Súil siar ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar TG4 an deireadh seachtaine seo

Tá na buaicphointí ó cheithre Chomórtas Peile na Gaeltachta le craoladh ar TG4 Dé Domhnaigh agus Dé Luain

Súil siar ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar TG4 an deireadh seachtaine seo

Cé nach mbeidh na sluaite i gConamara do Chomórtas Peile na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo, beidh blaiseadh den fhéile pheile le feiceáil ar TG4 deireadh seachtaine seo na Cincíse.

Cuireadh Comórtas Peile na Gaeltachta 2020, a bhí le bheith i Leitir Móir i mbliana, ar ceal de bharr an choróinvíris ach beidh na buaicphointí ó cheithre Chomórtas á gcraoladh ar TG4 Dé Domhnaigh agus Dé Luain.

Tráthnóna Dé Domhnaigh, taispeánfar an t-aicsean is fearr ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 1996 a reáchtáladh i mBaile Bhuirne.

Ansin, Dé Luain, gheobhaimid súil siar at thrí cinn eile de Chomórtais, 1997 ar an gCeathrú Rua, 1998 ar an bhFál Carrach agus 1999 sa Rinn.

Cé go gcaithfidh siad fanacht bliain eile sula mbeidh deis acu Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil, beidh Naomh Anna, Leitir Móir, fós i lár an aonaigh ar TG4 tráthnóna Dé Luain nuair a chraolfar clár speisialta, Naomh Anna – Ár gClub.

Bhí an cumann seo faoi chaibidil sa tsraith Ár gClub a craoladh níos luaithe i mbliana agus tabharfaidh an clár nua léargas arís ar an bpobal, na teaghlaigh agus na heachtraí a raibh baint acu leis an gcumann le linn 2019.

Dé Domhnaigh 31 Bealtaine

5.10in   Comórtas Peile 1996 – Súil Siar

Dé Luain 1 Meitheamh

3.25in   Comórtas Peile 1997 – Súil Siar

4.25in   Comórtas Peile 1998 – Súil Siar

5.25in   Comórtas Peile 1999 – Súil Siar

6.25in    Naomh Anna – Ár gClub

Fág freagra ar 'Súil siar ar Chomórtas Peile na Gaeltachta ar TG4 an deireadh seachtaine seo'