Fáil mórán dochair bhreise a dhéanamh don SDLP agus tá dóchas ann go mbeadh an páirtí in ann vótaí áirithe a mhealladh dá ndéanfaí cleamhnas le Fianna Fáil.

Maidir le Micheál Martin is seift eile a bheadh ann sa gcath atá ar siúl aige i gcoinne Shinn Féin, ach fiú dá n-éireodh leis beocht éigin a chur san SDLP, is beag seans go gcuirfeadh sé stop le dul chun cinn na bPoblachtánach – go háirithe más gá dó comhrialtas a phlé leo i ndiaidh an olltoghcháin.

Chomh maith leis sin, tá baol mór ann go ndéanfadh sé dochar d’íomhá náisiúnta Fhianna Fáil dá n-éireodh chomh holc céanna leis an SDLP sna toghcháin áitiúla i mí Bealtaine is a d’éirigh leo sna toghcháin roimh an gcleamhnas.

Ní chabhraíonn an bealach ciotach a rinneadh an cleamhnas leis ach an oiread. Níor pléadh sonraí an naisc ar chor ar bith i gceachtar den dá pháirtí. Is cinnte gur brúdh daoine tábhachtacha san SDLP ar leataobh, Claire Hanna as Béal Feirste Theas, mar shampla.

Tá an scéal amuigh anois go mb’fhéidir go rachaidh sise isteach i bhFine Gael – mar a dhein Austin Currie roimpi – le seasamh sna toghcháin Eorpacha.

Le fada an lá bhíodh an SDLP agus Páirtí Lucht Oibre na hÉireann ag maíomh gur comhghuaillithe iad mar dhaonlathaigh shóisialta. Cur i gcéill ar ndóigh cuid mhaith den mhaíomh sin, ach tá roinnt bheag san SDLP atá míshásta nach i dtreo Pháirtí an Lucht Oibre atá siad ag dul.

Go deimhin dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Brendan Howlin, go mbeadh an doras á choinneáil ar oscailt aige d’aon duine ón SDLP ar mhaith leis taobhú leo.

Ní hé go bhfuil sé i gceist ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre go gcuirfí eagar ar an bpáirtí chun dul san iomaíocht ó thuaidh – is ar éigean gur féidir leo eagar a chur orthu féin ó dheas faoi láthair – ach tá tacaíocht á geallúint ag Howlin d’aon duine ó thuaidh a sheasfadh leis an ndaonlathas sóisialta.

Ba é an cor ab aistí sa scéal ná ráiteas Jack O’Connor, iar-uachtarán SIPTU, a dúirt gur chóir do Pháirtí an Lucht Oibre dul i gcomhar le Páirtí Lucht Oibre na Breataine le comhpháirtí a bhunú sna sé chontae!

Is é an rud nádúrtha i scéal cleamhnais mar seo ná go bpléifí an scéal go léir ag gach leibhéal i bhFianna Fáil agus san SDLP agus go ndéanfaí é sin go hoscailte is go daonlathach. Ina dhiaidh sin chuirfí an cinneadh faoi bhráid ard-fheis nó comhdháil speisialta lena dhearbhú.

Sin a rinne Páirtí an Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé nuair a tháinig siadsan le chéile. Sa gcás seo, áfach, coinníodh gach rud faoi rún, agus níor coinníodh fiú daoine sinsearacha sa dá pháirtí ar an eolas faoin méid a bhí ar siúl. Deirtear anois go ndéanfar fógra faoin scéal ag Ard-Fheis Fhianna Fáil an mhí seo chugainn.

Ní hé chuile dhuine i bhFianna Fáil atá sásta leis an obair chiotach sin, ach ní bheidh aon raic ann fúithi – go poiblí ar aon chuma.

Agus is ar éigean a bhfuil dóthain beochta san SDLP go mbeadh aon achrann ann faoin gcaoi a láimhseáladh an scéal. Má tá Micheál Martin ag súil go gcuirfidh an nasc seo borradh faoina pháirtí féin ó dheas, feictear dom go bhfuil dul amú air. 

Mar sin féin, fágann an cleamhnas go mbeidh air labhairt amach faoina dhearcadh i leith cearta Gaeilge agus i leith an chláir chothromais i gcoitinne ó thuaidh, in ionad a bheith ina shuí ar an gclaí ag caitheamh anuas ar Shinn Féin gach deis a fhaigheann sé.

Ach b’fhéidir nach mbeadh ansin ach oiread ach iarracht eile dea-chuma a chur ar chúrsaí.

Fág freagra ar 'Tá a gcleamhnas déanta ag Fianna Fáil agus an SDLP, ach cén mhaith é gan spré?'