Táid ann a ghránn The Sunday Game agus táid ann a bhfuil an ghráin acu air (nuair a cháintear a gcontae dúchais ach go háirithe). D’aontódh cách, áfach, gur cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre seo í an tsraith teilifíse seo atá ar an aer ó 1979 (Sunday Best: 40 Years of the Sunday Game, RTÉ1, Dé Céadaoin). Is deasghnáth Éireannach é bualadh fút ar an gcúits oíche Dhomhnaigh féachaint cad iad gaiscí agus conspóidí a thiocfaidh os do chomhair. Ní haon ionadh sin óir gur cuid de chreatlach shóisialta na hÉireann iad na cluichí Gaelacha. Ba í dúil mhíchuibheasach an phobail i gCLG ba chúis le tionscnamh na sraithe agus sí an dúil chéanna a chinntíonn go bhfuil rath thar na bearta uirthi go fóill.
Is éard a bhí sa chlár seo ná súil siar ar bhunú agus ar fhorás na sraithe, idir an clár oíche agus an clár beo i rith an lae a thosaigh sna hochtóidí. Meabhraíodh dúinn go raibh an tsraith ar an láthair do chuid de nóimintí móra spórt na tíre agus a chomharthaí sin ba ea an raic a tógadh in 2004 nuair a deineadh an cinneadh amaideach fáil réidh le ceol suaitheantais an chláir. Lena chois sin n’fheadar Dia ná duine an mó uair gur tharraing an tsraith conspóid uirthi féin nó gur chuir seanmóireacht, píobaireacht, áiféis agus slaiseanna an lucht anailíse drochmhianach ar an lucht féachana.
Is éard atá sa chlár seo mar sin ná súil siar ar chuid de na nóimintí agus na heachtraí sin i bhfochair lucht na sraithe: an drochíde a thug Brian Cody do Marty Morrissey, an tslais cháiliúil úd a chaith Kieran Donaghy le Joe Brolly, an cáineadh a dhein Brolly ar fhearúlacht Sheán Cavanagh agus Pat Spillane ag cur de faoi pheil na múisce.
Is maith mar a chuir Ciarán Murphy (nia leis an gcéad láithreoir Jim Carney) síos ar an tionchar míchuí gur féidir leis an gclár a imirt agus é, geall leis, ina chuid neamhfhoirmiúil de chóras smachta CLG. Tuigeann Paul Galvin agus Diarmaid Connolly é sin níos fearr ná mórán.
Dhein Michael Lyster, fear a chaith cúig bliana déag ar fhichid mar láithreoir, cur síos seoigh ar an dua a chaith sé le ceannach a chuid geansaithe agus bhain sin macalla as an neamh-mheabhair atá ar an nglúin óg faoina gcultacha péacógacha. Deir Dónal Óg Cusack le leamhgháire gur cuireadh ina leith go raibh sé ag iarraidh a ghnéasacht a chur in iúl lena chuid éadach.
Ní nach ionadh bailíodh le chéile meitheal chuidsúlach de chloigne cainte bailithe le chéile: Paul Rouse, Mícheál Ó Muircheartaigh, Liz Howard, Malachy Clerkin, Ger Loughnane, Vincent Hogan
agus Tomás Ó Sé ina measc. Bhí Statler agus Waldorf (Brolly agus Spillane) iad féin i láthair. Tá fear Chiarraí i mbun an chúraim leis na cianta cairbeacha agus é ag trácht go neamhleithscéalach ar na cairdis a mhill an anailís. Brolly ag maíomh gur éirigh leis an gclár uchtach a thabhairt do na Gaeil ó thuaidh.
Deineadh an clár seo sula bhfuarthas réidh le Brolly, ní foláir.
Níor tháinig aon ní úrnua chun solais sa chlár seo ach súil siar agus léargas taitneamhach a bhí ann ar shraith atá neadaithe i gcultúr na hÉireann.
Fág freagra ar 'Súil siar ar bhunú agus ar fhorás The Sunday Game'