Tá suíomh nua seolta le daoine a spreagadh leabhair i nGaeilge a léamh.
Ar leighlinn.com, is féidir le daoine leabhair Ghaeilge a léamh nó éisteacht leo á léamh os ard ag a n-údair. Is iad an chéad dá leabhar atá ar leighlinn.com ná Buille Marfach le Anna Heussaff agus Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird.
Chomh maith leis na húdair féin a chloisteáil ag léamh na leabhar, is féidir breathnú ar fhíseáin den scoláire Alan Titley á bplé, ó chaibidil go chéile, agus ag roinnt a chuid smaointe faoi na gnéithe is tábhachtaí de gach caibidil.
Ligtear duit na closleabhair agus an téacs a ghabhann leo a íoslódáil, sa tslí is nach gá duit ceangal idirlín a bheith agat agus tú á léamh nó ag éisteacht leis an chéad bhabhta eile.
Deir Declan McGrath, stiúrthóir an tsuímh, go bhfuil Léigh Linn dírithe orthu siúd “atá ag iarraidh triail a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh”, ach “b’fhéidir orthu siúd a bhfuil leisce orthu leabhair Ghaeilge a léamh” chomh maith.
In ainneoin go dtaibhsítear a mhalairt do dhaoine ar uairibh, deir McGrath go bhfuil saothair shuimiúla thaitneamhacha á scríobh i nGaeilge agus gur féachadh lena leithéid a aimsiú i gcomhair Léigh Linn. “Tá na leabhair [atá] roghnaithe againn bríomhar, barrúil, cliste”, agus scéalta iontu atá “chomh tarraingteach le haon rud atá ar fáil i mBéarla,” a deir McGrath.
Deir Anna Heussaff, údar Buille Marfach, gurb “iontach an smaoineamh é an suíomh seo leighlinn.com agus tá súil agam go bhfásfaidh sé is go méadóidh sé go luath. Tá leabhair Ghaeilge den scoth ar fáil nach bhfuil eolas ag a lán léitheoirí orthu,” a dúirt sí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin suíomh ach gliogáil anseo.
Cordelia Nic Fhearraigh
Áis ar dóigh go cinnte ach súil agam canúint Uladh a chluinstean am inteacht fosta. Má bhíonn daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, agus cuairt a thabhairt ar Chúige Uladh, narbh fhiú daofa canúint na háite sin a chleachtadh roimh ré?