‘Sure we’re all socialists when the shit hits the fan’ – athrú meoin de bharr an víris

Dream ar bheag é a meas ar obair stáit roimhe seo tá siad ag moladh na hoibre sin ó thús na ráige

‘Sure we’re all socialists when the shit hits the fan’ – athrú meoin de bharr an víris

“Sure we’re all socialists when the shit hits the fan,” a dúirt feilméara le cara leis an lá faoi dheireadh. Bhí mé idir dhá chomhairle faoin dara cuid den ráiteas sin a scríobh ar fhaitíos nach bhfoilseofaí in iris chomh cuibhiúil le Tuairisc.ie é.

Ach ansin chuaigh mé ag cuartú san áis bhreá ar a dtugtar Foclóir.ie go bhfeicfinn an bhfuil aistriúchán ansin air.

M’anam go bhfuil: an phraiseach ar fud na mias nó an súiche sa phota agus an brachán millte.

Ag tagairt a bhí an feilméara don athrú intinne atá ag teacht ar dhaoine ó scaip an víreas ar fud an domhain. Dream ar bheag é a meas ar obair stáit roimhe seo tá siad ag moladh na hoibre sin ó shin.

Sampla maith ba ea an ráiteas a rinne Boris Johnson nuair a tháinig sé as an ionad dianchúraim. Níor fhág sé fuíoll molta ar an NHS ná ar na banaltraí agus na dochtúirí a thug aire na huibhe dhó nuair a bhí sé ag comhrá leis an mbás. Fiú amháin na banaltraí eachtrannacha mhol sé iad.

Ní dhéanfadh an sóisialach is mó i Sasana ráiteas níos láidre ná é.

Ba dheacair a chreidiúint agus muid ag éisteacht leis gur coimeádach críochnaithe é Boris ó cheart, fear a chreideadh go diongbháilte i gcónaí i ndlí an mhargaidh agus i bpolasaí an phríobháidithe.

Sa tír seo tá moladh á dhéanamh as éadan ar na haltraí agus ar na dochtúirí ar an mbealach céanna. Dá dtéadh na haltraí ar stailc inniu ar son pá agus coinníollacha níos fearr is cinnte go mbeadh bá an phobail leo. An mairfidh an tuiscint sin? Is deacair a rá.

Maidir leis an gcaoi a bhfuil an córas sláinte seo againne fré chéile ag déileáil leis an ngéarchéim is suntasach an ní gur féidir rudaí a dhéanamh go sciobtha anois nuair a bhítí a rá linn seasta síoraí cheana nach ceist shimplí a bhí i mbeart ar bith leighis a bhí ag teastáil.

Ní raibh moill ar bith ar an stát na hospidéil phríobháideacha a thabhairt faoina sciathán mar shampla. Tabhair faoi deara gur chuir na dochtúirí comhairleacha cos i dtaca láithreach.

Chuirfeadh sé aimsir Scéim na Máthar agus an Linbh i gcuimhne do dhuine. Cuireadh milleán mór ar an Ardeaspag McQuaid faoin gcaoi a ndearna sé a mhíle dícheall an scéim sin a chur ó rath. Bhí ceannas na hEaglaise ar an bpobal ag cur imní air cinnte ach caithfear a choinneáil i gcuimhne i gcónaí freisin gur mac dochtúra a bhí ann agus go bhféadfadh sé go raibh baint nár bheag aige sin leis an dearcadh a bhí aige.

Maidir le tithíocht is cosúil go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil a rá go gcaithfidh an rialtas atá le theacht neart tithe sóisialta a thógáil. D’fhéadfadh sé ar ndóigh nach bhfuil ansin ach cleas leis na páirtithe beaga a mhealladh in éineacht leo.

Mar a dúirt Róisín Shortall an lá faoi dheireadh tá sé éasca go leor ag páirtí rialtais a rá go bhfuil siad ar son polasaí dearfach eicínt ach níor mhór dóibh spriocdháta agus costas a leagan amach ón tús. An éireoidh leo na páirtithe beaga a mhealladh sa deireadh? Ar an damhán alla agus ar an míoltóigín a chuimhneofá:

Sé dúirt damhán alla le míoltóigín tráth:

‘Ó! Tar liom abhaile, a chréatúirín bhreá,

Tá grian gheal an tsamhraidh ag damhsa ar mo theach,

Tá ithe ‘gus ól ann dá dtiocfá isteach.’

Bhí an créatúirín meallta ag comhrá mar sin, is dúirt sí:

‘Tá mé sásta, mar tá tú chomh binn,

Ach ní fhanfaidh mé i bhfad.’

Chuaigh sí isteach, ach níor chuala mé fós gur tháinig sí amach.

B’fhéidir nach ndíothófar ar fad páirtí beag a ghéillfeas do bhladar Fhine Gael agus Fhianna Fáil ach bheadh an-iontas orm mura mbainfeadh na vótálaithe díoltas astu i ndeireadh na cúise mar a rinne siad le Páirtí an Lucht Oibre agus leis an gComhaontas Glas cheana.

Fág freagra ar '‘Sure we’re all socialists when the shit hits the fan’ – athrú meoin de bharr an víris'