SUIRBHÉ TUAIRISC.IE: Ag Sinn Féin atá an céatadán is mó d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu

Ag Fianna Fáil atá an líon is airde iarrthóirí le Gaeilge (12), ach níl ach iarrthóir amháin ag Páirtí an Lucht Oibre a mbeadh dóthain Gaeilge aige agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta

voting

céatadán níos airde de chainteoirí Gaeilge i measc iarrthóirí toghcháin Shinn Féin ná mar atá i measc na n-iarrthóirí atá ag páirtí ar bith eile.

De réir suirbhé speisialta a rinne Tuairisc.ie ar na páirtithe móra polaitíochta, is ag Sinn Féin atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu.

22% d’iarrthóirí Shinn Féin a mhaígh go raibh dóthain Gaeilge acu ‘chun agallamh beo a dhéanamh le Nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta’, an sainmhíniú a bhí ag Tuairisc.ie ar líofacht Ghaeilge don suirbhé.

Ba ag Páirtí an Lucht Oibre a bhí an céatadán is lú cainteoirí Gaeilge agus gan Gaeilge ach ag iarrthóir amháin dá gcuid – an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin.

Cuirfidh TG4 spéis sa scéal go gceapann an Tánaiste féin, Joan Burton, nach bhfuil dóthain Gaeilge aici chun agallamh beo a dhéanamh ar an stáisiún, agus d’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí ag an scéal seo don leagan amach a bheidh ar an díospóireacht toghcháin atá beartaithe ag an gcraoltóir i mBaile na hAbhann.

Graph

Fianna Fáil a bhí sa dara háit maidir le céatadán na n-iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu (18%), ach ba ag an bpáirtí sin a bhí an líon is mó cainteoirí Gaeilge. Tá 12 iarrthóir a bhfuil Gaeilge acu ag seasamh d’Fhianna Fáil sa toghchán.

12% d’iarrthóirí Fhine Gael a mheas go raibh dóthain Gaeilge acu.

Ar ndóigh, tá Gaeilge ag an Taoiseach Enda Kenny, a bheidh ag seasamh arís i Maigh Eo, agus dúirt naonúr eile ó Fhine Gael nach mbeadh aon drogall orthu agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta i nGaeilge.

Chruthaigh an Comhaontas Glas, nach bhfuil ionadaíocht ar bith acu sa Dáil faoi láthair, go maith sa suirbhé freisin, agus Gaeilge ag seachtar den 40 iarrthóir acu, nó 18%.

Is í Lucinda Creighton, ceannaire Renua, an t-aon duine sa pháirtí sin a mheas go raibh dóthain Gaeilge aici le dul faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó TG4.

Elections

Gaeilge ag beirt de na Daonlathaigh Shóisialacha, páirtí nuabhunaithe eile, de réir an eolais is déanaí a chuir an páirtí sin ar fáil do Tuairisc.ie. Is iad an bheirt sin ná Niall Ó Tuathail agus James Heffernan. Foilseofar ar Tuairisc.ie sna seachtainí amach romhainn ainmneacha na n-iarrthóirí ar fad a bhfuil Gaeilge acu mar chuid den tsraith ‘Tuairisc agus Tuar ó na Dáilcheantair’ le Donncha Ó hÉallaithe.

Don suirbhé seo, fágadh faoi na páirtithe agus na hiarrthóirí féin é a rá acu a mheas siad an mbeadh nó nach mbeadh dóthain Gaeilge acu le dul faoi agallamh beo ar na meáin chraolta Ghaeilge. Níl na hiarrthóirí neamhspleácha ná na hiarrthóirí atá ag seasamh do na comhghuaillíochtaí éagsúla san áireamh sa suirbhé.

Fág freagra ar 'SUIRBHÉ TUAIRISC.IE: Ag Sinn Féin atá an céatadán is mó d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu'

  • Cormac O Grada

    Speisiuil agus usaideach.

  • padraig

    Tabharfadsa mo vóta do SHINN FÉIN.

  • Seán Ó Buachalla

    Tá deichniúr iarrthóirí ag an gComhaontas Glas anois a bhfuil Gaeilge mhaith acu (ní raibh cuid acu deimhnithe nuair a bailíodh na sonraí le haghaidh an ailt seo), rud a fhágann go bhfuil 25% dá n-iarrthóirí ina gcainteoirí Gaeilge faoin am seo.

    Tá rannóg olltoghcháin an pháirtí as Gaeilge le feiceáil ag https://comhaontasglas.ie/constituencies/, áit a bhfuil sonraí faoi na hiarrthóirí deimhnithe go léir.

    Is féidir forbairtí Gaeilge sa pháirtí a leanúint ar Facebook chomh maith ag an nasc seo: https://www.facebook.com/GaeilgeSaChomhaontasGlas/?ref=ts&fref=ts

  • Daithí

    An-smaoineamh, agus míle buíochas le tuairisc.ie as an taighde. Bheadh an-spéis agam léamh faoi iarrachtaí na bpáirtithe ó thaobh líon na Gaeilge ar a gcuid bileog toghchána…

  • Brian Ó Sochlacháin

    cheap mé go raibh go leor Gaeilge ag Joan Burton, is dócha go mbeadh sí togha sna meáin Ghaeilge

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    13.8% d’iarrthóirí Dháil Éireann sa bhliain 2016 a bhfuil cumas labhairt na Gaeilge acu? Samhnasach!

    Cá mhéad de na hiarrthóirí seo a bheadh sé ina gcumas a ngnóithe Dála a dhéanamh go hiomlán tré mheán na Gaeilge? Cá mhéad acu a rachadh i mbun díospóireachta fá chúrsaí reatha na tíre ar urlár na Dála – go hiomlán tré mheán na Gaeilge?

  • Seathrún Mac Éin

    A Chairde,
    De ghnáth fanaim go dtí go mbíonn toghcán ann – agus liosta iomlán na n-iarrthóirí ar eolas agam – le cinneadh a dhéanamh i dtaobh cé dó/di a thabharfadsa mo vóta.
    Mar sin féin, táim ionann agus cinnte gur do Lucinda Creighton, Ceannaire Pháirtí Renua a thabharfad mo rogha Uimh. 1 – agus cúpla cúis agam leis sin.
    (1) Duine misniúil í, a vótáil go hoscailte de réir a coinsiasa – agus a fhios aici go gcaillfeadh sí a post sa Rialtas dá bharr. I mbeagán focal: “Is í mo laoch, mo ghiolla mear”! Is fuath liom aon rialtas – nó aon pháirtí – nach bhfuil sásta saoirse vótála a ligean le polaiteoirí nuair a bhíonn mórcheisteanna coinsiasa le socrú.
    (2) Tá Gaeilge aici – agus í I bhfad níos báúla leis an teanga ná Enda Kenny, mar shampla.

    Dar ndóigh, is ina Dáilcheantar atá cónaí orm – rud a fhágann ar mo chumas mo ghuth a chaitheamh di.
    Beannacht Dé oraibh,
    R. Seathrún Mac Éin