Súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Agus lá breise de chluichí ar siúl an deireadh seachtaine seo, imríodh roinnt cluichí tábhachtacha i ngach cearn den tír, agus bhí cuid d'fhoirne Gaeltachta níos rathúla ná a chéile i gcomórtais chraoibhe agus sraithe

Gereal view hurling INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Maigh Cuilinn agus an Spidéal ag treabhadh leo ach mí-ádh ar na Breathnaigh

Bhain iománaithe Mhaigh Cuilinn áit amach i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo le bua maith i gcoinne Áth Eascrach-Fothaine ar an Satharn. Bhí cúig phointe le spáráil acu, 1-15 in aghaidh 1-10 agus ciallaíonn an bua go bhfuil ardú céime bainte amach acu go dtí Craobh Sinsear B na Gaillimhe, grád nua a thiocfaidh ar an saol i 2016.

Dea-scéal a bhí ag Maigh Cuilinn chomh maith an deireadh seachtaine seo nuair a bhuaigh mná an chumainn Craobh Sóisear Chonnacht. Rinne siad slad ar Phiarsaigh Ros Comáin sa chluiche ceannais, 6-14 in aghaidh 1-7.

Sa Chraobh Sóisear 1, bhí mí-ádh ar fhoireann Mhicheál Breathnach Dé Luain agus iad ag cailliúint in am breise sa chluiche ceannais i gcoinne Shaighleáin, 0-18 in aghaidh 1-11. Níorbh fhéidir na foirne a scaradh sa chéad 60 nóiméad den chluiche, ach chuir Saighleán bearna idir iad féin agus an fhoireann Ghaeltachta sa chéad leath d’am breise agus níorbh fhéidir leis na Breathnaigh teacht ar ais. Chaill peileadóirí Sóisear C an chumainn Craobh Iarthar na Gaillimhe chomh maith ag an deireadh seachtaine agus iad buailte ag an gClochán, 1-13 in aghaidh 2-6.

Inné chomh maith, cháiligh An Spidéal d’áit i gcluiche leathcheannais na Craoibhe Sóisear A le bua ocht bpointe, 1-16 in aghaidh 0-11, i gcoinne Ghort Inse Guaire.

Conor Geaney, a scóráil cic éirice i mbua an Daingin an deireadh seachtaine seo. INPHO/Ryan Byrne
Conor Geaney, a scóráil cic éirice i mbua an Daingin an deireadh seachtaine seo. INPHO/Ryan Byrne

Craobh Mionúr an Chontae fós á chosaint ag an Daingean

Tar éis dóibh an comórtas a bhuachan anuraidh, cháiligh mionúir an Daingin arís do chluiche ceannais Chraobh an Chontae le bua slachtmhar in aghaidh Fhánaithe na Sionainne, 2-10 i gcoinne 1-7. Ba é cúl an Daingin, a scóráil Mark Ashe, a scair na foirne ag leath ama, 1-4 in aghaidh 0-4. Mhéadaigh an Daingean an bhearna sin sa dara leath agus nuair a scóráil Conor Geaney cic éirice gan ach ceathrú uaire fágtha, ní raibh aon cheist ach go mbeadh a fhoireann ar ais sa chluiche ceannais, cluiche ina dtabharfaidh siad aghaidh ar Chiarraí Lár.

I gCraobh Sinsear Chiarraí Thiar, casfaidh an Ghaeltacht agus Abhainn an Scáil ar a chéile sa chluiche ceannais tar éis dóibh teacht tríd na babhtaí leathcheannais ar an Domhnach. Bhí bua cúig phointe, 0-11 in aghaidh 0-6, ag Abhainn an Scáil ar Lios Póil ina gcluiche leathcheannais agus bhuaigh an Ghaeltacht ar Chaisleán Ghriaire, 2-10 in aghaidh 1-5, a bhuíochas do chúil na gConchúrach, Seán Mícheál agus Éanna.

INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

Réalta na Mara ar ais i nGrád na Sinsear i nDún na nGall

Imríodh cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo, mar a raibh an lá le Réalta na Mara as Bun Dobhráin i gcluiche a bhí thar a bheith aontaobhach in aghaidh Naomh Colmcille. Bheadh sé chomh maith ag duine a rá go raibh deireadh leis an gcluiche mar choimhlint ag leath ama agus Réalta na Mara 18 bpointe chun cinn, 3-10 in aghaidh 0-1. Ní i bhfeabhas a chuaigh cúrsaí do Naomh Colmcille ina dhiaidh sin, iad ag cailleadh 4-17 i gcoinne 0-4 ar deireadh.

Lá i ndiaidh dóibh casadh ar a chéile i gcluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta, bhí Cill Chartha agus Naomh Conaill ar ais ag imirt a chéile in Ard an Rátha, i gCraobh Faoi-21 A an chontae an uair seo.

Ba le Cill Chartha a bhí an lá, iad ag gnóthachtáil 0-15 in aghaidh 2-5 chun áit a bhaint amach sa bhabhta leathcheannais. Tá curaidh na bliana seo caite, Naomh Adhamhnáin fós sa chomórtas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an Tearmann, 1-16 in aghaidh 1-5 inné, an lá céanna gur bhain Aodh Ruadh áit amach sa bhabhta leathcheannais tar éis bua slachtmhar, 1-19 in aghaidh 1-11, i gcoinne an Chlocháin Léith.

INPHO/Andrew Paton
INPHO/Andrew Paton

Foirne Mhúscraí sáraithe i gcluichí ceannais na sraithe

Thug Naomh Abán aghaidh ar Bhaile an Chollaigh ar an Aoine i gcluiche ceannais ‘Sraith 2’ agus cé go raibh na foirne ar comhscór ag leath ama, ba iad Baile an Chollaigh a bhí níos láidre sa dara leath agus an bua, 0-12 in aghaidh 1-8, acu ar deireadh. Ba é an tús a chuir na buaiteoirí leis an gcéad leath agus an dara leath go háirithe, nuair a d’éirigh leo cúpla scór as a chéile a fháil, an difríocht idir na foirne agus cé gur éirigh le Naomh Abán cúl a fháil leath bealaigh tríd an gcéad leath, ní raibh siad in ann an dara ceann a fháil chun an farasbarr sin a laghdú.

An lá dar gcionn, chas Cill na Marta ar Mhala i gcluiche ceannais Sraith 3. Bhí am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh óna chéile ach ba iad Mala a tháinig amach chun cinn sa tréimhse imeartha sin. Dhá phointe a bhí idir na foirne, 1-13 in aghaidh 1-11.

Bhí Cill na Martra dhá phointe chun cinn gan ach deich nóiméad fágtha ach rugadh orthu agus nuair nár scóráil siad ach pointe amháin sa 20 nóiméad d’am breise, tugadh an deis do Mhala corn na sraithe a thabhairt leo.

Fág freagra ar 'Súil siar ar chluichí na bhfoirne Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo'