‘Suíochán’ i ndilchuimhne Fheargail Uí Chuilinn nochta i mBrú na Gráige

Bhí baint mhór ag Feargal Ó Cuilinn le heagrú tréimhsí saoire Gaeltachta i gCorca Dhuibhne do thuismitheoirí a mbíonn a gclann á dtógáil le Gaeilge acu

‘Suíochán’ i ndilchuimhne Fheargail Uí Chuilinn nochta i mBrú na Gráige

Tá ‘suíochán’ nochta i gCorca Dhuibhne d’Fheargal Ó Cuilinn, duine de na Gaeil ab aitheanta i mBaile Átha Cliath, a bhásaigh anuraidh.

Ba é Pat Carey, iar-aire Gaeltachta agus Cathaoirleach Ghlór na nGael, a rinne an suíochán a nochtadh ag ócáid speisialta chuimhneacháin le linn ‘Saoire Ghaeltachta do Theaghlaigh – Glór na nGael’  i mBrú na Gráige, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí baint mhór ag Feargal Ó Cuilinn le heagrú na dtréimhsí saoire Gaeltachta i mBrú na Gráige do thuismitheoirí a mbíonn a gclann á dtógáil le Gaeilge acu.

I ráiteas ó Ghlór na nGael, dúradh gur “iomaí teaghlach lán-Ghaeilge” a mbeidh cuimhne acu ar “chineáltas” Fheargail Uí Chuilinn.

“Beidh cuimhne bhuan ar cé chomh sona is a bhí sé agus é ag freastal ar an tsaoire Ghaeltachta i gCorca Dhuibhne chuile shamhradh. Níor aithin Feargal aon difríocht idir daoine éagsúla; bhí sé lách le gach duine a tháinig chuige. Braitheann muid ar fad uainn é, i nGlór na nGael, a mheangadh gáire, a dhea-chaidreamh agus a chomhluadar cneasta,” a dúradh.

In ómós d’Fheargal Ó Cuilinn – Gael agus cara lách dílis a rinne a chion

Thug Feargal Ó Cuilinn cuid mhór dá shaol ag cur na Gaeilge chun cinn. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Chomhluadar, an eagraíocht a bunaíodh i 1993 chun tacú le tuismitheoirí a bhí ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus d’oibrigh sé le Glór na nGael mar Bhainisteoir Tionscadal ó 2014.

Bhí baint mhór aige le cur chun cinn an ghaeloideachais agus thug sé tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla.

Bhí aithne mhór air i measc phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann agus bhí sé ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Bharra i gCabrach agus b’údar mórtais ar leith dó gur éirigh leis an scoil sin foirgneamh buan a fháil anuraidh tar éis feachtas fada.

105 duine agus 28 teaghlach atá ag freastal ar shaoire Ghaeltachta Ghlór na nGael i gCorca Dhuibhne faoi láthair.

Fág freagra ar '‘Suíochán’ i ndilchuimhne Fheargail Uí Chuilinn nochta i mBrú na Gráige'

  • Mánus

    Teastaíonn comóradh buan ar obair cheannródaíoch Fheargal Uí Chuilinn i mBaile Átha Cliath a chathair dhúchais freisin. Nuair a bhí Feargal Ó Cuilinn ina stiúrthóir ar an eagraíocht Comhluadar bhí sé ag fiosrú faoi agus ag pleanáíl i dtreo lonnaíocht nua Ghaeltachta a bhunú i mbruachbhaile i mBleácliath . Ní ann don eagraíocht Comhluadar a thuilleadh faraor. Léirigh go leor teallaigh suim sa Gnaeltacht uirbeach nua sin a bhí á phleanáil aige ag Feargal Ó Cuilinn ag an am.
    Nárbh íontach an comóradh a bheadh ann go mbeadh Gaeltacht nua uirbeach i mBleácliath agus ceann des na sráideanna nó blocárasán ainmnithe ina dhiaidh.
    Tá sé in am ag Gaeil Bhleácliath ( le tacaíocht an GAA, eagraíocht inar ghlac Feargal páirt mhór ann) sampla muintir Bhóthair Seoighe, i mBéal Feirste a leanúint.
    Siar comh fada le 1952 scríobh Máirtin Ó Cadhain “D’Ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann, níl i mbaile mór amháin sráid, céide, corrán, ascaill ná scéim tithe féin atá Gaelach nó leath-Ghaelach féin”. Faraor tá sé sin fós fíor faoi Bhleácliath .
    Caithfidh go bhfuil tógálaithe, ailtirí, comhairleoirí pleanála, baill de comharchumainn tithíochta, draíodóirí airgid srl sa GAA agus i bpobal na Gaeilge a bheadh báiúil don smaoineamh eastát lánGhaeilge a bhunú. Tá an cur chuige profisiúnta praiticiúil ag an GAA chun togra mar sin a chur i gcrích. Go dtí go bhfuil go bhfuil Gaeltacht uirbeach i mBleácliath ní bheidh an Ghaeilge pioc slán.
    Mholfainn d’éinne a thaitníonn an smaoineamh seo leo fiosrú faoi na chomharchumainn tithíochta atá ag feidhmiú le fada an lá sna tíortha Lochlannacha. Ní oirfeadh an múnla atá ag na comharchumann tithíochta abhus toisc a casta is a bheadh sé an Ghaeilge a chosaint nuair a díolfaí teach nó árasán.. Thall i gcríoch Lochlainn tá múnlaí eagsúla comhúinéireachta ag na comharchumainn tithíochta. Ní réiteodh sin le Bull NcCabes na hÉireann ach ní mór cultúr comhoibritheach a ghlacadh chugainn féín má tá todhchaí do bheith ag an nGaeilge mar theanga phobail. Tá an ceann i gCloch Siúrdáin ag dul sa treo ceart agus ba chóir labhairt leo sin freisin

    https://en.wikipedia.org/wiki/Housing_cooperative#Scandinavia
    https://www.quora.com/What-is-Swedens-cooperative-housing-system

  • Brian-less

    Aontaím le Mánus. Tar sé thar am againn tús a chur leis an tionscadal seo.