Súil siar ar ghaiscí na bhfoirne Gaeltachta in 2015

Agus cuid mhaith foirne fós ag imirt an deireadh seachtaine roimh an Nollaig, ba bhliain ghnóthach a bhí in 2015 d’fhoirne na Gaeltachta agus cuid mhaith acu ag ceiliúradh ag deireadh na bliana chomh maith

Fear an Daingin, Marc Ó Conchuir, agus fear na Gaeltacha, Brian Ó Beaglaoich, ag ceiliúradh bua na Pobalscoile i gCorn Uí Ógáin. INPHO/Ryan Byrne
Fear an Daingin, Marc Ó Conchuir, agus fear na Gaeltacha, Brian Ó Beaglaoich, ag ceiliúradh bua na Pobalscoile i gCorn Uí Ógáin. INPHO/Ryan Byrne

An Ghaeltacht buacach sa mbaile ach is iad an Daingean ríthe an chontae

Cuireadh tús maith leis an mbliain i gCorca Dhuibhne nuair a bhuaigh buachaillí na Pobalscoile Corn Uí Mhuirí den cheathrú huair as a chéile. Chuaigh siad ar aghaidh ansin chun Corn Uí Ógáin a bhuachan, mar a rinne in 2014. B’iontach an gaisce é agus chuir na himreoirí céanna sméar mhullaigh ar an mbliain lena gclubanna ina dhiaidh sin.

Bhí scata acusan páirteach i mbua iontach an Daingin i gCraobh Mionúr an Chontae agus tús mhí na Samhna. B’iad a bhuaigh an chraobh anuraidh chomh maith agus rinne buachaillí an Daingin éacht arís i mbliana agus bua trí phointe acu ar Chiarraí Láir leis an scór 0-10 in aghaidh 1-4. I measc na n-imreoirí, bhí triúr, Conor Geaney, Mark O’Connor agus Tom O’Sullivan, a bhí ar fhoireann mionúr Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann chomh maith.

Tháinig bua an Daingin sa chraobh mionúr cúpla seachtain i ndiaidh don chumann éacht eile a dhéanamh agus Craobh Sinsear na gClub buaite acu. Is iad Na Crócaigh a bhí roimh an Daingean, agus a gceathrú chraobh as a chéile á lorg ag fir Chill Airne. Cuireadh stop leo, áfach, agus bua ceithre phointe ag an Daingean, 2-12 in aghaidh 0-14.

Ní drochbhliain a bhí ann don Ghaeltacht ach an oiread agus beidh siad sásta gur éirigh leo ardú céime suas go Roinn 2 den tSraith Sinsear agus Craobh Sinsear Chiarraí Thiar a bhuachan den chéad uair ó 2008. Bhuaigh siad ar an Daingean sa chluiche leathcheannais sula bhfuair siad an ceann is fearr ar Abhainn an Scáil sa chluiche ceannais. B’iad na cumainn chéanna a d’imir sa chraobh sóisear áitiúil agus ba le fir na Gaeltachta an lá sa chluiche sin chomh maith.


Foireann Naomh Conaill a d'imir ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana
Foireann Naomh Conaill a d’imir ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Pic le Seán Ó Mainnín

Fir na nGleannta i mbarr a réime i nDún na nGall

Cúig bliana tar éis dóibh an chraobh a bhuachan den uair dheireanach, b’iad Naomh Conaill curadh Chraobh Sinsear Dhún na nGall do 2015. Fuair fir na Galetachta an ceann is fearr ar Naomh Adhamhnáin sa chluiche ceannais, foireann a bhfuil taithí mhaith acu ar Chorn Mhic Uidhir a bhuachan le blianta beaga anuas. Ní raibh ach pointe amháin, 0-11 in aghaidh 0-10, idir na foirne ag an deireadh agus fir na nGleannta ag ceiliúradh i ndiaidh dianchoimhlinte.

Seachtain tar éis an bhua sin, bhuaigh Naomh Conaill Craobh Sinsear Comórtas Peile na Gaeltachta. Beagnach cúig mhí tar éis do na cluichí ceannais a bheith curtha ar athló, bhí bua 1-11 i gcoinne 0-6 ag Naomh Conaill ar Chill Chartha. Is beag nár thug an cumann Craobh Mionúr A an chontae leo chomh maith ach bhuaigh Naomh Adhamhnáin orthu, 3-6 in aghaidh 0-12, sa chluiche ceannais sin. Theip ar fhoireann Gaeltachta eile an chraobh B a bhuachan nuair a bhuaigh Baile na nGallóglach ar Chill Chartha i gcluiche ceannais an chomórtais sin.

I gcomórtais na mban, beidh Gleann Fhinne tinn go maith ag féachaint ar an Tearmann agus cluiche ceannais sinsear an chontae caillte acu ina n-aghaidh den tríú huair le trí bliana anuas. Ba é seo an ceathrú craobh as a chéile atá buaite ag mná an Tearmainn agus chun rudaí a dhéanamh níos measa do Ghleann Fhinne, is iad an Tearmann a bhuaigh orthu i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana chomh maith.


Iománaithe an Spidéil, a bhuaigh Craobh Sóisear A na Gaillimhe
Iománaithe an Spidéil, a bhuaigh Craobh Sóisear A na Gaillimhe. Pic le Seán Ó Mainnín

Iománaithe Gaeltachta na Gaillimhe ag taispeáint a mianaigh

Beidh iománaithe agus peileadóirí Mhaigh Cuilinn ar ais ag imirt i ngrád na sinsear an bhliain seo chugainn tar éis don dá fhoireann ardú céime a bhaint amach.

Cé gur theip orthu sa chluiche ceannais Idirmheánach in aghaidh Mhainistir Chnoc Muaidhe, beidh na hiománaithe ag glacadh páirte sa ghrád nua, Sinsear B i 2016.

Bhí níos mó rath ar pheileadóirí an chumainn, a bhuaigh ar Bhaile Átha an Rí chun Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe a bhuachan. Cé go ndeachaigh siad ar aghaidh chun Craobh Idirmheánach na hÉireann a bhuachan in 2008, chlis orthu i gcluiche ceannais Chonnacht i mbliana in aghaidh Mhaolla-Na Ceathrún Móire, as Mhaigh Eo.

Beidh foireann ó Chonamara ag tógáil áit iománaithe Mhaigh Cuilinn sa Chraobh Idirmheánach tar éis don Spidéal Craobh Sóisear A na Gaillimhe a bhuachan cúpla lá roimh an Nollaig. Ba in aghaidh Ard Raithín a bhí fir Chois Fharraige sa chluiche ceannais agus bua breá ag fir an Spidéil, mar a bhí acu freisin i gCraobh Sóisear B Peile na Gaillimhe nauir a bhuaigh siad ar Mhílic-Dhún an Uchta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Bhí rath ar fhoirne Chonamara sna comórtais Faoi-21 peile chomh maith agus an Cheathrú Rua agus Naomh Anna, Leitir Móir ag buachan chraobhacha A agus B an Iarthair faoi seach. Bua stairiúil a bhí ann don Cheathrú Rua nuair a chloígh siad Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach. Ba é an chéad uair é ag an gcumann Gaeltachta an comórtas seo a bhuachan.

Ar an drochuair, cuireadh cluiche ceannais an chontae, ina dtabharfaidh siad aghaidh ar Chora Finne, siar go dtí an bhliain nua mar gheall ar an drochaimisir. Ní raibh an t-ádh ach an oiread ar Naomh Anna, iad ag cailleadh amach ar Chraobh B an Chontae nuair a fuair Áth Cinn an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais sin.

Beidh díomá ar roinnt d’fhoirne Gaeltachta na Gaillimhe i mbliana. Bhí mí-ádh ar chumann Mhicheál Breathnach cluichí ceannais san iomáint (Sóisear 1) agus sa pheil (Sóisear A) a chailleadh agus beidh peileadóirí na Fairche ag imirt sa ghrád Sóisear A in 2016 tar éis dóibh ísliú céime a bheith tugtha dóibh sa chraobh Idirmheánach.

Is ar éigean a d’éalaigh Oileáin Árainn ón dícháiliú sa ghrád céanna ach ar a laghad chríochnaigh siad an bhliain go buacach agus Craobh Sóisear Comórtas Peile na Gaeltachta buaite acu don dara bliain as a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar na Dúnaibh in Ard an Rátha.


Foireann Bhéal Átha'n Ghaorthaidh a bhuaigh Craobh Mionúr C Chorcaí i 2015
Foireann Bhéal Átha’n Ghaorthaidh a bhuaigh Craobh Mionúr C Chorcaí i 2015

Ceiliúradh go leor le déanamh ag Béal Átha’n Ghaorthaidh an Nollaig seo

Ba bhliain mhaith a bhí ann d’fhoirne na Gaeltachta i gCorcaigh i mbliana, go háirithe do chumann Bhéal Átha an Ghaorthaidh, ar éirigh lena bhfoirne sóisear agus mionúr craobhacha an chontae a bhuachan.

Níor stop siad ag ceiliúradh sa chumann idir mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna agus Sraith Sóisear B an Chontae, Craobh Sóisear B an Chontae, Craobh Mionúr C an Iarthair, Sraith Sóisear Mhúscraí agus Craobh Mionúr C an Chontae buaite ag foirne Bhéal Átha an Ghaorthaidh sa tréimhse sin.

B’iad na buanna craoibhe na gaiscí ba mhó atá á lua leo, na mionúir ag fáil an ceann is fearr ar Chill Dairbhre i gcluiche neamhghnách a chríochnaigh 6-9 in aghaidh 5-7. Ag tús na míosa a bhuaigh na sóisir craobh an chontae agus bua acu ar Bhaile na Corra, 1-14 i gcoinne 0-14.

Bhí Cill na Martra iad féin ag ceiliúradh mar churaidh an chontae chomh maith agus Craobh Faoi-21 B Chorcaí buaite acu i mí Lúnasa. Ba ar Chill Mhín a bhuaigh siad sa chluiche ceannais, agus buachaillí Mhúscraí tagtha slán le pointe amháin, 2-11 in aghaidh 1-13.

Cé gur cháiligh foirne idirmheánach Chill na Martra agus Naomh Abán do chluichí ceannais sraithe, i Roinn 3 agus Roinn 2 faoi seach, in 2015, níor éirigh le ceachtar foireann an corn a thabhairt leo. Ar a shon sin is uile, ó tharla gur bhain an dá fhoireann ardú céime amach, ní hé deireadh an domhain é.


Curaidh Chraobh Sóisear Iomána na Mí, Clann na nGael
Curaidh Chraobh Sóisear Iomána na Mí, Clann na nGael

Clann na nGael ag déanamh dul chun cinn leis an gcamán

Is bliain den scoth a bhí ann d’iománaithe Chlann na nGael sa Mhí agus Craobh Idirmheánach, Mionúr B agus Faoi-21 B an Chontae buaite acu i 2015. Ba é bua na foirne idirmheánaí an ceann is drámatúla, agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Wolfe Tones i ndiaidh athimeartha.

Bhí an t-am caite nuair a d’aimsigh siad an pointe chun comhscór a bhaint amach sa chéad chluiche ach ba mhó fós an gaisce a rinne siad san athimirt nuair a scóráil siad dhá chúl sa chúpla nóimeád deireanach chun an chraobh a sciobadh ó Wolfe Tones.

Ní iománaithe an chumainn amháin a bhí ag ceiliúradh in 2015 agus Craobh Sóisear D na Mí buaite ag peileadóirí Chlann na nGael ag deireadh mhí Lúnasa.

Fág freagra ar 'Súil siar ar ghaiscí na bhfoirne Gaeltachta in 2015'