Suirbhé teanga seolta i gceantar Bhearna/Chnoc na Cathrach

Plean le réiteach le pobal láidir Gaeilge a chothú agus an stádas Gaeltachta a choinneáil agus a neartú

Suirbhé teanga seolta i gceantar Bhearna/Chnoc na Cathrach

Tá tús curtha le suirbhé ar chothú agus ar chaomhnú na Gaeilge i measc an phobail i gceantar pleanála teanga Bhearna/Chnoc na Cathrach i gcontae na Gaillimhe ag grúpa deonach atá bunaithe le plean teanga a ullmhú don cheantar faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Deir lucht an tsuirbhé go bhfuil fúthu plean cuimsitheach teanga a ullmhú bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé ionas go mbeidh siad in ann pobal láidir Gaeilge a chothú sa gceantar sna blianta atá romhainn” agus iad ag iarraidh ár stádas Gaeltachta a choinneáil agus a neartú”.

I gcáipéis don suirbhé atá scaipthe i measc an phobail deirtear go bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa cheantar leis na mílte bliain”, go raibh sí mar theanga an phobail go dtí “thart ar thrí ghlún ó shin” agus go bhfuil sí mar theanga an tí ag mionlach beag go dtí an lá inniu”.

Tá 22 ceist le freagairt sa suirbhé atá ar fáil ar líne anseo nó i bhfoirm chlóite.

Dúirt an grúpa pleanála teanga go bhfuil an obair atá ar siúl acu ag tarlú “i gcomhthéacs níos leithne” agus suirbhé teanga seolta i gceantair phleanála teanga eile timpeall ar chontae agus chathair na Gaillimhe, Gaeltacht an Eachréidh agus Gaeltacht Oirthear na Gaillimhe san áireamh.

Tá dréachtphlean teanga do chathair na Gaillimhe curtha faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le mí anuas. Tuigtear go bhfuil beagnach dhá scór moladh déanta sa dréachtphlean sin maidir le cur chun cinn na teanga sa chathair. Tá na moltaí sin roinnte i réimsí éagsúla, ina measc tuismitheoirí agus an óige, gnó agus teicneolaíocht, seirbhísí poiblí agus na healaíona. 

Fág freagra ar 'Suirbhé teanga seolta i gceantar Bhearna/Chnoc na Cathrach'