Tá 10,796 bréag inste ag Donald Trump, ina thús atá Boris Johnson go fóill

Idir seo agus lá an Bhreatimeachta ní bheidh aon dul as ag Boris Johnson ach an fhírinne, nó cuid di ar a laghad, a insint

Tá 10,796 bréag inste ag Donald Trump, ina thús atá Boris Johnson go fóill

Bhain Boris Johnson cáil amach fadó agus a leas pearsanta á chur chun cinn aige le bréaga, le háibhéil agus le raiméis. Ach is é Donald Trump máistir na linne seo ar an gceird sin, agus ardaitheantas bainte amach aige ó toghadh é mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe in 2016. 

Mhaígh Trump roimh an toghchán go raibh meas chomh mór sin ag a lucht leanúna air nach gclisfeadh ar a meas ná a muinín dá bhfeicfí sa tsráid i Nua-Eabhrac é agus duine á lámhach aige.

Shíl mórán an uair sin gur ar éigean a thiocfadh sé slán mar uachtarán as eachtra dá leithéid.  

Tar éis dó dhá bhliain go leith a chaitheamh sa Teach Bán, níl cuma chomh háiféiseach ar a mhaíomh.

Níl amhras ach oiread faoi thoil an uachtaráin bréaga a inseacht fiú más léir don saol láithreach gur bréaga iad.

De réir an chuntais is deireanaí tá 10,796 bréag nó ráiteas nach raibh fírinneach tagtha as béal Trump ó chuaigh sé i mbun na huachtaránachta. Bhí sampla áiféiseach eile sa mhéid a bhí le rá aige Dé Máirt faoina bhfuil déanta aige, dar leis féin, chun cuidiú le daoine dubha. Dar leis nach ndearna uachtarán ar bith sna Stáit an oiread ar a son agus a rinne seisean.

Ba léir láithreach nach raibh sa ráiteas ach seafóid. Chun ráiteas Trump a bhréagnú ba leor cuimhneamh ar a ndearna an tUachtarán Lincoln in 1862 nuair a d’fhógair sé go raibh sclábhaithe á saoradh aige. 

Ach is tábhachtaí tionchar ráiteas Trump ná a míchruinneas. Chuir sé tús le conspóid eile nár bhain le polasaí ná le beartas suntasach ar bith. In áit a bheith ag déileáil le rudaí fiúntacha, chuir scata polaiteoirí eile agus iriseoirí a gcuid ama amú agus raiméis á plé acu.

Níor labhair Boris Johnson le hiriseoirí Dé Céadaoin tar éis dó bualadh le ceannairí an DUP (faoi dhó) agus ceannairí na bpáirtithe eile i mBéal Feirste. Níor fhreagair sé ceisteanna ach oiread faoin gcomhrá gairid ar an bhfón a bhí aige le Leo Varadkar Dé Máirt. 

Mar sin féin, bhí toil leanúnach an phríomh-aire bréaga a inseacht go mínáireach follasach agus cur síos á dhéanamh aige in Westminster ar an socrú nua a theastaíonn uaidh a dhéanamh leis an Aontas Eorpach.

Dúirt sé ar ndóigh go gcaithfí an comhaontú aistarraingthe a shínigh Theresa May in 2017 agus an cúlstad a chur i leataobh. Is ina dhiaidh sin a mhaígh sé go raibh ‘comhthuiscint’ ann cheana féin idir an Ríocht Aontaithe, Éire agus an tAontas Eorpach go raibh go leor bealaí ar fáil chun earraí a sheiceáil agus iad á dtabhairt trasna na teorann. 

Níl comhthuiscint dá leithéid ann ar ndóigh, mar is eol do gach Éireannach a bhfuil aon spéis ar chor ar bith acu sa scéal, ná níl córas ar bith ceaptha ná aimsithe chun ‘teorainn chrua’ a sheachaint. Is ionann sin agus a rá nach raibh i ráiteas an phríomh-aire ach raiméis.

Tá dúshlán an AE tugtha ag Boris Johnson agus margadh nua aistarraingthe á éileamh aige, margadh nach dtairgfear dó. Mar sin féin níl críoch scéal an Bhreatimeachta cinnte fós agus gan ach 91 lá fágtha go bhfíorófar an aisling, is é sin más féidir í a fhíorú. Tá rud amháin soiléir áfach. 

Reáchtálfar cainteanna de chineál éigin idir an tAontas Eorpach agus rialtas na Breataine sula dtiocfaidh lá na cinniúna, an 31 Deireadh Fómhair.

Idir seo agus sin, ní bheidh aon dul as ag Boris Johnson ach an fhírinne, nó cuid di ar a laghad, a inseacht do dhream éigin.

Fág freagra ar 'Tá 10,796 bréag inste ag Donald Trump, ina thús atá Boris Johnson go fóill'

  • Eoin Ó Murchú

    Nach rud compordach é bréaga a chur ar argointi nach dtaitníonn linn. Cinnte, tá sé níos éasca ná argóint bunaithe ar fhirici a dhéanamh, mar is léir faoin gcaoi go ndeirtear nach féidir gur roghnaigh daoine Breatimeacht go ciallmhar stuama ach de bharr comhcheilge bhréagach. Lena linn seo, sa saol mar atá, tá an bua ag Breatimeacht i gcónai agus seans laidir ag Trump arís freisin mura féidir leis an Daonlathaigh droim láimhe a thabhairt don sean-chluiche bunaithe ar nua-liobrálachas.