An bhfuil aon rún agat don bhliain 2015?
Mar a bhíonn gach aon bhliain: níos mó ama a chur ar leataobh do shiúlóidí agus don scríbhneoireacht…
Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2015?
An t-earrach…bíonn laethanta dorcha seo an gheimhridh dian ar dhaoine.
Cad é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis i 2015?
Déanaim iarracht gan a bheith ag cuimhneamh ar an gcaoi sin!
Cad é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis i 2015?
Ag súil go mór le mo ghrá geal a phósadh sa bhfómhar.
Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2015?
Cumas cineáltais an chine dhaonna.
Cad é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach i 2015?
Cnuasach filíochta a fhoilsiú…Tá sé in am agam: táim ag obair air ó bhí 2008 ann!
Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann i 2015, cad a d’athrófá?
An bhearna idir an saibhir is an daibhir a laghdú. Tá amhras orm go dtarlóidh sé i bhfianaise ar thit amach i 2014…
Mícheál Ó Ruairc, Clochán-Bréanainn
Pósadh agus leabhar filíochta sa bhliain chéanna. Sin dúshlán! Le bheith dáiríre ní bheidh stró ar bith uirthi an dá éacht san a chur i gcrích. Guím gach rath uirthi i 2015. File fiúntach agus tráchtaire tréshoilseach ar shaol na hÉireann san aonú haois is fiche.