Ó tháinig Gaillimh isteach ón bhfásach sa chraobh iomána thart ar 40 bliain ó shin, is iad Cill Chainnigh an céile comhraic is mó atá acu. Cé go bhfuil Tiobraid Árann agus an Clár ar an teorainn le Gaillimh, is iad na coimhlintí i gcoinne na gCat is mó a théann i bhfeidhm ar lucht leanta na Gaillimhe.
Le linn an ama sin, casadh na foirne ar a chéile sé huaire i gcluichí ceannais na hÉireann, athimirt 2012 ina measc. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na cinn is tábhachtaí.
Cluiche Ceannais na hÉireann 1975 – Cill Chainnigh 2-22 Gaillimh 2-10
Casadh Cill Chainnigh agus Gaillimh ar a chéile 19 n-uaire i gcluichí leathcheannais na hÉireann sula ndeachaigh siad i mbun coimhlinte sa chluiche ceannais den chéad uair i 1975. Bhí beagnach scór blianta caite ag Gaillimh gan an cluiche ceannais sroichte acu agus os cionn leathchéad bliain ón uair dheireanach a bhuaigh siad Corn Mhic Cárthaigh.
Bhí cúrsaí éirithe chomh dona sin gur cheap daoine go raibh mallacht ar an bhfoireann, fearacht pheileadóirí Mhaigh Eo nó iománaithe an Chláir. Nuair a bhí bua gan choinne acu sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaí i 1975, áfach, bhí deis ag na Gaillimhigh é sin uile a athrú.
Faraor, ba iad Chill Chainnigh a bhí leo agus iad ag druidim le deireadh ré órga inar bhuadar an chraobh trí huaire in imeacht ceithre bliana. Chuir Gaillimh tús maith leis an gcluiche nuair a scóráil Frank Burke le hiad a chur chun cinn ach ní raibh mórán de choimhlint ann ina dhiaidh sin, Eddie Keher ag fáil 2-7 chun a shéú bonn Uile-Éireann a bhuachan.
Cluiche Ceannais na hÉireann 1987 – Gaillimh 1-12 Cill Chainnigh 0-9
Imreofar cluiche ceannais an Domhnaigh seo ar an 6 Meán Fómhair agus beidh lucht leanta na Gaillimhe ag súil gur dea-chomhartha é sin mar go bhfuil sé 28 mbliana díreach ón lá ar bhuaigh siad a gcraobh dheireanach.
Faoin am gur chas Gaillimh agus Cill Chainnigh ar a chéile i gcluiche ceannais 1987, bhí deireadh tagtha leis an ngainne agus Craobh na hÉireann buaite acu i gcoinne Luimnigh i 1980, ach tar éis dóibh cluichí ceannais 1985 agus 1986 a chailleadh, bhí ualach an chrá croí á iompar acu arís.
Mar a tharla sé, níor chluiche é craobh ceannais 1987 a d’fhan i gcuimhne go leor daoine, ach amháin iad siúd arb as Gaillimh dóibh. Níor chuidigh an bháisteach throm leis an taispeántas agus i gcead don fhear féin, is slat tomhais mhaith é ar fheabhas an chluiche go raibh an cúl báire, John Commins, ar dhuine de laochra na Gaillimhe, é ag déanamh dhá shábháil den scoth ó Liam Fennelly. Ba é cúl Noel Lane, a tháinig naoi nóiméad roimh an deireadh an scór cinniúnach agus Corn Mhic Cárthaigh tugtha ar ais go Gaillimh i ndiaidh briseadh croí an dá bhliain roimhe.
Cluiche Ceannais na hÉireann 2012 – Cill Chainnigh 0-19 Gaillimh 2-13
Dhá mhí roimh an gcluiche seo, bhí Gaillimh i ndiaidh greadadh a thabhairt do Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Chúige Laighean. Nuair a chas na foirne ar a chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann, is ag iarraidh díoltas a bhaint amach a bhí foireann Brian Cody.
Fearacht an chluiche níos luaithe an bhliain céanna, chuir Gaillimh tús iontach leis an gcluiche. Ní raibh deich nóiméad féin ar an gclog nuair a fuair Joe Canning cúl den scoth agus bhí fir an iarthair seacht bpointe chun cinn ar feadh tamaill sa chéad leath.
Thug easpa smachta na nGaillimheach deis do Chill Chainnigh teacht ar ais agus fuair Henry Shefflin 11 phointe ó phocanna saora agus poc éirice a chuir sé thar an trasnán. Bhí dóthain ama ann le haghaidh críoch dhrámatúil agus b’shin díreach a tharla. Agus an t-am caite de réir an chloig, fuair Joe Canning deis ar chúilín comhscóir a fháil agus é amuigh ar an taobhlíne. Níor chuir fear Phort Omna a dheis amú agus go luath ina dhiaidh sin, shéid an réiteoir an fheadóg le deireadh a chur le cúrsaí don lá áirithe sin.
Ní raibh an cluiche leath chomh géar san athimirt trí seachtaine ina dhiaidh sin, farasbarr 11 phointe ag Cill Chainnigh ar deireadh, agus an t-imreoir óg, Walter Walsh, ag scóráil 1-3 ina chéad chluiche do na Cait.
Fág freagra ar 'Súil siar ar na cathanna idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i gCorn Mhic Cárthaigh'