Cúig shuíochán do chúig chontae dhéag agus 1.8m duine. Sin agat toghlach an Lár Tíre – an tIarthuaisceart; réigiún ilghnéitheach fairsing a shíneann ó Chionn Mhálanna go bruachbhailte Bhaile Átha Cliath agus as sin siar go cósta an Iarthair. Seachtar is fiche atá á fhéachaint le chéile do na suíocháin seo agus is meascán mearaí atá ann má bhí a leithéid riamh ann. D’úsáid RTÉ a slat tomhais féin (an t-iarrthóir a bheith tofa cheana féin, méid an pháirtí, gan níos mó ná duine ó aon pháirtí amháin srl.) le hochtar a roghnú do dhíospóireacht Upfront (RTÉ1, Dé Luain).
I ndeireadh na dála siad Luke ‘Ming’ Flanagan (NS), Peter Casey (NS), Peadar Tóibín (Aontú), Maria Walsh (FG), Barry Cowen (FF), Pauline O’Reilly (CG), Saoirse McHugh (NS) agus Chris MacManus (SF) a bhí ar stáitse. D’fhág sin go raibh iarrthóirí amhail Ciaran Mullooly, John Waters, Justin Barrett, Nina Carberry agus Niall Blaney fágtha ar an trá fholamh. Ba é seo an chéad díospóireacht teilifíse agus beidh dhá cheann eile againn roimh lá an toghcháin ar an 7 Meitheamh.
Thosaigh rudaí amach tur go maith agus Katie Hannon ag ceistiú na n-iarrthóirí faoin ngrúpa a dtaobhódh siad leo is iad sa Pharlaimint. Drogall ar iarrthóirí freagra cinnte a thabhairt agus iad ag iarraidh cárta cúil a bheith acu. Thosaigh rudaí ag dul i ndéine de réir a cheile; go mórmhór nuair a pléadh cúrsaí timpeallachta, feirmeoireachta agus eisimirce mar aon leis na cogaí san Úcráin agus i nGaza.
Faoi mar is dual dó, ba é Peter Casey a sholáthraigh na nóimintí cuileachta. Ar dtús b’éigean do Hannon a fhógairt go raibh Casey tar éis an stáitse a fhágaint. Alltacht is mearbhall uirthi agus í ag cur in iúl gur dóichí go raibh fadhb aige lena mhicreafón. B’ait an feic é an seastán folamh. D’fhill an Cathasach le meabhrú dúinn go dtuigeann sé drochstaid na bhfeirmeoirí óir go raibh dhá fheirm aige tráth.
Ina dhiaidh agus an clár ag tarraingt ar cheann scríbe bhí sé i lár an chatha arís. Agus cúrsaí cogaíochta á bplé chas Saoirse McHugh chuig Casey le mífhoighne agus dúrt go neamhbhalbh ‘You’re a clown, you’re a clown, will ya stop.’ Níorbh í an chaint is stuama í ach táthar ann ar thaitin sí go mór leo.
Bhí sé ag dul dian ar Katie Hannon srian a choimeád ar an díospóireacht ar uairibh; aíonna ag sárú caint a chéile, ag teacht trasna ar a chéile agus ag caitheamh sleaiseanna ar a chéile de shíor. Lena ceart a thabhairt di, le hochtar chomh éagsúil sin ar stáitse bhí sé chomh maith aici a bheith ag taoscadh na farraige ar uairibh seachas a bheidh ag iarraidh smacht a choimeád ar an gcaint.
Seán Mag Leannáin
Ní haon dóithín í Saoirse McHugh… an ceart ar fad aici nuair a thug sí ‘clown’ (bobaide) ar Peter Casey. Tá sí 40/1 le Paddy Power i láthair na huaire!
Seán Mag Leannáin
“As an 40 iarrthóir, ní raibh ach seachtar a thug le fios go mbeadh siad in ann agus sásta an Ghaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint agus go mbainfeadh siad úsáid as an teanga mar ghnáthchleachtas. Sin iad Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) agus Bríd Smith (Pobal Seachas Brabús) atá ag seasamh i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath; Billy Kelleher (Fianna Fáil), Cynthia Ní Mhurchú (Fianna Fáil) agus Seán Kelly (Fine Gael) atá ag seasamh sa Deisceart, agus Fergal Landy (Páirtí an Lucht Oibre) agus Peadar Tóibín (Aontú) atá ag seasamh i Lár Tíre & an tIarthuaisceart.” Díol suntais é nach bhfuil duine ar bith as seisear iarrthóirí Shinn Féin in ann an Ghaeilge a labhairt.