Cuirfear tús anocht le sraith nua cartlainne ar TG4 ina mbreathnófar siar ar chraoltóireacht na Gaeilge ó theacht na teilifíse go teacht TG4 os cionn 20 bliain ó shin.
Is é an craoltóir Micheál Ó Sé as Ard na Caithne i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bheidh i mbun reacaireachta ar an gclár nua Ar an Aer. Rinne an comhlacht Sibéal Teo, atá lonnaithe sa Daingean, an clár, atá á chraoladh mar chuid de chomóradh 20 bliain TG4.
“Is súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta roimh theacht TG4 atá ann, nuair a bhí an tuairisciú sin á dhéanamh ar stáisiúin eile. Tá muid ag breathnú ar céard a bhí ag tarlú sa Ghaeltacht agus cén saghas tuairisciú a bhí á dhéanamh air.
“Craolfar ocht gclár thar dhá mhí agus beidh téamaí éagsúla ag baint le gach clár. Ar chlár na hoíche anocht, cuir i gcás, ‘Teacht agus Imeacht’ an téama a bheidh leis agus beidh muid ag plé le daoine a d’imigh ar imirce ón nGaeltacht go háiteanna eile — muintir Chonamara i Boston sna 80idí agus muintir Chiarraí i Londain sna 70idí agus araile,” a dúirt Niamh Ní Bhaoill, léiritheoir na sraithe le Tuairisc.ie.
Beidh míreanna nuachta agus míreanna as cláir Ghaeilge eile a craoladh i gcaitheamh na mblianta ó tosaíodh ar an gcraoladh teilifíse in Éirinn ar dtús os cionn 50 bliain ó shin le feiceáil ar an gclár agus na scéalta á sníomh le chéile ag Ó Sé.
Dúirt Ní Bhaoill le Tuairisc.ie go mbeidh idir scéalta áthais agus scéalta bróin le feiceáil le linn na sraithe, agus thagair sí do dhá scéal a bheidh ar chlár na hoíche anocht.
“Beidh mír ann faoin eastát tionsclaíochta i nGaoth Dobhair a tógadh sna 1970idí. Bhí go leor d’aos óg an cheantair imithe ar imirce go hAlbain agus tíortha eile an t-am sin, ach mheall an t-eastát nua abhaile iad agus thug siad leo a gclann. Bhí rath ar na scoileanna agus daoine óga sa cheantar arís. Tá agallamh sa mhír sin le cailín óg a rugadh i Nua-Eabhrac ach a tháinig ar ais go Gaoth Dobhair agus Gaeilge líofa aici.
“Ar an láimh eile, tá scéal ann faoi bhean as Maigh Eo a mbíodh a fear céile ag obair i Sasana ar feadh na bliana agus a chaitheadh aimsir na Nollag léi sula n-imíodh sé arís. Bhí deichniúr clainne orthu agus an uile dhuine acu sin ar imirce i Sasana freisin,” a dúirt sí.
Beidh an tsraith Ar An Aer le feiceáil ar TG4 gach Céadaoin as seo go ceann dhá mhí.
Beidh dhá shraith eile ó Shibéal Teo le feiceáil ar TG4 sna seachtainí amach romhainn freisin – sraith nua Béaloideas Beo agus sraith nua Sé Mo Laoch.
Pléifear nósanna agus piseoga an adhlactha, na n-éan, an phortaigh agus an t-iliomad ábhar eile sa tríú sraith seo den chlár béaloidis agus seanchais a bheidh á chraoladh idir seo agus mí Aibreáin, agus beidh leithéidí Mary Bergin, Seán Keane, Ann Mulqueen agus Antóin Mac Gabhann faoi chaibidil ar Sé Mo Laoch.
Kevin Hickey
D’éisteoinn leis go headartha bó; ag tnúth go mór leis.