Suim ar bith léirithe in athbhreithniú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta ar €144,000

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers níos túisce i mbliana go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas bille a chur chun cinn chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach tá athbhreithniú le déanamh ar dtús

Suim ar bith léirithe in athbhreithniú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta ar €144,000

Tá iarracht eile á déanamh ag Roinn na Gaeltachta le teacht ar chomhlacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Údarás na Gaeltachta toisc nár léirigh aon dream spéis sa chéad phróiseas tairisceana a bhí acu.

€144,000 a bhí á thairiscint do chomhlachtaí comhairleoireachta chun tabhairt faoin athbhreithniú atá geallta i gClár an Rialtais.

De réir tuairisc ar shuíomh RTÉ tráthnóna, chinn Roinn na Gaeltachta dul i muinín comórtais eile nuair nár éirigh leis an gcéad cheann.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta go bhféadfadh nár léiríodh suim sa chéad chomórtas toisc obair eile a bheith ar siúl ag comhairleoirí nó toisc easpa daoine leis na “scileanna cuí” a bheith ann.

Dhá mhí a bhí á thabhairt chun an t-athbhreithniú a chur i bhfeidhm.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers mí Aibreáin go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas bille a chur chun cinn chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

In agallamh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie mí Lúnasa dúirt sé gurb é “a thuairim phearsanta” go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Tá athbhreithniú fós le déanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis ach tá leid tugtha ag an Aire Stáit gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

Dúirt sé go mbeadh sé “réasúnta” iarracht a dhéanamh “ionadaíocht phobail a neartú ar leibhéal an Bhoird”.

Dúirt Chambers go ndéanann an córas ainmniúcháin atá i bhfeidhm i láthair na huaire “é sin go pointe áirithe”, ach nach bhfuil an córas sin gan locht.

“Is dóigh liom gur féidir é a fheabhsú tuilleadh agus sílim go gcaithfimid gníomhú chun é sin a dhéanamh.”

Beidh a thuilleadh ar 7Lá ar TG4 anocht faoi scéal na hiarrachta teacht ar chomhlacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Suim ar bith léirithe in athbhreithniú a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta ar €144,000'

  • CCc

    Cad é an saghas ‘daonlathas’ atá ag duine in Éirinn? Féach ar scéal Údarás na Gaeltachta.

    Bhunaigh Údarás mar thoradh ar fheachtas Cearta Sibhialta na Gaeltachta, bhí sé mar aidhm acu údarás áitiúil a bhaint amach don Ghaeltacht. Fuaireadar ‘Údarás na Gaeltachta’, ach ní raibh mórán údarás ag ‘Údarás’.

    Thaispeáin Stát na hÉireann a ‘centralising tendencies’ nuair a chuireadar deireadh le toghchán dhaonlathach an Údaráis (cé nach raibh mórán fíorchumhacht ag an ‘Údarás’ sa chéad dul síos).