Suíochán breise do FF i nGaillimh Thiar riachtanach chun cur le seasamh Uí Chuív sa pháirtí

An bealach is fearr ag Éamon Ó Cuív lena stádas i bhFianna Fáil a neartú arís ná dhá shuíochán a fháil dá pháirtí i nGaillimh Thiar

13/06/2012. Free Gerry Mc Geough Campaign. Fianna Fail TD Eamon O Cuiv joined with Senators and the Mc Geough family focusing on the immediate release of Gerry McGeough in Northen Ireland. He said that if paragraph 20 of the Weston Park Accord (2001) was implemented fully through legislation and in the spirit of the Good Friday Agreement, Gerry would never have been pursued or incarcerated in Maghaberry Prison. Pictured Fianna Fail TD Eamonn O Cuiv at todays press conference. Photo: Sam Boal/Photocall ireland
PICTIÚR:  Sam Boal/Photocall Ireland

Má tá duine ar bith réasúnta cinnte de shuíochán sa gcéad olltoghchán eile i nGaillimh Thiar, sin é Éamon Ó Cuív – sin í ‘tuairim na coitiantachta’. Cé nach mbíonn ‘tuairim na coitiantachta’ ar an tuairim is cruinne amanta, is deacair a shamhlú nach bhfaigheadh fear Chorr na Móna suíochán. Ach tharlódh go dteastódh níos mó ná sin uaidh anois le go mbeadh ‘glór’ níos láidre aige i bhFianna Fáil. Toghadh an Teachta Ó Cuív ina Leas-Uachtarán ar an bpáirtí an tseachtain seo caite ach ní ar an gcaoi a raibh a lucht tacaíochta ag súil leis a tharla sin.

Ba ar an gcoimhlint idir Ó Cuív agus an Teachta Dála Timmy Dooley as an gClár ba mhó a bhí aird sa toghchán don chúigear Leas-Uachtarán. Bhí beirt le toghadh as páirtí parlaiminte Fhianna Fáil ach tharla sé go raibh ceann de na postanna sin geall le bheith buaite sular caitheadh vóta ar bith – bhí an Seanadóir Mary White slán de bharr rialacha faoi chomhionannas inscne. D’fhág sin gur idir Ó Cuív agus Dooley a bhí an choimhlint don fholúntas eile. Bhí níos mo ná post Leas-Uachtaránachta i gceist agus bhí a fhios sin go maith ag lucht ceannaireachta Fhianna Fáil. Bhí amhras caite ag Ó Cuív ar pholasaithe agus ar threo an pháirtí le tamall maith; ar an taobh eile glactar leis go bhfuil Timmy Dooley an-dílis don cheannaire, Micheál Martin.

Bhí stocaireacht go leor ann a thosaigh tamall roimh an Ard-Fheis. Bhí lucht tacaíochta Uí Chuív muiníneach go maith go raibh sruth láidir leis i measc chosmhuintir an pháirtí. Bhíodar eagraithe go maith – seaicéid dá gcaitheamh acu a raibh ainm Uí Chuív orthu ag an Ard-Fheis. Ach nuair a tháinig na vótaí as na boscaí is ag Dooley a bhí an vóta ab airde: 380 ag fear an Chláir agus 317 ag Éamon Ó Cuív. Bhí ochtar uilig san iomaíocht faoin ionadaíocht chionmhar. D’fhág sin an Seanadóir White agus Dooley istigh agus ba iad ghnáthbhaill an pháirtí a thoghfadh an chéad bheirt eile.

Ina dhiaidh sin arís, bhí post amháin Leas-Uachtaránachta fanta agus é oscailte do chuile iarrthóir a bhí fágtha san iomaíocht.

Ba ansin a tháinig Éamon Ó Cuív i dtír ach thug go leor daoine suntas don choimhlint sin freisin, coimhlint inar tháinig Donie Cassidy i bhfoisceacht 18 vóta d’Ó Cuív ag pointe amháin sa gcomhaireamh. Sa deireadh, toghadh Éamon Ó Cuív ina Leas-Uachtarán ach tá eireaball le scéal na vótála seo agus d’fhéadfaí é a úsáid ina aghaidh má labhraíonn sé go cáinteach arís ar pholasaithe Fhianna Fáil agus ar threo an pháirtí. D’fhéadfaí a rá leis an uair sin gur thug cosmhuintir an pháirtí breithiúnas ar an scéal – go pointe, ar chuma ar bith – ag an Ard-Fheis.

Ach an gá gurb ionann toscairí Ard-Fheise agus ‘cosmhuintir’ Fhianna Fáil, nó pobal Fhianna Fáil? Ina dhiaidh sin féin, bíonn cuid mhaith toscairí Ard-Fheise, i chuile pháirtí, in acmhainn taisteal go Baile Átha Cliath agus an deireadh seachtaine a chaitheamh ann. Níl locht ar bith air sin ach an bhfuil suim ag formhór de bhaill Fhianna Fáil, nó lucht tacaíochta an pháirtí, an deireadh seachtaine a chaitheamh mar sin – nó an bhfuil siad in acmhainn é sin a dhéanamh? Sin ceist eile agus ní féidir a bheith lánchinnte gur léiriú iomlán a bhí san Ard-Fheis ar dhearcadh lucht tacaíochta traidisiúnta Fhianna Fáil ar an leagan amach atá molta ag Éamon Ó Cuív.

San am céanna, is í an Ard-Fheis an tslat tomhais is fearr atá againn fós ar an muinín atá ag baill Fhianna Fáil ina gceannaire agus tá stádas Éamoin Uí Chuív lagaithe dá bharr.

An bealach is fearr leis an stádas sin a neartú arís? Dhá shuíochán d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar. Bheadh glór Éamoin Uí Chuív níos údarásaí sa bpáirtí arís agus ar an stáitse náisiúnta dá bhféadfadh sé an méid sin a bhaint amach. Ach, bheadh dreapadóireacht mhór le déanamh ag an bpáirtí níos gaire do bhaile sula bhfaighidís an dá shuíochán chéanna.

Is gearr go mbeidh coinbhinsiún ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar. Beidh Éamon Ó Cuív ag iarraidh go mbeidh ceathrar iarrthóirí acu; beidh ceanncheathrú an pháirtí ag iarraidh gur triúr a bheidh ann. Is díol spéise ann féin an réiteach a bheidh air sin.

Fág freagra ar 'Suíochán breise do FF i nGaillimh Thiar riachtanach chun cur le seasamh Uí Chuív sa pháirtí'