Susan Ní Dhubhlaoich éirithe as cathaoirleacht Raidió na Life

Chaith Ní Dhubhlaoich sé bliana ina cathaoirleach ar an stáisiún pobail Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus bhí sí ina rúnaí ar an mBord Stiúrtha ann roimhe sin

Tá Susan Ní Dhubhlaoich éirithe as mar chathaoirleach ar Raidió na Life. D’fhógair sí ag cruinniú cinn bliana Chomharchumann Raidió Átha Cliath an tseachtain seo go mbeadh sí ag éirí as Bord Stiúrtha an stáisiúin pobail agus as a ról mar chathaoirleach an chomharchumainn.

Bhí Ní Dhubhlaoich ina cathaoirleach ar Raidió na Life ó mhí na Samhna 2010. Bhí sí ina rúnaí ar Bhord Stiúrtha an stáisiúin ar feadh ceithre bliana roimh sin, ó 2005 go 2009. Ghlac sí sos bliana ón mBord sular ceapadh ina cathaoirleach í sé bliana go leith ó shin.

Agus í mar bhall den Bhord, d’oibrigh Ní Dhubhlaoich ar an dá iarratas a cuireadh isteach i gcaitheamh an ama sin ar cheadúnas craolacháin deich mbliana a bronnadh ar an stáisiún, in 2007 agus arís i mbliana.

Dúirt sí an tseachtain seo gur “cúis bhróin” di a bheith ag fágáil an Bhoird Stiúrtha tar éis os cionn 10 mbliana ach dúirt sí freisin “nach mbristear ‘nasc RnaL’ riamh i ndáiríre” agus thug le fios go mbeadh ceangal “láidir agus speisialta” aici leis an stáisiún pobail Gaeilge i gcónaí.

““Caithfidh mé a admháil freisin gur cúis bhróid ollmhór dom an méid forbartha atá le feiceáil i Raidió na Life thar na blianta – na gradaim do-áirithe atá buaite ag an stáisiún, dhá cheadúnas craolacháin deich mbliana le linn mo chuid ama-sa, suímh ghréasáin nua, ceiliúrthaí móra agus cóisirí éagsúla agus ar ndóigh cláir den chéad scoth agus ardchaighdeán craoltóireachta.

“Ach is dócha gurb é an rud is suntasaí domsa faoi Raidió na Life ná an bealach a dtugann sé daoine éagsúla le chéile ar bhealach thar a bheith speisialta. Is é Raidió na Life croílár na Gaeilge i mBaile Átha Cliath le haghaidh an-chuid daoine,” a dúirt sí.

Ghabh an t-iarchathaoirleach buíochas leis na hoibrithe deonacha a bhíonn ag obair don stáisiún agus d’fhoireann lánaimseartha Raidió na Life, an bainisteoir Muiris Ó Fiannachta, an clár-reachtaire Niamh Ní Shúilleabháin, agus na teicneoirí agus baill eile foirne.

I ráiteas a d’eisigh an stáisiún, dúradh gur fhág Ní Dhubhlaoich “a rian go mór ar Raidió na Life” le linn na mblianta a bhí sí ag obair “sa chúlra i rólanna éagsúla ar an mBord Stiúrtha” agus go háirithe na blianta a chaith sí ina Rúnaí agus ina Cathaoirleach.

“Guíonn foireann, bainistíocht agus Bord Stiúrtha Raidió na Life gach rath uirthi agus gabhaimid buíochas ó chroí léi as ucht na hoibre ar fad a rinne sí don stáisiún thar na blianta,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Susan Ní Dhubhlaoich éirithe as cathaoirleacht Raidió na Life'