Suirbhé le déanamh ag an Roinn Oideachais chun éileamh tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge a thomhas

Deir an tAire Oideachais go dtabharfaidh suirbhé nua ‘tuairim shoiléir’ do lucht dréachta polasaí nua faoi cé acu an gá nó nach gá tuilleadh gaelcholáistí a bhunú

Suirbhé le déanamh ag an Roinn Oideachais chun éileamh tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge a thomhas

Beidh polasaí an rialtais nua maidir le scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú ag brath go mór ar thorthaí suirbhé nua náisiúnta, a deir an tAire Oideachais.

Ag labhairt di sa Dáil inné, dúirt Helen McEntee go mbeadh suirbhé á dhéanamh sna míonna amach romhainn i measc phobail bhunscoileanna an stáit chun fáil amach cén teanga teagaisc ab fhearr le daoine, Béarla nó Gaeilge.

Dúirt an t-aire go dtabharfadh an suirbhé “tuairim shoiléir” do lucht dréachta an pholasaí nua don ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, faoi cé acu an gá nó nach gá tuilleadh gaelcholáistí a bhunú.

Tá lucht feachtais ag iarraidh le fada go dtógfaí tuilleadh gaelcholáistí chun freastal ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Tá timpeall a cúig oiread bunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát ná mar atá iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt Helen McEntee go raibh rún daingean aici a chinntiú go mbeadh an deis ag tuismitheoirí agus daltaí oideachas lán-Ghaeilge a fháil ina gceantar féin más é sin a rogha.

Ach dúirt sí chomh maith gurb é an suirbhé náisiúnta nua a shocródh an bhfuil “na figiúirí” maidir le líon na ngaelscoileanna agus gaelcholáistí atá ann faoi láthair “ceart”, nó an gcaithfear “níos mó a dhéanamh”.

Dúirt sí gurb é an plean ná go gcuirfear ceist sa suirbhé ar thuismitheoirí faoina rogha maidir le príomhtheanga oideachais a scoileanna, Béarla nó Gaeilge. An aidhm a bhí leis an suirbhé ná “pictiúr níos fearr” a fháil faoi na “riachtanais” atá ann agus faoi cad atá ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó dhaltaí ionas gur féidir “pleanáil faoina bhfuil romhainn”.

“Creidim go gcabhróidh an beart seo, chomh maith leis an obair eile atá ar siúl, le teacht ar na deiseanna atá ann cur leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

“Domsa, mar sin, is é bun agus barr an scéil go mbeadh rogha ag tuismitheoirí – má tá tuismitheoir ag iarraidh páiste a chur go dtí scoil ina labhraítear Béarla nó go dtí scoil ina labhraítear Gaeilge go mbeadh an rogha sin acu, ina gceantair féin nó sa cheantar timpeall orthu.”

Dúirt an t-aire oideachais chomh maith go raibh iarrtha aici ar oifigigh a roinne féachaint ar chóir na critéir thíreolaíochta a leasú ionas go mbeadh sé níos fusa scoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Thug sí le fios gur i Meán Fómhair na bliana seo a chuirfear faoi bhráid an rialtais an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Fágann sin go mbeidh moill eile ar an bpolasaí arbh é an gealltanas ba dhéanaí ina leith ná go bhfoilseofaí é le linn na scoilbhliana seo.

Bhí Helen McEntee ag freagairt ceisteanna ó Darren O’Rourke, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, agus Barry Ward, Teachta Dála de chuid Fhine Gael.

Dúirt Darren O’Rourke go raibh éileamh ann ar an oideachas lán-Ghaeilge agus gur “gníomh” a theastaigh anois. Dúirt Barry Ward go bhféadfaí glacadh leis go raibh éileamh ar a thuilleadh gaelcholáistí. Dúirt sé, i gcás gaelcholáistí nua go gcaithfí fáil réidh le “critéar cúng tíreolaíochta” na Roinne Oideachais maidir le bunú scoileanna.

Fág freagra ar 'Suirbhé le déanamh ag an Roinn Oideachais chun éileamh tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge a thomhas'