Suim léirithe in uachtaránacht na hÉireann ag Seán Kelly

Deir an t-iar-uachtarán de chuid CLG gur mhór ‘an phribhléid’ é dá roghnódh Fine Gael é le seasamh dá pháirtí má bhíonn toghchán ann i mí na Samhna

Suim léirithe in uachtaránacht na hÉireann ag Seán Kelly

Tá suim léirithe in uachtaránacht na hÉireann ag Seán Kelly, iar-uachtarán ar CLG agus Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael.

Deir an Ciarraíoch nach mbeadh suim aige seasamh don uachtaránacht ach amháin sa chás go socródh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn seasamh go leataobh agus gan an dara téarma a lorg.

Ach an oiread le hUachtarán na hÉireann féin, cainteoir líofa Gaeilge é Seán Kelly agus bíonn an Feisire Eorpach faoi agallamh go minic ar na meáin Ghaeilge.

Bhí Kelly ar ghearrliosta iarrthóirí Fhine Gael do thoghchán na huachtaránachta in 2011 agus ba é Gay Mitchell a roghnaigh an páirtí faoi dheireadh.

Dúirt Kelly leis an Irish Examiner inniu gur mhór “an phribhléid” é dá roghnófaí é le seasamh dá pháirtí má bhíonn toghchán ann i mí na Samhna.

“Feictear dom nach bhfuil faic ina aon chor cearr leis an té atá faoi láthair ann. Más faoi a mhachnamh a dhéanamh faoi sheasamh arís, ba chóir ligean dó sin a dhéanamh.

“Tá ceist curtha ag go leor daoine orm faoi. Déanfaidh mé mo mhachnamh faoi. Tá sé ráite liom ag baill d’Fhine Gael ag cruinnithe agus ag lucht spóirt chomh maith. Chuir fiú daltaí i scoil i dTiobraid Árann ceist orm faoi.”

Dúirt an Feisire Eorpach nár phléigh sé an scéal go fóill le ceannairí Fhine Gael ach gur dhóigh leis go mbeadh go leor “le tabhairt aige” mar uachtarán i bhfianaise a thaithí le CLG agus a thaithí ag obair i saol an spóirt agus le daoine óga. Chabhródh an “gréasán teagmhála” atá aige mar gheall ar a chuid oibre i bParlaimint na hEorpa leis chomh maith, a dúirt sé.

“Bíonn an-chaidreamh agam le daoine, agus níl teorainn leis an bhfuinneamh atá ionam,” a dúirt Seán Kelly.

Fág freagra ar 'Suim léirithe in uachtaránacht na hÉireann ag Seán Kelly'

  • léitheoir

    Bheadh sé go rímhaith…fear de chuid na Ríochta!