Céard a dhéanann scríbhneoirí díreach tar éis dóibh leabhar a chríochnú?
An dtéann siad ar saoire?
Ba cheart dóibh, ach chuile sheans go dtabharfaidh siad faoi cheann de mhíle rud atá ar a liosta rudaí atá le déanamh agus nach raibh am acu fána gcoinne toisc go raibh Mórshaothar Litríochta éigin idir lámha acu.
I mo chás féin, is éard a rinne mé ná aghaidh a thabhairt ar an bpointe boise ar an rud a bhí ar bharr an liosta sin: uasdátú a dhéanamh ar mo shuíomh idirlín féin.
Ba mhaith an rud é go raibh mé i mo shuí nuair a thug mé cuairt ar an diabhal rud. Am éigin i lár 2018 a chroch mé rud éigin nua ar an suíomh sin go deireanach.
Tús sraithe a bhí ansin. Is cuimhin liom go raibh fúm, ag an am, grianghraf a chrochadh suas gach seachtain de láthair éigin a spreag píosa scríbhneoireachta de mo chuid. Bheadh sé físiúil! Mheallfadh sé cuairteoirí chuig mo shuíomh go tráthrialta! Bhí an smaoineamh go maith, go teoiriciúil. Ach tar éis trí ghrianghraf, d’éirigh mé as.
An fhadhb is mó le suíomhanna idirlín ná go dtógann sé am iad a choinneáil suas chun dáta, am nach mbíonn ag scríbhneoir a bheadh sáite i mórthogra scríbhneoireachta ar nós úrscéil.
Thóg sé an chuid is mó den tseachtain seo orm an t-ábhar a bhí as dáta a ghlanadh de mo shuíomh agus an t-ábhar a bhí fós cuí a thabhairt suas chun dáta (d’aimsigh mé léirmheas nó dhó ar shaothar de mo chuid nach raibh feicthe agam, rud a chabhraigh go mór le leathanach an tsaothair sin.)
Chaith mé dhá lá iomlán ag seiceáil gach uile nasc agus ag ceartú na scórtha a bhí briste. Ní obair leadránach go dtí é, ach tá sí riachtanach: siopa de shaghas a bhíonn i suíomh an scríbhneora, taitníodh sé sin leis nó ná taitníodh, agus mura mbíonn cuairteoirí in ann cliceáil tríd go dtí na fíorshiopaí idirlín a mbíonn a chuid leabhar ar fáil iontu, ní fiú dó an suíomh a bheith aige.
Sa lá atá inniu ann agus gan éinne againn in ann ár n-aird a dhíriú – ar líne pé scéal é – ar théacs ar bith a bheadh mórán níos faide ná 140 carachtar, ghabhfainn chomh fada lena rá go bhfuil ré an bhlag traidisiúnta caite. Cur amú ama agus fuinnimh don scríbhneoir, dar liom, aiste a chrochadh suas ar a shuíomh gach seachtain d’fhonn cuairteoirí a mhealladh. Chuige sin a láithreacht ar na meáin shóisialta – a dhíreoidh léitheoirí i dtreo a shuímh.
Ba cheart cuma shlachtmhar a bheith ar an suíomh sin, mar a bheifeá ag súil leis ó shiopa ar bith. Ba cheart go mbeadh fáil ag léitheoirí ar roinnt eolas beathaisnéise, ar chur síos gairid ar gach saothar, ar léirmheasanna, agus ar ndóigh ar eolas faoi na siopaí fisiciúla agus digiteacha ar féidir teacht ar leabhair an scríbhneora iontu. Ba cheart go n-oibreodh na nascanna ar fad.
Ach dála shiopa ar bith eile, ní fiú duit siopa mealltach a bheith agat mura mbíonn rud ar bith agat le díol ann. Sin é an fáth gur cheart don scríbhneoir i gcónaí tús áite a thabhairt don saothar a bheadh idir lámha aige, agus sin é an fáth gur fiú dó suíomh a chruthú dó féin nach dtógfaidh mórán ama air é lena choinneáil suas chun dáta.
Fág freagra ar 'Suíomh idirlín an scríbhneora, a shiopa beag féin…'